Anocht fm le tosu De Luain

Is ar oíche Luain a chuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta tús lena seirbhís nua óige, Anocht fm

Is ar oíche Luain a chuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta tús lena seirbhís nua óige, Anocht fm. Idir 9pm agus 1am seacht n-oíche na seachtaine, craolfaidh an stáisiún sraith clár atá dírithe ar dhaoine óga agus cláir ina mbeidh cead ag láithreoirí liricí Béarla a úsáid.

Dúirt leascheannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin: "Má tá muid dáiríre faoi fhreastal a dhéanamh ar an óige, ní féidir neamhshuim a dhéanamh den cheol a n-éisteann siad leis. D'éist muid go cúramach leis an méid a bhí le rá ag daoine óga agus seo é toradh na hoibre sin."

Is iad Rónán Mac Aodha Bhuí, Cian Ó Cíobháin, Ben Ó Faoláin, Áine Hensey agus John Spillane a bheidh ag cur na gclár úr i láthair. Beidh rogha mhór cheoil i gceist: idir The Frames, Franz Ferdinand, Paul Brady agus Nancy Griffith. Tá RnaG ar lorg moltaí don chéad amhrán a chasfar ar an tseirbhís nua. Tig leat amhrán a mholadh ach téacs a chur go anochtfm@rte.ie