An cuigiu heilimint

Beocheist: Táimse san aois anois go bhfuil cairde agus comhghleacaithe de mo chuid ag tógáil clainne de réir a chéile

Beocheist: Táimse san aois anois go bhfuil cairde agus comhghleacaithe de mo chuid ag tógáil clainne de réir a chéile. Go dtí seo, níl fonn orm an rud céanna a dhéanamh.

Is breá liom páistí, bíodh fhios agat, fad is go dtig liom iad a thabhairt air ais dá dtuismitheoirí ag deireadh an lae.

Caithfidh mé a admháil fosta nach bhfuil m'intinn athraithe ó bhuail mé le Clann Loughran ó Chontae Thír Eoghain.

Clann faoi leith atá anseo. Chomh maith le leaid atá ceithre bliana d'aois, tá cúigear acu, is é sin le rá, gur saolaíodh cúigear páistí in aon am amháin don lánúin óg seo.

READ MORE

Samhlaigh é, cúig chliabhán, cúigear le beathú i ndiaidh a chéile, éadaí cúigir le hathrú ag aon am amháin, cúig cinn de gach aon rud.

Nuair a chonaic mé grianghraif de na páistí shíl me go raibh said galánta ar fad agus iad uilig ag caitheamh na n-éadaí céanna; b'álainn ar fad iad.

Ach ní gur bhuail mé le Noel agus Rhonda Loughran, áfach, tuismitheoirí na bpáistí, go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh deacair agus cé chomh strusmhar is a bhí saol s'acu.

Dhá bhliain ó shin, bhí an lánúin óg seo ina gcónaí i dteach beag faoin tuath agus buachaill óg, Niall, a bhí dhá bhliain d'aois, acu.

Shíl siad go mbeadh sé deas cara beag eile bheith ag Niall agus ní fada go raibh Rhonda ag súil arís.

Dúradh léi tar éis an chéad scrúdú dochtúra gur cúpla a bhí á n-iompar aici. Bhí áthas an domhain ar Noel agus uirthi féin.

Tháinig na dochtúirí ar phreabadh croí eile ag an dara scrúdú - triúr a bhí á n-iompar aici, a dúradh léi.

Bhí said beirt cineál buartha faoi na deacrachtaí a bheadh ann le triúr - go háirithe ó thaobh spáis sa teach agus ó thaobh airgid de, ach de réir a chéile chuaigh sé i bhfeidhm orthu agus bhí siad ar bís arís.

Ansin, ag an scrúdú deiridh, dúradh le Rhonda go raibh ceithre chroí bheaga ag preabadh inti.

Faoin am seo, d'iarr Rhonda ar an ospidéal a dhéanamh cinnte nach raibh aon leanbh eile ann agus gheall said di nach raibh.

Dúirt Rhonda agus Noel liom nach raibh a fhios acu conas mar a bheadh said in ann déileáil le ceathrar páistí - cúigear ach Niall beag a chur san áireamh. Ach, ag an am, ní raibh said ábalta amharc chun tosaigh.

Ar lá na breithe bhí gach aon rud in áit, ceathrar dochtúirí, ceathrar altraí, ceithre ghoradán.

Bhí gach aon rud ag dul mar ba cheart go dtí gur chuala Rhonda na focail: "Leanbh uimhir a cúig."

Shíl sí gur ag magadh a bhí siad ach ní raibh.

Bhí Noel ag a taobh le linn na breithe ach níl cuimhne aige ar ar tharla i ndiaidh dó na focail sin a chloisteáil.

Alannah, Caitlín, Aaron, Conan, agus an duine a bhí i bhfolach, Áine!

Bhí na páistí uilig an-éadrom, go háirithe Conan agus bhí said tinn go leor sa chéad chúpla seachtain. Shíl siad nach dtiocfadh Conan slán ó víoras éigin a tháinig air san ospidéal ach, beagnach dhá bhliain níos déanaí, tá siad uilig sláintiúil agus ag rith timpeall ar fud na háite.

Bhí sé an-dian ar an chlann ag an tús agus, go fóill, bíonn duine acu le cuidiú a thabhairt dóibh 24 uair in aghaidh an lae.

Bhí orthu a bhreacadh síos cé a fuair buidéal sa chaoi is nach ndearnadh dearmad ar aon duine. Ní dhearna ceachtar de na tuismitheoirí níos mó ná cúpla uair an chloig codlata in aghaidh an lae.

Cé go bhfuil na páistí anois beagnach dhá bhliain d'aois, níl saol Chlann Loughran ag éirí mórán níos éasca. Tá an bheirt acu sa bhaile leis na páistí lá i ndiaidh lae agus is annamh a fhaigheann siad nóiméad dóibh féin.

Le hochtar sa chlann cosnaíonn sé na céadta punt le bia a chur ar an bhord, gan chaint ar éadaí agus ar bhróga.

Dá bharr sin, bíonn an chlann ag coinneáil súil ghéar ar na pinginí. Ach deir siad nach bhféadfadh siad a saol a shamhlú gan na páistí.

Ní féidir liom a shamhlú cé chomh deacair is atá rudaí orthu ach fuair mé blas de nuair a chaith mé cúpla lá ag scannánaíocht leo do chlár faisnéise a léirigh mé do UTV.

D'fhoghlaim mé dhá rud le linn an ama a chaith mé leo: is daoine faoi leith iad Noel agus Rhonda Loughran agus is cinnte go bhfanfaidh mé tamall breá fada sula smaoineoidh mé ar pháiste de mo chuid féin bheith agam.