Aniar aduaidh a tháinig Telefís Éireann orm

BEOCHEIST: B’FHÉIDIR DÁ mbeadh a fhios agam go mbeinn ag caitheamh cuid mhór de mo shaol oibre ag plé léi amach ansin go mbeadh…

BEOCHEIST:B'FHÉIDIR DÁ mbeadh a fhios agam go mbeinn ag caitheamh cuid mhór de mo shaol oibre ag plé léi amach ansin go mbeadh suim ní ba mhó curtha agam in chéad oíche Theilifís Éireann Oíche Chinn Bhliana 1962.

Mar a bhí, agus mé i lár mo chéad bhliana san ollscoil, is dócha go raibh oíche mhaith cheiliúrtha agam, agus is ar éigean a thugas faoi deara an suaitheadh a bhí i Sráid Uí Chonaill, agus iad fós ag cur caoi ar an áit sa luathmhaidneachan is mé ar mo bhealach abhaile tríd an chathair an mhaidin sin.

Go deimhin, bhíos ar nós cuma liom maidir leis an tseirbhís nua, ó tharla nár éirigh le Gael-Linn an conradh a fháil lena cur ar fáil.

Bhí suim curtha agam sa díospóireacht phoiblí a bhí ann roimh ré, agus dóchas agam go mbeadh cló maith Gaelach ar an teilifís a thiocfadh ár mbealach go luath.

READ MORE

Níor thuigeas ag an am a bhuíoch a bheinn le súil siar an todhchaí go raibh Raidió Éireann ann in aon chor, dá lochtach í dar le daoine áirithe maidir le seirbhís i nGaeilge de.

An dua a caitheadh leis an gcultúr, agus a fheabhas a bhí a raibh de Ghaeilge ar an aer aici, ba gheall le féasta é i gcomparáid lena bhfuil (nó le nach bhfuil, ba chirte a rá) anois ar an tseirbhís shinsearach náisiúnta!

Bhí an teilifís le fáil san ardchathair le dosaen éigin bliain roimhe sin, nó níos mó.

Ba chuimhin liom, agus mé i mo stócach, muid ár mbailiú isteach i dtigh chomharsan le sneachta a fheiscint ar scáileán beag, trína bhféadfaí corr-radharc a dhéanamh amach de choróiniú Éilís II i Londain.

Ach ar nós bhreithiúnas Dublin Opinion ar an raidió blianta roimhe sin, ba é tuairim na muintire measúla ina thaobh go gcuirfeadh sé tost ar chomhrá.

Agus rinne, in go leor teaghlaigh a ghlac go fonnmhar leis.

Is ní maith an toradh a lean sin, ach scéal eile le plé é sin.

Don chuid eile den tír, nó do chuid mhaith mhór di ach go háirithe, chothaigh an tseirbhís nua comhrá nach raibh riamh roimhe ann.

Chonaic agus chuala daoine a gcuid polaiteoirí i mbun a gcuid oibre, i leaba a gcuid focal a chloisint ar nuacht an raidió, á léamh as preasráitisí.

D’admhódh éinne nach róchrua a bhí agallaimh pholaitíochta sna blianta tosaigh, ach iad bheith ann, ba réabhlóid é.

Chonaic agus chuala siad lucht tuairimíochta, ar chláracha ar nós an Late Late Show, agus a thuilleadh nach iad, agus – ba bheag ná go mba ábhar súnáis dúinn é – ar chláracha i nGaeilge!

Proinsias Mac Aonghusa, a raibh aithne raidió againn air, i mbun agallaimh le cuid de na daoine ba mhó le rá i saol na teanga, agus a dtuairimí á bhfáil aige ar mhórcheisteanna an lae, chomh maith le cúrsaí Gaeilge á bplé.

Chuir an saol Fódlach aithne úr air féin sna blianta tosaigh sin den tseirbhís teilifíse.

Agus más ar an seanraidió is túisce a thugas féin aghaidh, blianta gearra ina dhiaidh sin ba léir dom go raibh tábhacht nach beag leis an arrachtach nua a bhí ag slogadh tallainne ó cheannáras an raidió os cionn Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.

Má shlog féin, bhain Telefís Éireann úsáid mhaith astu.

Agus chothaigh sí glúin bheoga mheabhrach cheistitheach, a mbeadh ionchur aici sa tsochaí nua-fhéin-aithneach tamall nár ghearr ina dhiaidh sin.

Níorbh fhada go raibh dúshlán an tseanghnáthaimh á thabhairt ag lucht Montrose, mar ba ghearr gur baisteadh orthu.

Cibé seans a bhí ann go mbeadh “arm rialtais” sa tseirbhís nua, mar a mhaígh Seán Lemass sa Dáil, cailleadh rí-luath é nuair a shíl an rialtas ladar a chur isteach i dtiomsú agus i gcraoladh nuachta is cúrsaí reatha RTÉ, mar a bhí anois uirthi.

Agus má shíl lucht na bpinginí, lucht gnó a dtabharfaí “gaimbíní” orthu murach a ngustal, gurb acu a bheadh stiúir na teilifíse ós iad a bhí ag íoc as an bhfógraíocht uirthi, bhí a ndúshlán-san le tabhairt laistigh de dheich mbliana freisin.

Is deas liom anois a mhaíomh go raibh lámh bheag éigin agam sa leabhar a d'eascair as na haighnis sin sna luathbhlianta, Sit Down And Be Counted, mura raibh ann ach profaí á mbreith agam ón gcathair go Nás na Rí is ar ais!

Tá fás is aibiú as cuimse tagtha ar shochaí na tíre seo ó tháinig Telefís Éireann ar an saol leathchéad bliain ó shin.

Ní féidir a cheapadh gur de bharr na teilifíse a tháinig sé ar fad ann – ach is deacair a shamhlú go mbeadh sé athruithe ó bhonn mar a d’athraigh, chun maitheasa agus chun oilc ar aon, in éagmais na teilifíse.