'An deis is fearr leis an Ghaeilge a thabhairt slán' - Carey

THUG AN tAire nua Gaeltachta, Pat Carey, a chéad chuairt oifigiúil ar an Ghaeltacht i gConamara Dé Luain agus chuir sé béim ar…

THUG AN tAire nua Gaeltachta, Pat Carey, a chéad chuairt oifigiúil ar an Ghaeltacht i gConamara Dé Luain agus chuir sé béim ar thábhacht Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Dúirt Carey leis an cholún seo nárbh “fhéidir luach a chur ar thábhacht na Gaeltachta. Tá sláinte agus stádas na teanga ar fud na tíre ag brath cuid mhór ar inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Ag an am céanna má bhíonn borradh faoin nGaeilge ar fud na tíre beidh an teanga níos fearr as sa Ghaeltacht.

“Tá an dá rud fite fuaite le chéile agus tá an dá rud ag brath ar a chéile. Tugann an Ghaeltacht údarás don straitéis agus don phleanáil teanga mar is ann atá an Ghaeilge fós in úsáid mar theanga bheo phobail. Is linn ar fad an Ghaeilge, is í an teanga náisiúnta í, ach is í an Ghaeltacht tobar na teanga i gcónaí agus tabharfaidh an straitéis aitheantas dó sin.”

Dúirt sé gurbh í an straitéis an deis ab fhearr a bhí ann ó bunaíodh an Stát le cinntiú go dtiocfadh an Ghaeilge slán ar fud na tíre agus mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht.

READ MORE

“Deis stairiúil” a bhí ann agus bhí sé cinnte go n-éireodh leis an Rialtas plean láidir fadradharcach a chur i dtoll a chéile ach comhaontú polaitiúil agus tacaíocht mhuintir na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge bheith leis an phlean. Ní raibh cúis ar bith ann, sa chás sin, nach mbeadh rath ar an straitéis.

Dúirt sé gur thuig sé an phráinn a bhain leis an obair agus, ar an ábhar sin, ba í ceist na straitéise an ceann ba thábhachtaí faoi láthair. Chuirfeadh an plean bunchloch “níos láidre” faoi obair na Gaeilge agus bheadh “cur chuige comhtháite agus spriocanna soiléire againn a thabharfadh aitheantas do ról na pleanála teanga i bhforbairt agus i gcaomhnú na Gaeilge”.

Bhuail Carey le Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, agus le hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta ar na Forbacha.

Thug sé cuairt fosta ar an Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán agus bhuail sé le toscaireachtaí éagsúla eile i rith an lae.

Dúirt Carey gur bhain sé “taitneamh agus tairbhe” as a chéad chuairt oifigiúil ar Ghaeltacht Chonamara: “Bhí cruinnithe fiúntacha agam agus tugadh léargas an-mhaith dom ar an obair atá ar bun sa Ghaeltacht agus ar na dúshláin agus na féidearthachtaí éagsúla atá ann maidir le cur chun cinn na teanga.”