'An-suas'

Agus Cluiche Ceannais Peile na mBan idir Maigh Eo agus Muineachán á chraoladh ar TG4 Dé Domhnaigh - an-ócáid chraolacháin - chualathas…

Agus Cluiche Ceannais Peile na mBan idir Maigh Eo agus Muineachán á chraoladh ar TG4 Dé Domhnaigh - an-ócáid chraolacháin - chualathas bean de na tráchtairí á rá go raibh na foirne "an-suas don chluiche".

Níor chuala an colúnaí seo an nath sin riamh agus thuig as gur "tógtha le" nó "ar bís le" a bhí i gceist. Ón Bhéarla, "up for it" is dócha a tháinig an nath.

Ar cheart dúinn droim láimhe a thabhairt leis mar Bhéarlachas lofa nó ar chóir é a aithint mar bhéarlagair nua-aimseartha na n-óg? Tabhair faoi deara gur "an-suas" a dúradh agus ní "suas" amháin, rud a léirigh go raibh culaith Ghaelach ar an abairt.

Tá Tuarascáil an-suas do thuairimí.