An ceart choíche

Tá an ceart againn mar táimid geal

Tá an ceart againn mar táimid geal. Tá an ceart againn mar is Crobhingne: Críostaithe sinn, nó iar-Chríostaithe, nach cuma, mar is amhlaidh gur roghnaigh Dia sinn fadó riamh.

Tá an ceart againn mar tá an creideamh cóir againn, agus líne dhíreach chun Dé, murab ionann agus na leangairí eile amuigh ansin, a chuireann a dtóin san aer thiar acu, nó a dhéanann adhradh ar eilifint.

Táimid ceart mar tá Dia curtha dínn againn, i dteannta leis na piseoga réamhstairiúla eile ar fad.

Tá an ceart againn mar nach díol staidéir sinn ag antrapeolaithe. Socheolaithe is ea atá againne, dream i bhfad níos nua-aimseartha a bhfuil gléasanna cruinne taighde acu.

READ MORE

Táimid ceart mar nílimid faoi réir ag idé-eolaíocht ar bith. Bíonn idé-eolaíochtaí ag daoine eile. Tuiscint nádúrtha saor gan chlaonadh a chleachtaímidne.

Tá an ceart againn mar nach barbaraigh sinn. Ní chuimhneoimis riamh ná choíche ar ghabháltas a dhéanamh ar thír eile (voil, gan chúis mhaith), ná ar bhuama a leagan anuas ón aer ar ghealchathair bhuíonmhar idir sheandaoine críonna is óga, ná ar na billiúin eurodollarola a chaitheamh gach bliain ar ollairm ollscriostacha, ná ar sclábhaithe eacnamaíochta a dhéanamh as daoine bochta, ná ar champaí géibhinn a thógáil is a líonadh, ná ar an ocras a úsáid mar ghléas cogaidh, nó ar dhaoine a scaoileadh isteach sa phríosún gan triail, nó ar choirpigh a chur chun báis leis an gcroich, nó leis an bpiléar tríd an ucht, nó leis an nga leictreachais, nó leis an tsnáthaid nimhe.

Táimid ceart, mar táimid saibhir. Dheineamar an t-airgead sin a chnuasach le hallas ár ngrua, agus le cumas ár dhá láimh gan chabhair ó aon duine soir ná siar agus le cúnamh ón saormhargadh atá cothrom le cách, agus leis an ola a d'fhionnamar faoinár gcosa féin le spúnóga beaga adhmaid.

Tá an ceart againn mar is daonlathaigh sinn agus creidimid ann agus is é an córas is fearr amuigh is amach é a bhí riamh againn agus nach foláir dúinn é a scaipeadh ar fud na cruinne ar son leasa cáich dá ndeoin nó dá n-ainneoin, agus mura bhfuil pobail eile ullamh don daonlathas fós táimid sásta cabhrú lena n-aos polaitiúil le hairgead is le hairm go dtiocfaidh a lá.

Táimid ceart mar tá dhá theach ar a laghad againn agus ceann eile san Algarve agus trí ghluaisteán agus madra séimh seachas bothán pluide tuí agus gabhar lomeasnach agus cnuimheanna sa phota.

Tá an ceart againn mar tá dulta againn go dtí an ghealach agus ar ais arís agus toisc gur fhágamar ár rian ar Mhars agus ar imeall na cruinne lasmuigh agus nár chuaigh na daoine eile sin ach chomh fada leis an gcéad bhaile eile de shiúl a gcos le scian nó le bata draighin ag déanamh dochair.

Táimid ceart mar tá léamh againn ó chlé go deas agus ní an tslí eile timpeall nó ar nós daimh ag treabhadh an bháin ná le smearaphictiúir a ghabhann anuas ó bharr an leathanaigh ná le scríbhneoireacht ar geall le damháin alla brúite ar phár í. Agus táimid ceart toisc go dtugann sé an chaoi dúinn an Star agus an Sun agus an Cheirt agus an Smuga agus an Béiceachán agus an Chín Lae a léamh idir theilifís agus spórt.

Tá an ceart againn riamh is choíche mar is indibhidiúlaigh sinn a bhfuil cúl tugtha againn le sean-nóisin a bhfuil seanfhocail ar nós "comhluadar", nó "comhthalán", nó "saoránacht", nó "náisiún", nó "pobal" ar sileadh le seanbhlas uathu, agus a choinníonn treibheanna eile siar ar gcúl.

Táimid ceart mar tá an dúil mhallaithe againn sa tsaoirse agus tá an dream eile amuigh ansin ag iarraidh an tsaoirse seo a bhaint dínn agus tá siad ag cur spiairí chugainn i bhfoirm inimireach agus teifeach d'fhonn an fearann a bhrath agus lá éigin amach anseo dúiseoimid agus beidh sladaíocht déanta ar an tsaoirse sin uainn agus imithe soir.

Tá an ceart againn mar déanaimid sinn féin a ní le huisce glan agus tá cúrán againn le cur faoinár gcuid ascaillí.

Táimid ceart mar is féidir linne seirbhísigh agus giollaí agus gíománaigh a fhostú.

Tá an ceart againn mar tá An Mhaitheas ionainne, agus tá An tOlc iontu siúd, agus is mar sin atá an saol roinnte de réir an dlí nádúrtha.

Táimid ceart mar tá an ceart againn agus níor cheart daon duine ár gceartaiseacht a cheartú ina cheartmheabhair.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar