An t-aos og agus Bearla RnaG

Beocheist: Is dóigh liom go bhfuil a fhios ag an saol Fódlach faoin am seo go bhfuil athruithe móra th'eis titim amach maidir…

Beocheist: Is dóigh liom go bhfuil a fhios ag an saol Fódlach faoin am seo go bhfuil athruithe móra th'eis titim amach maidir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá an stáisiún ag iarraidh seirbhís nua a chur ar fail don aos óg, Anocht FM.

Tá sé i gceist acu amhráin Bhéarla a cheadú óna naoi a chlog san oíche go dtí a haon a chlog ar maidin ón chéad lá de mhí na Bealtaine ar aghaidh.

Maidir leis an tráchtaireacht, beidh gach uile shórt fós á chraoladh trí mheán na Gaeilge. Tá RnaG ag iarraidh iad féin a athchruthú agus iarracht a dhéanamh an dream óg a mhealladh.

READ MORE

Is iad an dream a bhíonn ag éisteacht leis an stáisiún go hiondúil ná na daoine atá níos sine na 35 bliain d'aois. Is iad an dream atá bainistíocht RnaG ag iarraidh a mhealladh ná iad siúd atá faoi bhun 35 bliain d'aois; daoine nach mbíonn ag éisteacht leis an stáisiún go rialta.

Tá go leor de lucht éisteachta RnaG i gcoinne an athruithe seo. Tá RnaG ag freastal ar an ngrúpa seo faoi láthair agus iad ag déanamh jab maith de agus iad ag craoladh i nGaeilge go huile is go hiomlán.

Bíonn an dream seo ag éisteacht leis an stáisiún mar gheall go bhfuil RnaG difriúil sa gcaoi is go gcuireann siad an-bhéim ar an nGaeilge agus ar an gceol traidisiúnta.

Mar gheall air seo, tá aitheantas ar leith ag an stáisiún agus é cáiliúil ar fud na tíre.

Ar an taobh eile den scéal, tá lucht bainistíochta RnaG sách cinnte nach bhfuil suim ag formhór de dhream óg na tíre i gcláir cosúil leis An Saol ó Dheas, An Ghaoth Aniar nó Leagan Cainte, cé nach bhfuil aon rud cearr leo.

Tá siad ag iarraidh freastal ar an dream seo agus is é sin an fáth go bhfuil siad ag iarraidh seirbhís le popcheol Béarla le tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil. Ní amháin sin, tá an stáisiún an-áitiúil agus níl siad ag déanamh a ndóthain freastal orthu siúd nach as an nGaeltacht iad. Caithfidh an stáisiún rud éigin a dhéanamh chun cabhrú le daoine óga briseadh isteach sa nGaeilge agus suim a chur sa stáisiún.

Labhair mé le scór duine ó mo rang Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus d'fhiafraigh mé díobh céard a cheap siad faoin méid a thit amach. Ní éisteann formhór acu leis an stáisiún rómhinic. Dóibh siúd a éisteann leis, is leis an gceol traidisiúnta agus an nuacht is mó a éisteann siad.

Cé gur cheap duine nó beirt gur smaoineamh réalaíoch a bhí ann, ní raibh an chuid is mó den scór sásta leis an gcinneadh. Ba é a dtuairim go raibh RnaG ag bogadh i dtreo bheith ina stáisiún dátheangach, rud nach raibh siad sásta leis.

Dúirt go leor acu go raibh siad bródúil agus sásta nach raibh aon stáisiún eile ar fud an domhain a chraol ceol traidisiúnta agus a chraol cláir trí mheán na Gaeilge cosúil le RnaG; cheap siad gur cheart an difríocht seo a choinneáil.

Dúirt siad nach raibh cúpla amhrán Béarla chun iad a mhealladh chun éisteacht leis an stáisiún níos minice. Ar ndóigh, tá liricí Béarla le fail ar gach stáisiún eile in Éirinn! Dar leo, má thosaítear ag labhairt Béarla ar RnaG, d'imeodh an t-aitheantas speisialta a bhí acu cheana. Bhí cuid acu cinnte go dtosnódh an Béarla ag fáil an lámh in uachtar ar an stáisiún.

Nuair a chuimhníonn tú air, má tá siad ag craoladh amhráin Bhéarla, beidh cuid maith Béarlachais sa tráchtaireacht chomh maith. Bhí formhór díobh den bharúil gur theastaigh comhréiteach, mar shampla, cúpla clár gach uile sheachtain a bheadh dírithe ar an dream óg agus cúrsaí daoine óga a phlé.

Bhí cuid eile den tuairim gur cheart stáisiún raidió eile a bhunú a bheadh dírithe ar an dream óg go huile agus go hiomlán; seirbhís a chuirfeadh cláir dátheangacha ar fáil chomh maith le freastal orthu siúd atá lag ó thaobh na Gaeilge de. Ní drochbhealaí iad seo chun an fhadhb seo a réiteach ach an oiread.

Bunaíodh Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre trí mheán na Gaeilge agus tá sé seo déanta acu le breis agus 30 bliain. Tá ardú tagtha ar líon na n-éisteoirí le píosa mar gheall ar ardchaighdeán na gclár a chraolann siad, seirbhís an-mhaith nuachta agus ceol den scoth.

Tá an stáisiún ag dul sa treo cheart cheana féin. Níl an t-athrú seo chun daoine óga a mhealladh agus, dar le scoláirí Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ní smaoineamh réalaíoch é.