Anocht fm bliain ar an aer

Tá seirbhís óige Raidió na Gaeltachta, Anocht fm, bliain ar an aer ó bhí oíche aréir ann

Tá seirbhís óige Raidió na Gaeltachta, Anocht fm, bliain ar an aer ó bhí oíche aréir ann. Tharla fosta go raibh An Taobh Tuathail seacht mbliana beo Lá Bealtaine.

Ba é An Taobh Tuathail ceann de na hiarrachtaí ba luaithe a rinne RnaG freastal ar mhargadh na hóige. Tá cláir eile Anocht fm - Géill Slí, An Ghealach Ghorm, Rogha John Spillane - uilig ag ceiliúradh bliana ar an aer fosta agus, de réir shuirbhé TNS/MRBI, greim acu ar shamhlaíocht na hóige.

Dúirt ceannaire RnaG, Edel Ní Cuirreáin go raibh "gaisce" déanta ag Anocht fm agus go raibh "an-éileamh ag daoine idir 15-24 bliain d'aois ar an gcineál soláthair seo.

I bhfianaise na dtorthaí seo caithfear a rá gur cinneadh céillí stuama a bhí ann breis freastail a chur ar fáil sa réimse seo.Tá figiúirí Géill Slí fíorard i gcomhthéacs thar a bheith iomaíoch agus tá ardú suntasach ar ár lucht éisteachta ag an tráth sin den oíche a bhuíochas d'Anocht fm."