An dea-scéal

CROBHINGNE: MÁS DUINE tú atá cráite nach féidir leat siúl nó tiomáint ar do chuid sráideanna féin an tseachtain seo, na bí róbhuartha…

CROBHINGNE:MÁS DUINE tú atá cráite nach féidir leat siúl nó tiomáint ar do chuid sráideanna féin an tseachtain seo, na bí róbhuartha faoi.

Má tá poll id chroí nár tugadh cuireadh duit chun na bpléaráca ríogúla agus nach mbeidh feasta agat ar an matal láimhín nach nífear, ná cuireadh sin isteach rómhór ort.

Má tá do theanga amuigh go langarúil agat ag slabaireacht agus ag slupaireacht is ag slímhínteacht timpeall ar na daoine úd is fearr ná tú agus go bhfuil sos a dhíth ort, ní fada uait é.

Má tá díomá ort nár thug an bhean uasal ró-oirirc, fíoráláinn, uasal, ardonórach, cuaird ort ná ar do bhaile dúchais ná ar Bhéal na Bláth féin agus nár taispeánadh duit conas ciarsúr a chraitheadh i gceart, ná ligtear do sin a bheith ag dó na geirbe agat.

READ MORE

Má tá mearbhall ort cé acu an bhfuil an ceart nó an t-éigeart ag Morgan Kelly nó ag Patrick Honohan agus cé acu an fearr an phian mhear ghasta nó an pháis mhall chéimnitheach dúinn, ná ligtear dá leithéid an iomad caduaice a chur ort.

Más dóigh leat gur gadaíocht phoiblí is ea an creachadh atá á dhéanamh ag an Rialtas ar thaiscí na bpinsean fad is atá clúmh á cur acu lena gcuid neadracha féin, ná cailltear codladh na hoíche, mar tá dea-scéal agam daoibh.

Má cheapann tú gur bullaíocht is ea atá á dhéanamh ag Banc Ceannais na hEorpa orainn agus má tá ionadh ort maidir le do chuid tiubhais aigne féin a thug tacaíocht dóibh i ngach reifreann dá raibh, ní fada a mhairfidh do chuid pianpháise anama.

Más é do bharúil gur rith bairrille oirthear na hEorpa go héagórach thairis aerchloigne Jedward san Chomórtas Eurofíse agus gur cheart dúinn ár gcuid rialacha inimirce a dhaingniú dá réir, ní gá duit aon mhairg a bheith ort, mar tá dea-scéal i ndán dúinn ar fad.

Más tú atá ciapaithe id dhrólainn istigh gur chaith Cheryl Cole bríste corcra ar ócáid ceiliúrán seachas gúna níos oiriúnaí nach ngoillfeadh ar na ceamaraí an tseachtain seo caite, bhuel, ná bíodh sin ina ábhar buartha duit a thuilleadh.

Má tá alltacht ort agus trí chéile agus do mheabhair ina ciolar ciot de bharr gur tháinig moladh ciallmhar amháin ón Rialtas le déanaí – go náisiúnófaí foirgneamh Bhanc na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste san Ardchathair – ná bíodh puinn dá thinneas ort.

Má tá tú beophianta agus clipithe in éineacht go bhfuil Lindsay Lohan ag dul don phríosún arís (nó nach bhfuil) in áit baincéirí agus geallchuradóirí an tsaoil ní gá a bheith cnámhghonta ina thaobh mar tá an dea-scéal in achomaireacht.

Inniu an Déardaoin, ach is é Dé Sathairn deireadh an domhain. Ní mise atá á rá, gan amhras, ach tá sé cruthaithe go heolaíochtúil agus de réir an Bhíobla in éineacht gurb é sin é, agus gurb in sin.

Tá oibrithe amach ag Harold Camping, fear mór creidimh a bhfuil líne dhíreach chun Dé aige, go ndéanfar na fíréin a ardach go neamh ar a 6am aimsir na Stát Aontaithe Dé Sathairn, rud a fhágfaidh nach n-imreofar cuid de na cluichí is tábhachtaí i gCraobh na hÉireann abhus.

Ní hamháin go bhfuil sin oibrithe amach aige, ach tá oibrithe amach go matamaiticúil aige; agus an rud a oibrítear amach go matamaiticiúil de réir foirmlí a bhfuil idir litreacha agus figiúir ag dul leo ní féidir a bhréagnú, mar is eol do na heacnamaithe ar fad.

Déanfar tuairim is a 3 faoin gcéad den chine daonna a raiptiriú chun na bhflaitheas lasnairde, bíodh nach bhfuil mionbhriseadh síos déanta aige cé acu Caitlicigh, Protastúnaigh, Búdaigh, Bodaigh, Cumannaigh, Confúsianaigh, Aindiagaigh nó Ainrialaigh a bheidh iontu, ceann ar cheann.

Tugann an tairngreacht seo dath eile ar fad do na buartha aigne atá ag cur orainn le tamall anuas, a bhfuil cuma shuarach bheagmhaitheasach orthu suas is anuas le deireadh an domhain.

D’aon scuab amháin táid glanta den bhord: an IMF, ECB, ESB, OECD, FTSE, AIB, NCT, GEEK, IKEA, IPOD, NUT, BUTT, TWAT, CLUNK agus GIMME, nó eagraíocht ar bith eile arb í is aidhm dóibh sinn a chur ar an raca.

Is fíor nach raibh an ceart ag an Harold Camping céanna roimhe seo nuair a thuar sé deireadh an domhain i mí Mheán an Fhómhair 1994, ach is mó sin duine a dhein fáidheadóireacht nach raibh ceart an chéad ná an céadú uair, ach d’fhéadfadh go mbeadh an ceart acu uair éigin.

Is é an trua mhuire is mó, áfach, gurb é seo an colún deireanach uaimse (má tá an ceart aige).

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar