Anois ar theacht na filiochta

Beocheist: Nuair a thagann solas geal lonrach isteach trí na fuinneoga ar chúl an tí tar éis sprais báistí an t-am seo bliana…

Beocheist: Nuair a thagann solas geal lonrach isteach trí na fuinneoga ar chúl an tí tar éis sprais báistí an t-am seo bliana tugann sé leis cuimhní searbh-mhilis atá fite fuaite le dánta an earraigh.

Daltaí meánscoile ag fanacht leis an múinteoir i mbun díospóireachta faoi thosach an tséasúir.

Lucht na Ceiltise ag seasamh le Lá 'le Bríde ar an 1ú Feabhra agus lucht na heolaíochta go diongbháilte ar son Leathach an Earraigh seacht seachtainí ina dhiaidh sin ar an 21ú Márta, agus dream eile fós, sa lár mar a déarfá, ag cloí leis an 1ú Márta.

Thart faoin am a bhí cúrsaí nua ag teacht isteach don Teastas Sóisireach is ea thosaigh mise ag múineadh scoile. Bheadh cead anois ag múinteoirí Gaeilge agus Béarla a dtéacsanna féin a roghnú.

READ MORE

Léachtóir ar chúrsa an 'Dip' a bhí tugtha don dealbh-bhriseadh - saothair a bhain go díreach le saol na ndaltaí an 'mantra' a bhí aige agus rud eile gan an fhilíocht, mar shampla, a dhéanamh ar an lá céanna gach uile sheachtain.

Agus an méid sin ráite aige d'airíos féin go mba mhó an tairbhe, agus cá bhfios cén taitneamh, a bhaineadh na daltaí as na clasaicí agus is ar an Luan a léimís an fhilíocht. Ba mhór an spraoi é.

Taobh istigh de na teoranna seo bhí spás fós don íoróin agus, mar shampla, dánta an earraigh á léamh againn san earrach mar bhí a ndóthain tuisceana ag na daltaí go bhfacadar go mba chiotrúnta an rud é neamhaird a dhéanamh de na séasúir.

Mar a deir Keats (1795-1821) ina dhán fómhair Where are the songs of Spring? Ay, where are they?

Níl an oiread sin acu sa Ghaeilge. An t-amhrán Cill Aodáin le hAntaine Ó Reachtúra (1784-1835) a chantar go coitianta leis an earrach a chur in iúl: "Anois teacht an earraigh beidh an lá dul chun síneadh, 'S tar éis na Féil' Bríde ardód mo sheol..." sin a bhfuil den earrach sa chéad dá véarsa.

Bailte agus contae Mhaigh Eo féin is mó atá ann agus maidir le "Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann - Tá sméara 's sú chraobh ann..." ach nach iad sin torthaí an fhómhair?

Ceantar seachas séasúr ábhar an dáin.

Is minic an dán dúlra sa Ghaeilge, fiú liric ar nós An t-Earrach Thiar le Máirtín Ó Direáin (1910-1988), bheith préamhaithe in áit faoi leith.

Tugann cuid de dhánta dúlra an Bhéarla i dtreo eile muid. Téama coitianta is ea na séasúir mar mheafar d'aoiseanna an duine.

Déantar ceangal in To Daffodils le Herrick (1591-1674) agus Loveliest of Trees le Housemann (1859-1936), dhá dhán earrach, idir imeacht na séasúr agus giorracht an tsaoil:

"And since to look at things in bloom/Fifty springs are little room, About the woodland I will go/To see the cherry hung with snow" agus "Fair Daffodils, we weep to see/You fade away so soon;/As yet the early-rising sun/Has not attained its noon...We have short time to stay as you,/We have as short a spring;/As quick a growth to meet decay/as you or any thing."

Is iontach agus is álainn an cur síos ar bhorradh an earraigh atá i Spring le Hopkins (1844-1889): "When weeds, in wheels, shoot long and lovely and lush;"

Tá an mháistreacht chéanna ag Merriman (1749-1805) ar an uaim in Cúirt an Mheáin Oíche, áit a seasann línte tosaigh an dáin, roimh an tromluí, leo féin mar dhán dúlra, rómánsach.

Féach na cosúlachtaí seo idir é agus The Daffodils le Wordsworth (1770-1850):

"Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na habhainn" agus "I wandered lonely as a cloud...Beside the lake, beneath the trees.";

"Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile" agus "Tossing their heads in sprightly dance";

"Ghealfadh an croí bheadh críon le cianta" agus "And then my heart with pleasure fills" agus tá tuilleadh acu ann.

Agus an chuimhne shearbh-mhilis a thagann chugam "in vacant or in pensive mood"? Tráthnóna nuair ba léir go raibh deireadh tagtha le teannas a mhair seachtainí idir mé agus rang 1B:

"An ghriain ag taitneamh i ndiaidh na fearthainne,

'S fialacht earraigh mar aon léi."

Ní hé An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn a bhí á scríobh agam ar an gclár dubh an lá sin ach The Daffodils.

Dá gcuirfinn fuaim raon leis an radharc seo is éard a bheadh ann an ghluaiseacht dheireanach de Shiansa Tréadach Beethoven (1770-1827), Paidir Buíochais an Aoire tar éis na Stoirme.