An Tain

Beidh daltaí idirbhliana Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin ag stáitsiú leagan nua de Táin Bó Cuailnge idir an Chéadaoin …

Beidh daltaí idirbhliana Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin ag stáitsiú leagan nua de Táin Bó Cuailnge idir an Chéadaoin 3ú agus an Satharn 6ú Bealtaine, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Is é Colm Ó Foghlú a chum an ceol don dráma agus is é atá á stiúradh. Ba é a chum an ceol álainn ar an dlúthdhiosca, Echoing. Is é seo an chéad uair do mhuintir an choláiste an halla nua a úsáid do dhráma agus tá siad ag iarraidh ar an phobal tacaíocht a thabhairt don fhiontar agus do na daltaí le go mbeidh an áit lán go doras gach oíche. Eolas: 01-2884002