An deabhloid ag cur crua ar chuis na Breatnaise

Nuair a d'éirigh leis an mBreatnais cainéal dá cuid fein a bhaint amach 20 bliain ó shin an mhí seo, bhí gach rud san aeráid …

Nuair a d'éirigh leis an mBreatnais cainéal dá cuid fein a bhaint amach 20 bliain ó shin an mhí seo, bhí gach rud san aeráid pholaitiúil ina coinne: buadh ar an reifreann ar son déabhlóide sa Bhreatain Bheag in 1979; bhí an frithnáisiúnaí Margaret Thatcher i gcumhacht agus bhí ar cheannaire Plaid Cymru, Gwynfor Evans MP, stailc ocrais a bhagairt uirthi chun an cinneadh a dhearbhú.

Is cúis íoróine é mar sin go raibh todhchaí an stáisiúin i bhfad níos folláine ar go leor bealaí le linn na tréimhse Coimeádaí sin ná mar atá sé anois, tráth dá bhfuil tionól ag muintir na Breataine Bige i gCardiff.

Nuair a rinneadh briseadh ollmhór ar an reifreann ar son dhéabhlóid na tíre i 1979 - 956,330 ina haghaidh agus gan ach 243,048 ag vótáil ar a son - ba léir go raibh treo eile ag taisteal ó náisiúnachas polaitiúil. Dhírigh náisiúntóirí ar chás na teanga agus ar stáisiún teilifíse a chur ar bun chun í a chaomhnú. D'oir sé do Thatcher an sop sin a thabhairt don tír, tír nár thug aon tacaíocht vótála di in aon toghchán agus neartaigh an stáisiún faoi gach rialtas Coimeádach ó shin i leith.

Bhí 22 uair in aghaidh na seachtaine á chraoladh as Breatnais ag an stáisiún nua ag buaicam agus cead acu cláracha de chuid Channel 4 a chraoladh sa chuid eile den sceideal. Nuair a tháinig tréimhse thriallach an stáisiúin chun deiridh in 1985, léirigh S4C go raibh duine as gach beirt chainteoirí Breatnaise ag breathnú air uair sa lá. Nochtaigh an suirbhé céanna go raibh 90 faoin gcéad den leathmhilliún cainteoir Breatnaise sa tír ag aimsiú an stáisiúin uair sa tseachtain.

READ MORE

Fiche bliain ina dhiaidh sin agus níl méadú suntasach tagtha ar sholáthar cláracha i mBreatnais ar S4C. Faoi láthair, craoltar ceithre huaire go leith sa lá sa teanga. Líonann claracha ar nós Friends, V Graham Norton agus Brookside an chuid eile den sceideal. Ach tá seirbhís Bhreatnaise 85 uair á sholáthar ag S4C mar craolann S4C Digiteach 12 uair as Breatnais sa lá agus cuireann S4C2 tuairisciú beo ar fáil ó Thionól na Breataine Bige.

Ag labhairt dó ag comóradh an lá breithe, dúirt Príomhfheidhmeannach an stáisiúin, Huw Jones, gurbh é ceann de na fáthanna is mó nach raibh méadú níos mó tagtha ar uaireanta craolta S4C ná chun caighdeán na gclár a choimeád ard. Agus tá moladh ag dul do S4C as an pholasaí (a bhí ann ó thús ama) cláracha ar ardchaighdeán agus, ar aon chaighdeán leis an mBéarla, a dhéanamh.

Cuireadh tús maith leis an traidisiún sin leis an gcartún SuperTed, an chéad sraith anamúlachta a rinne an stáisiún agus an chéad sraith dá cineál ón Bhreatain a chraol Disney sna Stáit Aontaithe. Choinnigh S4C leo agus shaothraigh ainmniúcháin Oscar do Famous Fred agus The Canterbury Tales. Tá cnuasach 50 uair anamúlachta acu anois a dhíoltar le 60 náisiún ar fud an domhain. Is fiú a lua gur bhain na príomhscannáin Hedd Wynn agus Solomon & Gaenor ainmniúchán Oscar amach chomh maith i rannóg na scannán iasachta.

Craoladh leaganacha Gaeilge de shraitheanna faisnéise ar nós Draoithe Sacar agus An Dorn Ceilteach ar TG4 le blianta beaga anuas. Tá airgead mór caite ag S4C ar chúrsaí spóirt, rugbaí ach go háirithe, cúrsaí reatha agus nuacht chomh maith.

D'fhéadfaí a rá gur bhain an stáisiún an stádas seo amach toisc go raibh siad in ann brath ar sceideal Béarla Channel 4 mar aon le soláthar cláracha ilghnéitheacha ón BBC. (Rinne an BBC 560 uair de chláracha do S4C anuraidh.)