An daideo, an gunna agus an t-uachtarán

BEOCHEIST: SUITE IDIR Narbonne agus Béziers i ndeisceart na Fraince, tá an sráidbhaile Nissan-lez- Ensérune

BEOCHEIST:SUITE IDIR Narbonne agus Béziers i ndeisceart na Fraince, tá an sráidbhaile Nissan-lez- Ensérune. Is anseo a chónaíonn René Galinier, atá trí bliana déag agus trí scór d'aois, nó Papy Galinier mar is fearr aithne air anois.

Ar an gcúigiú lá Lúnasa seo caite, dúisíodh as a chodladh é agus é ag tógáil siesta nuair a chuala sé mar a bheadh duine éigin ag bualadh ar chloigín a phríomhdhorais.

Níor thóg sé i bhfad ar Galinier a thuiscint go raibh daoine tar éis briseadh isteach ina theach. D’éirigh sé agus, tar éis dó glaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála, thóg sé amach gunna a bhí i bhfolach aige ina sheomra leapa.

Tháinig sé aniar aduaidh ar dhuine de na robálaithe, bean óg de chuid an phobail Romaigh, agus d’éiligh sé uirthi géilleadh. Nuair a labhair sí leis i dteanga nár thuig sé, scaoil sé urchar léi agus ghortaigh go dona í.

READ MORE

Chuaigh Galinier sa tóir ar an dara duine, bean eile ó Oirthear na hEorpa, agus ba é an cleas céanna a rinne sé.

Gabhadh Galinier ar an toirt agus cuireadh siar faoi choinneáil é ar an ábhar, dar leis an abhcóide ionchúisimh, nach féinchosaint dhlisteanach a bhí ann:

“Toisc gur tharla an eachtra i lár an lae agus gur úsáid sé (Galinier) an gunna faoi dhó, toisc go raibh beirt íobartach i gceist agus go raibh siad i seomraí éagsúla an tráth ar scaoileadh urchar leo, ní féidir glacadh leis gur féinchosaint a bhí ann.”

“D’airigh mé go raibh mo bheatha i mbaol de bharr an chine mhallaithe seo,” a dúirt Galinier agus é ag tagairt do champa Romach atá gar dá theach cónaithe.

“Tá 300 duine acu ina gcónaí in aice liom,” arsa sé. “Cá bhfios céard a dhéanfaidís! Dá mbeadh an córas dlí in ann muid a chosaint mar is ceart, ach ní hamhlaidh atá.”

D’inis Galinier do na póilíní agus é á cheistiú acu gur bhraith sé gurbh éigean dó gunna a bheith aige ar chúiseanna féinslándála. Ba é seo an tríú huair go ndearnadh iarracht a theach a robáil.

Mar a tharla in Éirinn cúig bliana ó shin agus cás Phádraig Nally os comhair na cúirte, tá polaiteoirí agus tráchtairí sochaí in adharca a chéile faoi céard iad na cearta a ba cheart a bheith ag duine agus é á chosaint féin nó ag iarraidh a mhuintir nó a mhaoin phearsanta a chosaint má bhristear isteach ina áit chónaithe. Dar le Richard Roudier, uachtarán ar La Ligue du Midi, ní hamháin nach féidir leis an státchóras “slándáil an phobail a chinntiú feasta...ach (toisc an tUasal Galinier a bheith fós faoi choinneáil) léirítear nach ceadmhach do dhaoine iad féin a chosaint”.

Tá an teachtaireacht shoiléir, dar leis: má dhéanann tú iarracht an fód a sheasamh ina aghaidh ionsaithe, is tú a bheidh thíos leis. Feictear dó gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar céard go díreach atá i gceist maidir le féinchosaint dhlisteanach mar choincheap.

Lena chois sin, chuir comhairleoir baile in Béziers, Jason Onderwater, ar ball den UMP é (páirtí polaitíochta Sarkozy), ráiteas ar YouTube inar thacaigh sé go láidir le René Galinier: “A Uachtaráin Sarkozy, céard air a bhfuil tú ag fanacht, in ainm Chroim? Scaoil le madraí an stáit! Tá na póilíní ar buile nach dtugtar dóibh na hacmhainní is gá chun déileáil leis na scabhaitéirí seo.”

Bhí ar Onderwater an ráiteas a bhaint anuas de YouTube ar ordú ó uachtarán réigiúnach an UMP, Arnaud Julien.

Is ag iarraidh aird a tharraingt air féin a bhí an comhairleoir, dar le Julien. Ach creidtear freisin gur gníomh ciníoch a bhí ann an bealach ar chaith René Galinier leis na mná a bhris isteach ina áit chónaithe. In ainneoin go ndúirt sé go raibh eagla a bháis air, arbh éigean dó an gunna a úsáid ar an mbeirt acu?

Agus dá scaoilfí saor é gan an cás a iniúchadh mar is ceart, nárbh ionann sin agus a rá nach baol do dhuine, ó thaobh an dlí de, má dhéanann sé duine den phobal Romach a lámhach sna cúinsí céanna?

Táthar ann leis a cheapann go mbeidh an chonspóid ar fad faoi Galinier, agus faoi chúrsaí slándála go speisialta, ar leas uachtarán na poblachta ar dhá chúis: sa chéad áit, tugann sé deis do Sarkozy a chur i gcuimhne don phobal gurb é an tslándáil ceann de na príomhthosaíochtaí atá aige; anuas air sin, tarraingíonn sé aird an fhreasúra agus na meán ó mhórcheist na leasuithe pinsean.

Toghfar an chéad uachtarán eile ar an bhFrainc i mí na Bealtaine 2012 ach is léir go bhfuil an feachtas toghchánaíochta tosaithe cheana féin.