An Luch Oibre i mbun na tua

CROBHINGNE: BHÍ TRÁTH ann nuair a bhí formhór an phobail sásta le saol an tua

CROBHINGNE:BHÍ TRÁTH ann nuair a bhí formhór an phobail sásta le saol an tua. Saghas idéil ann féin ba ea an feirmeoir lena chuid ba agus prátaí, agus ní bhfaighfeá deoch níos fearr sa bhialann ba ghalánta ná gruth agus meadhg féin.

Bhíodh aistí scoile le déanamh ag daoine nach bhfaca brobh féir riamh a raibh teidil orthu ar nós “Lá faoin tua”, nó “Aoibhneas an tua”. Bhí sé ginte sa stair féin, nuair a tháinig an Tua Dé Danann go hÉirinn chun na Fir Bolg a dhíbirt, nó a mhalairt sin timpeall.

Is dá réir sin gur cheart áthas a bheith ar Dev féin a mhóraigh an saol sin chomh mór, agus ní lú ná mar a choigil sé a intinn orainn. Bheadh áthas air, is deimhin, mar tá an tua timpeall orainn gach lá seaca.

Is cinnte go bhfuil an tua is géire ag an Troika nach bhfuil chomh truacánta sin i ndeireadh thiar thall. Ina choinne sin, táimid féin go maith i mbun an tua chéanna.

READ MORE

Is é oighear diachrach gránna an scéil ná gurb iad An Luch Oibre is measa ina bhun.

Tá an chuma air go bhfuil airí An Luch Oibre ag baint pléisiúir as a bheith ag cogan is ag creimeadh is ag cnaí ar shaol ábhartha is cultúir na tíre – is é sin, nuair nach bhfuil siad ag gearradh is ag teascadh is ag ciorrú le háthas.

Is fada ó shocraigh aos rialtais ná gurb é an cleas is fearr amuigh an pobal a chur in aghaidh a chéile thíos ionas go dtiocfaí slán sna huachtair thuas.

Is chuige sin an earnáil shantach a chur in aghaidh na hearnála seirbhíse, iad siúd a íocann cáin a ghríosadh i gcoinne mhuintir an dóil.

Léiriú follasach air sin ba ea an ghairm scoile a chuir an tAire Gearrtha agus Gearán amach tá tamall ó shin, ag iarraidh ar an bpobal cad iad na háiteanna inar chóra an tua a luascadh, an siosúr a ghéarú, nó an corrán féin a chur ag slaiseáil.

Ní cúrsaí iontais é gur thit sé ar na nithe ba shuaraí istigh. Nárbh fholáir do mhúinteoirí íoc as a gcuid asal a phárcáil i gclós na scoile feasta; gan liúntas a íoc le Gardaí amuigh ar na hoileáin; gan ghliú a chur ar stampaí oifigiúla as seo suas.

Tháinig an bheagintinn agus an chúlaigne agus an bréantas meabhrach amach in airde láin. Tá na gáirí le cloisint ar fud na mbanc agus tá an lárionad seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta ar crith le teann ábhachta agus magaidh.

Is suaill más gá taitneamh airí an Luch Oibre a lua. Bhí tráth ann nuair a thug siad dílseacht don chasúr agus don chorrán, ach is iad an tua agus an speal agus an spréghunna agus an motharghunna is ansa leo anois.

Rinne eolaí aitheanta éigin suirbhé le déanaí a chruthaigh go raibh an straois ar aghaidh Bhreandáin Uí Úillín Óir i bhfad níos leithne anois seachas mar a bhíodh agus é ar bhinsí an fhreasúra.

Ba chuma dá dtitfeadh an tua go tútach nó go tuathalach, ach is iad na daoine céanna a mbaintear an punt feola díobh an t-am go léir.

Fad is atá cóip na sráide agus an ghramaisc thíos ag troid faoin easair fholamh, tá an dream lasnairde ag rince leo go meidhreach ar leaca an tí mhóir. Cothaítear an t-aighneas i measc an daoscair ar an raidió, ar an teilifís, ar na nuachtáin.

Bean na haon bhó ag caitheamh anuas ar neach an ghabhair bháin; an té a aithníonn an difear idir pingin agus dhá phingin ag cur a lucht aitheantais in áit na leathcheinte.

Má shúitear isteach i lúb na hargóna seo choíche tú, ní fearr rud leis duit ná an t-aon fhreagra amháin.

Bhuel, b’fhéidir go bhfuil cúpla ceann eile ann a bhaineann led chuid doirne, ach níl cead againn iad sin a mholadh.

Is é freagra é, tar éis anála fada, agus bior do mheabhrach a leagadh air, ná focail a bhfuil 60 billiún, nó b’fhéidir, 70 billiún, nó b’fhéidir 80 billiún istigh ina lár.

Mar go fiú is dá mbainfí na tuarastail mhóra anuas den chúpla státseirbhíseach atá á bhfáil, dá ndéanfaí pá gach múinteora sa tír a ghearradh ina dhá leath, an liúntas leanaí a bhaint de gach páiste idir bhocht agus nocht, stáisiúin na ngardaí a dhúnadh ar fud na bhfud, gach leabharlann a dhó go talamh, arán agus uisce a thabhairt do na banaltraí mar chothú, ní mún dreoilín san fharraige a bheadh iontu arna gcur le chéile suas is anuas leis na billiúin atá á ndáileadh againn ar na bainc mhóra ramhra ataithe.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh an pobal ag triall ar na bailte móra. Is róbhaol go bhfuil na bailte móra faoin tua anois.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar