An leas poiblí

 

CROBHINGNE:NUAIR A d’éag an Tíogar Ceilteach agus nuair gurbh éigean do mhúinteoirí scoile teideal aistí eile a tharraingt chucu féin, níorbh iad amháin a bhí san fhaopach.

Ós rud é nach raibh a fhios ag formhór an aosa eacnamaíochta go raibh an puisín sin ag teacht nó ag imeacht ba dhóigh leat go mbeadh umhlaíocht éigin foghlamtha acu agus go mbeadh siad tamall ina dtost. Ní mar sin dóibh, áfach, ach iad chomh lán de lán is a bhí riamh agus gach re plean á leagadh go néata ar an gclár poiblí acu. Tá an t-aer poiblí ramhar le scéimeanna straitéiseacha (mar cad is fiú scéim mura bhfuil straitéiseach mar eireaball aici?), agus gach saoi go docht ar chláir chabaireachta go fileata ag tarraingt uisce fliuch go dtína muilte meilte féin.

Is é is soiléire, áfach, ná gur ag súgradh timpeall ar na himill atá siad ar fad. Tá an greimlín greamaitheach amuigh agus an seilleótéip nuair is gá. Pé rud is bun an angair ann, ní ghabhtar ina ghaobhar. Pé rud is leas dílsithe ann is acu atá sé. Pé rud é athrú ó bhonn tá eagla dul ina aice.

I measc na moltaí is lú díobháil agus is mó amaidí tá athruithe saonta áirithe ar an gcóras polaitíochta. Tá ráite gur cheart i bhfad níos mó airgid a thabhairt mar thuarastal do na teachtaí dála mar is amhlaidh go meallfadh sin na daoine is fearr ábaltacht. Seo é an seanphrionsabal má íocann tú piseanna talún gur moncaithe a gheobhaidh tú.

Ach mar is eol dúinn, ní piseanna talún a íocamar leis an aos airgid ar fad, agus ní moncaithe amháin a fuaireamar ach ápaí agus simpeansaithe agus babúin agus goraillí agus orangútangachaí chomh maith céanna. Is dócha gur féidir an argóint sin a chur sa chiseán bruscair fara polasaithe na neoliobrálach ar fad, nach raibh nua ná liobrálach mar a tharla.

Ach cad faoi bhóthar eile a thriail ar fad? In ionad níos mó a íoc leo, cad faoi níos lú? Agus ní hé an meántuarastal tionsclaíoch ach oiread atá i gceist agam, ach níos lú ná sin arís. Is é sin le rá, is mó sin polaiteoir a mhaíonn go hard gurb é an leas coiteann is ansa leis agus gurb í an tseirbhís don phobal an t-aon chúis amháin gur chuaigh sé nó sí leis an bpolaitíocht. Is cinnte nach dtoghfaí duine ar bith dá mba rud é go ndúirt go raibh sé ag seasamh don Dáil ar son na gcostas taistil agus na mbreiseanna agus na mbreabanna agus na gclúdach donn luchtaithe agus na mbéilí fada fíonfhliucha. Is maith linn ligean orainn go bhfuil idéal beag éigin fanta i bpróca práis éigin in aice an dorais amuigh.

Ach cad ina thaobh nach dtabharfaí a ndúshlán? Más é an leas poiblí an aidhm atá acu, bíodh sé mar sin, agus socraítear an scéal ionas nach bhféadfadh polaiteoir brabús ná maitheas ná sochar pearsanta ar bith, ar chor ar bith, in aon chor a bhaint as an gcóras.

Dá réir sin, tugtar níos lú airgid dóibh ná mar atá á fháil ag an ngnáthdhuine, ní mar phionós, ná ceacht, ná go bhfeicfeadh siad an saol mar a fheiceann na cosa é, ach chun a gcuid focal féin a fhíorú, chun a gcuid geallúintí féin a chomhlíonadh.

Láithreach bonn baill tá duine ag pocléimnigh ina sheasamh agus ag glamairt go hard go bhfágfaí an pholaitíocht faoi na daoine saibhre amháin faoi shocrú mar sin, gur ag na daoine a bhfuil teacht isteach príobháideach acu a bheadh an lá.

Is é is iontaí faoin dlí ná gur féidir é a athrú. B’fhurasta a shocrú go mbeadh bac agus teir agus cosc iomlán ar aon mhaoin eile a úsáid i leataoibh ón airgead stáit a bheadh le gnóthú le linn na tréimhse a mbeadh duine ina theachta dála. Reofaí a chuid maoine i gciste láir a d’fhéadfaí a úsáid chun críche coitinne, agus leáfaí arís an mhaoin sin nuair a d’fhágfadh an duine an saol poiblí.

Ar eagla go gceaptar go bhfuil sin ródhian, bheadh cúpla peirc fós fágtha. Ba cheart go bhfaigheadh gach teachta dála pas saorthaistil ar an gcóras poiblí óna bhaile féin go dtí Sráid Laighean, agus dearbháin bhia go réasúnta. Sa tslí sin, ní bheadh aon chostas ar, ach ní bheadh costas taistil le fáil ach oiread. Cuirtear brú nó ósta nó iostas saor in aisce ar fáil gar do Dháil Éireann ina bhfaigheadh gach duine bheith istigh na hoíche. Fara a bheith cothrom do chách, shimpleodh sin an útamáil a bhaineann le costais, agus ceann de bhunphrionsabail an riaracháin is ea an tsimplíocht.

Níor cheart go mbeadh aon chur ina choinne sin, mar is iad an leas poiblí agus an tseirbhís don phobal a chomáineann ár gcuid polaiteoirí. Nach iad?