An Tuaisceart chun tosaigh sa sceim phobail

 

D'fhógair Foras na Gaeilge "Scéim Phobail Gaeilge" ag ócáid i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus thug maoiniú €3 milliún (thar tréimhse trí bliana) do 20 togra teanga; deich gcinn sa Phoblacht agus deich gcinn i dTuaisceart Éireann.

D'ainneoin roinnt chothrom bheith ann ó thaobh líon na n-eagras thuaidh agus theas de, léiríonn figiúirí an Fhorais gur fearr an buntáiste a bhain grúpaí sa Tuaisceart as an scéim ná grúpaí sa Stát. Beidh caiteachas €1,781,985 le fáil ag eagrais sa Tuaisceart agus €1,122,113 sa Stát seo.

Má amharctar ar an chomórtas ó thaobh cúigí agus cathracha de, feictear go bhfuil Béal Feirste agus Doire go mór chun tosaigh ar mhórchathracha an Deiscirt. Fuair ceithre ionad i mBéal Feirste maoiniú os cionn €800,000 agus fuair dhá ionad i nDoire maoiniú €621,000.

Déanta na fírinne, fuair Doire níos mó ná mar a fuair Baile Átha Cliath, cathair Chorcaí agus cathair na Gaillimhe ar fad. Fuair ceithre ghrúpa i mBaile Átha Cliath €192,739; fuair grúpa amháin i gCorcaigh €200,000 agus fuair grúpa amháin i nGaillimh €138,448. Sin suim €531,187 sna trí chathair i gcomparáid le €621,000 do Dhoire amháin.

Is ábhar suntais é fosta go mbeidh ceithre oiread le caitheamh i mBéal Feirste (€812,695; daonra 300,000) ná mar a bheidh i mBaile Átha Cliath (€192,739; daonra 1.1 milliún). Is ionann na ceithre thogra i mBaile Átha Cliath agus suim iomlán na dtograí i gCúige Laighean.

Is saoithiúil gur ghearr, mar shampla, an Foras an maoiniú a bhí le fáil ag an Bhéal Binn, Bré, Co Chill Mhantáin, roimh an Nollaig. Tá bunscoileanna agus meánscoileanna Gaelacha i mBré agus chuir an togra oícheanta siamsaíochta agus cultúrtha ar fáil do phobal an cheantair. Ach d'éirigh le scéim amháin ar Mhuileann an tSiáin, sráidbhaile beag i dTír Eoghain, maoiniú €125,687 a fháil.

Cén chiall a bhaineann le deireadh a chur le fiontar Bhré agus tús a chur le scéim nua i gceantar nach bhfuil chomh forbartha ó thaobh teanga de?

Tá bearna shuntasach fosta idir na suimeanna is mó agus is lú a tugadh thuaidh agus theas. Is é an deontas don Ghaeláras i nDoire - €515,000 - an ceann is mó sa Tuaisceart agus is é an deontas do Ghaeláras Ailf Uí Mhuirí, Co Ard Mhacha, €36,111 an ceann is lú. Is é €200,000 an deontas is mó sa Deisceart agus €3,100 an ceann is lú.

Má thógann muid figiúirí na ndaonáireamh mar shlat tomhais an-gharbh ar spéis an phobail sa dá limistéar sa teanga, tá 167,000 duine sa Tuaisceart le heolas inteacht ar an Ghaeilge; tá 1.6 milliún sa Phoblacht. D'ainneoin deich n-oiread daoine sa Stát seo spéis a léiriú sa Ghaeilge, is fearr i bhfad an freastal a dhéanfar ar lucht na Gaeilge sa Tuaisceart.

De réir an Fhorais, fuair siad breis agus 80 fiosrú faoin scéim phobail; chuir 44 grúpa isteach uirthi agus d'éirigh le 20 acu sin. San iomlán, chuir 21 grúpa sa Tuaisceart isteach ar an chomórtas agus d'éirigh le deich gcinn acu sin; chuir deich ngrúpa i gCúige Laighean isteach agus d'éirigh le ceithre cinn acu sin; chuir cúig ghrúpa as Connachta isteach ar an chomórtas agus bhuaigh triúr acu sin deontas. Ocht ngrúpa as Cúige Mumhan a chuir iarratas isteach agus d'éirigh le triúr acu sin.

De réir an Fhorais, is í seo an scéim is uaillmhianaí dá gcuid ó tháinig ann dóibh mar eagras trasteorann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1999. Dúirt príomhfheidmeannach an eagrais, Seosamh Mac Donncha, go raibh an Foras ag cur tacaíocht airgid ar fáil ar bhonn eatramhach go dtí seo.

Bhí an gnás sin faoi scrúdú le dhá bhliain agus b'ionann an scéim nua agus "toradh an athbhreithnithe sin agus athrú ó bhonn ar phróiseas maoinithe thionscadail an Fhorais.

"Cé gurb é an réimse pobal an chéad réimse ina bhfuil an próiseas nua seo curtha i bhfeidhm, tá sé i gceist againn an próiseas seo a chur i bhfeidhm i réimsí eile gníomhaíochta chomh maith, na healaíona, oideachas agus i réimse na hearnála poiblí, mar shampla."

Agus an próiseas sin á shocrú, tá roinnt ceisteanna ann don chéad uair eile: an éireoidh leis an Fhoras iarratas a mhaoiniú i Sligeach, Luimneach, Áth Luain, Leitir Ceanainn, Port Láirge? Cén fáth an bhearna mhór maoinithe faoi láthair? An fearr muintir na sé chontae i mbun na bhfoirmeacha? An amhlaidh nach raibh na heagrais dheonacha sa Stát ábalta go leor lena gcás a dhéanamh nó ar tugadh an chluas bhodhar dá gcuid scéimeanna agus moltaí? An ann d'earnáil phobail sa taobh theas d'Éirinn?

Tuaisceart Éireann: Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, €354,886; Cumann Chluain Ard, Béal Feirste, €113,134; Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste, €169,449; An Droichead, Béal Feirste, €175,226; An Gaeláras, Doire, €515,130; Cumann Gaelach Chnoc na Rós, Doire, €106,022; Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Pádraig, Co an Dúin, €99,547; Gaeláras Ailf Uí Mhuirí, An Lorgain, Co Ard Mhacha, €36,111; Gaelphobal an tSratha Báin, Co Thír Eoghain, €86,793; Pobal Mhuileann an tSiáin, Co Thír Eoghain, €125,687.

Cúige Laighean: Club Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath, €3,100; Gaeilgeoirí Fhionnghlas/Chabhrach, Baile Átha Cliath, €10,000; Ionad Buail Isteach, Baile Átha Cliath, €16,650; Muintir Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, €162,989.

Cúige Chonnacht: Coiste Dúiche Mhaigh Eo, €144,553; Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, Gaillimh, €138,448; Glór (Gaeilge Locha Riach), Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe, €138,748.

Cúige Mumhan: Áras na Díge, Corcaigh, €200,000; Ciarraí Beo, Trá Lí, Co Chiarraí, €164,077; An Clár as Gaeilge, Co an Chláir, €143,548.