An leithscéal gan aiféala ar bith

Rómhinic a thugtar an leithscéal nach bhfuil aithreachas le sonrú ann, wites POILIN NI CHIARAIN

Rómhinic a thugtar an leithscéal nach bhfuil aithreachas le sonrú ann, wites POILIN NI CHIARAIN

Céard is brí le gabh mo leithscéal ? Nó fiú le tá brón orm – tá aiféala orm?

An ndéanann sé maith don té lena ndeirtear é? Nó an ar mhaithe linn féin a ghabhaimid leithscéal?

An seift é an leithscéal polaitiúil nó beart ionraic ? I gcás na bparaimíleatach agus a gcuid uafáis ar sop in áit na scuaibe é, bealach chun cruacheisteanna a sheachaint?

READ MORE

Tá leithscéalta go mór i mbéal an phobail tar éis ráiteas Gerry Adams sa Dáil faoi mharú an Gharda Jerry McCabe agus baill eile de “fhórsaí an Stáit” sa Phoblacht.

Ráiteas soiniciúil gan dabht ach nach fabht nó easnamh sa chur chuige faoi na Trioblóidí a ligeann do dhaoine leas a bhaint as a leithéid de sheift?

Tharraing a ráiteas conspóid i dTuaisceart Éireann mar ar ghoill sé go mór ar ghaolta chomhaltaí den RUC go raibh Sinn Féin ag déanamh idirdhealú idir marú ghardaí agus phóilíní. Cothaíodh liodáin de cheisteanna.

Comhtharlúint is ea é ach bhí íobartach a d’fhulaing i gceann d’uafáis mhóra na dTrioblóidí ag déileáil go poiblí le gairid le hiarmhairt na heachtra agus ceist an leithscéil nó aithreachais.

“Dúirt sé go raibh “brón” air ach níor chuir sé ina luí orm go raibh sé lán dáiríre. Cúig nóiméad déag i Liombó a bhí ann dom.”

Sin mar a chuir an t-iriseoir John McGurk ón Sunday Life síos ar an gcuairt a thug sé ar an bhfear a dhúnmharaigh a mháthair, a dheirfiúr, a uncail agus dáréag eile.

Tharla an sléacht nuair a rinne an UVF ionsaí pléisce ar theach tábhairne McGurk i mBéal Feirste i 1971.

Dhá bhliain ó shin a thug John McGurk cuairt ar Robert James Campbell nó Jimmy mar ab fhearr aithne air.

Scríobh sé tuairisc ar a gcomhrá ag an am ach bhí sé ag scríobh faoi arís Dé Domhnaigh seo thart mar go bhfuair Campbell bás le gairid.

Bhí eolas agus gníomh á iarraidh ag McGurk ó Jimmy Campbell, an t-aon duine a ciontaíodh as an mbuamáil. Gearradh príosún saoil air as 16 duine a mharú; rinne sé téarma 15 bliain.

Dhiúltaigh Campbell eolas ar bith a thabhairt faoin eachtra ná faoin gceathrar eile a bhí sa bhuíon ón UVF.

Dhiúltaigh sé freisin bualadh le gaolta na ndaoine eile a maraíodh ná le muintir an 17 duine a gortaíodh.

Ní raibh sé sásta comhoibriú le fiosrú Ombudsman na bPóilíní faoin uafás ná leis an HET, an fhoireann a fhiosraíonn eachtraí stairiúla.

Cheap McGurk go mb’fhéidir, dá mbuailfidís le chéile, go mbeadh sé in ann a áiteamh ar Campbell gur cheart dó an t-eolas a sholáthar agus cuidiú leis na fiosraithe. Ní raibh.

Dúirt Campbell arís agus arís go raibh brón air. Dúirt sé gur chuir an eachtra déistin air. Ach ní ainmneodh sé an chuid eile den bhuíon (cé go raibh siad uilig thar éis bháis, deirtear). Níor léir céard ba chúis leis an diúltú – dílseacht don UVF nó faitíos.

Is furasta a thuiscint nach bhfuair McGurk faoiseamh ar bith ón gcomhrá – gur airigh sé gur i Liombó a bhí sé.

Ní raibh fuath aige do Campbell ach ba leir óna thuairisc nár chabhair dó an leithscéal.

Caol sheans go ndearna leithscéal Gerry Adams mórán difríochta d’Anne McCabe agus a clann, don nGarda Ben O’Sullivan, do mhuintir an Gharda Gary Sheehan ná do chlann an tsaighdiúra Patrick Kelly.

Cinnte, is fearr an leithscéal ná a mhalairt ach ní fhéadfadh éinne a rá go raibh sé tráthúil nó gur deineadh go pras é.

Ar ndóigh, níor mhór do cheannaire Shinn Féin labhairt faoi mharú an Gharda Adrian Donohoe agus ní fhéadfadh sé an t-uafás sin a cháineadh ’s é ina thost faoina mhacasamhail de mharuithe a rinne an tIRA.

Níorbh aon obair leathuaire é an leithscéal áfach; bhí pleanáil taobh thiar de.

Bhí an ráiteas dréachtaithe go fíorchúramach, teibíocht in áit nithiúlacht, aiféala teoranta don Deisceart agus gan soiléire ar bith faoi cé ar a shon a raibh ceannaire Shinn Féin ag gabháil leithscéil.

Bhain sé gaoth as seolta na bpáirtithe eile sa Dáil tamall, áfach.

Sé bliana déag ó d’éiligh Anne McCabe aithreachas fuair sí leithscéal nuair ba ghá do Shinn Féin a dhéanamh. Ar mhaithe leis an bhfiontar polaitíochta.

Comhtharlúint eile ab ea é gur sa tseachtain chéanna a d’fhógair Binse fiosraithe Smithwick gur dhiúltaigh iarbhaill den IRA fianaise a thabhairt ag éisteachtaí.

Ach an oiread le fear an UVF a dhiúltaigh eolas faoi bhuamáil thábhairne McGurk seans go bhfuil daoine á gcosaint féin ó chúisimh agus ag cloí le rialacha rúndachta na bparaimíleatach.

Seans freisin gur mar sin a bheas muna bhfaightear múnla éigin chun glas an omerta a scaoileadh.

Is iomaí iarracht atá déanta le 14 bliain anuas chun bealach a aimsiú le déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Liosta le háireamh iad na toscaireachtaí a chuaigh thar lear chun staidéar a dhéanamh ar choimisiúin iarchoinbhliochta.

Sa mullach air sin rinne Coiste Eames/Bradley obair mhór ach tugadh an t-eiteachas as éadan dá gcuid moltaí mar go raibh ceann amháin conspóideach.

B’fhéidir nach bhfuil múnla le fáil mar nach n-inseodh gach dream an fhírinne; muna bhfuil, is baolach nach mbeidh againn ach leithscéalta.