An bua e €1.6m a thabhairt don Fhoras?

Nuair a chinneann an Rialtas ar airgead gan iarraidh a chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge, is é an chéad cheist a chuireann tú ort…

Nuair a chinneann an Rialtas ar airgead gan iarraidh a chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge, is é an chéad cheist a chuireann tú ort féin: cad chuige? D'fhógair an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív Déardaoin seo caite go raibh sé le €1.6 milliún a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. Gníomh fial ann féin é a leithéid ach cad chuige an t-airgead a thabhairt dóibh agus anois ach go háirithe?

Agus Ó Cuív ag caint leis an cholún seo, dúirt sé go raibh sé "sásta" go raibh an t-airgead ag a Roinn faoi láthair agus nach gcuirfeadh sé as do scéim ar bith. Sásta agus a bhí sé an t-airgead a thabhairt agus cuidiú le próiseas na síochána, bheadh sé ag iarraidh go bhfaigheadh sé "iomlán luacha" as. Cúpla euro ina luí thart ag an Aire, mar sin?

Ní raibh éiginnteacht ar Bhairbre de Brún ó Shinn Féin agus í ag caint le Lá: "Bhí go leor sna meáin a rinne a bheag den scéal seo agus an ról a bhí ag Sinn Féin ann ach anois go bhfuil an t-airgead ar ais, fáiltímid roimh an chinneadh agus tréaslaímid a n-éifeacht leis na Gaeilgeoirí a chuir na rialtais faoi bhrú ar an cheist."

Seic Féin a fuair an t-airgead mar sin. Nó an amhlaidh? Ní raibh lá moille ar an pháirtí bheith ag maíomh as a ngaiscíocht le linn cainteanna rúnda Hillsborough ach níor thug an páirtí buille faoi thuairim go raibh airgead ag teacht an iarraidh seo. An raibh a fhios acu go raibh ar chor ar bith?

READ MORE

Bhí tuairim eile ag Nuacht RTÉ faoi fhlaithiúlacht Uí Chuív. Is ag iarraidh "dea-thoil" a cheannach a bhí sé. Bhí cúrsaí an Bhille Teanga achrannach agus bhí an tAire ag iarraidh grúpaí teanga a shásamh. Ach shílfeá gurbh fhurasta i bhfad aige iad a shásamh tríd an airgead a thabhairt dóibh go díreach in áit é a thabhairt don Fhoras.

Ag an Fhoras a bheadh freagra na ceiste. Ach amharc ar chomh tearc agus a bhí t-eolas a chuir siad ar fáil faoin bhónas, á rá go raibh "áthas" orthu agus go raibh rún acu "athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean gnó agus tabharfar tosaíocht do na heagraíochtaí Gaeilge agus do ghníomhachtaí an Fhorais féin san athbhreithniú seo".

B'ionann an cúpla líne a cuireadh ar fáil do Nuacht RTÉ Déardaoin agus an cúpla líne a cuireadh ar fáil don cholún seo Dé Luain. Nuair a chuimhníonn tú gur eisigh an Foras preasráiteas i mí Feabhra inar thug siad "masla" ar an ghearradh siar ar a mbuiséad, shílfeá go dtapódh siad an deis le haitheantas a thabhairt dá seasamh prionsabálta dáigh féin.

Nó an amhlaidh gur tháinig an cinneadh aniar aduaidh orthu?

An fíor gurbh í stocaireacht na n-eagras deonach a thug ar an Rialtas athrú intinne a dhéanamh? Arís, is doiligh a chreidbheáil. Dhírigh na heagrais sa Stát a n-aird go huile ar an Fhoras féin as an ghearradh siar. Ní sásta a bhí siad leis na critéir a d'úsáid an Foras sa ghearradh siar sin.

Má tá cúis na flaithiúlachta deacair a shoiléiriú, níl an toradh a bheidh ar an chinneadh chomh ceoch céanna. Rithfeadh sé leat go raibh Ó Cuív i ndiaidh próiseas na síochána a bhogadh ar aghaidh go héifeachtach trí cheist na teanga a bhaint den chlár polaitiúil agus cluaisín a thabhairt do lucht a cháinte.

Ní féidir le duine ar bith bheith ag gearán nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt aird mar ba cheart ar an cheist níos mó.

Níos tábhachtaí arís, ámh, cuirfidh an cinneadh brú ar rialtas na Breataine gníomhnú sa réimse chéanna. Ba dhoiligh do lucht teanga an Tuaiscirt a éileamh ar Westminster go raibh tábhacht leis an Ghaeilge nuair a bhí an Rialtas abhus i ndiaidh gearradh siar ar airgead. Cuireann cinneadh Uí Chuív an méid sin ina cheart. Tá tacaíocht fhollasach tugtha aige agus is faoi rialtas na Breataine a bheidh sé anois freagairt trí thuilleadh tacaíochta a thabhairt don Fhoras agus, abair, trí chiste léirithe teilifíse a bhunú go luath.

Baineann an cinneadh fosta d'éifeacht ghearáin an Fhorais. Fúthu féin atá sé a chruthú gur féidir leo an t-airgead seo a úsáid le leas gach aon dreama thuaidh, theas, thiar agus thoir.

Tá dinimic na díospóireachta athraithe ag Ó Cuív - ní bhainfidh laigí an Fhorais le gearradh siar ar bith feasta, bainfidh siad leis an Fhoras féin.

Agus, sa chomhthéacs sin, caithfear na ceisteanna a chur: an bua é €1.6 milliún a thabhairt don Fhoras? Cén measúnú a rinne siad ar an airgead a dháil siad le trí bliana go leith? Cá huair a chuirfidh siad tuarascáil bhliantúil i gcló? Cá huair a fhoilseoidh siad cuntais? Cá huair a fhoilseoidh siad plean straitéiseach?

Beathaisnéis úr

Sheol an Leas-Phríomh-Aralt, Fergus Mac Giolla Easpaig, beathaisnéis Éamonn Mhic Giolla Iasachta 1887-1986 le Seán Ó Ceallaigh Déardaoin seo caite sa Mhúsaem Araltais i mBaile Átha Cliath, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ba chuí gur sa Mhúsaem Araltais a seoladh an leabhar mar thuill Mac Giolla Iasachta cáil idirnáisiúnta dó féin as a shároilteacht i gcúrsaí ginealais agus ceapadh mar Phríomh-Aralt na hÉireann é in 1943.

Is liosta le háireamh na leabhair atá scríofa aige faoi shloinnte agus stair na hÉireann gan trácht ar iliomad alt in irisí eagsúla agus ceithre leabhar Ghaeilge.

Is sa dara leath dá shaol a thug sé faoi obair acadúil. Agus é in aois bliain is fiche chuaigh sé i mbun na feirmeoireachta i Raithín, Co an Chláir, agus níos déanaí i gCollchoill, Co Chorcaí.

D'fhoghlaim sé an Ghaeilge agus nuair a bhí sí ar a thoil aige thug sé isteach in obair na feirme oiread Gaeilgeoirí dúchais agus foghlaimeoirí is a rinne nua-Ghaeltacht bheo den 60 duine den phobal a bhí fostaithe i Raithín.

Bhí páirt aige i gCogadh na Saoirse agus i mbunú an tSaorstáit agus chaith sé seal san Afraic Theas. Ar fheirm i gContae an Chláir atá cónaí ar údar an leabhair agus dúirt sé gurb é méid agus éagsúlacht na hoibre a rinne Mac Giolla Iasachta a spreag é chun a bheathaisnéis a scríobh.

Leabhar toirtiúil atá ann agus ar €12.50 is mór is fiú é. Coiscéim a d'fhoilsigh.

Deis taighde

Tá trí Chomhaltacht Taighde ar luach €16,000 an ceann á dtairiscint ag Fiontar agus á n-urrú ag Iomairt Cholm Cille. Is fiú €8,000 sa bhlian na comhaltachtaí. Mairfidh siad ar feadh dhá bhliain ar bhonn lánaimseartha ó Mheán Fómhair na bliana seo. Íocfar táillí ollscoile na gcomhaltaí fosta.

Ní mór do chlár taighde na n-iarratasóirí bheith bainteach le hÉirinn agus le hAlbain, bheith idirdhisciplíneach agus scríofa i nGaeilge.

Is féidir leis an taighde a bheith dírithe ar na réimsí seo a leanas: cumarsáid; ealaíona; cultúr; oidhreacht; oideachas; forbairt shocheacnamaíochta agus teicneolaíocht an eolais.

Caithfidh na comhaltaí cuid den tréimhse in Albain agus bainfidh siad inniúlacht amach i nGàidhlig na hAlban. Fáilteofar roimh iarratais ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann agus ó Albain.

Eolas: 01-7005614 nó bairbre.nichonghaile@dcu.ie

An Cogadh Mór

Is é "World War One - Ireland and its Impacts" an téama a bheidh faoi chaibidil i Leabharlann agus Cartlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich, Ard Mhacha, Dé Sathairn. Beidh staraithe ollscoile, iriseoirí agus staraithe míleata i láthair le linn na hócáide.

Is é is cuspóir leis an díospóireacht léargas nua a thabhairt ar imeachtaí míleata agus polaitíochta an Chogaidh Mhóir in Éirinn agus san Eoraip. Is ag 10 a.m a thosaíonn na léachtaí. Eolas: 048-37522981 nó eolas@ofiaich.ie

Tionól Thaidhg

Tá Comhairle Contae Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ag eagrú tionóil ar "Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin - A Chráifeacht agus a Dhaonnacht" Dé hAoine 11ú Iúil go dtí an Domhnach 13ú Iúil i mbliana.

Is é an chéad uair go bhfuil a leithéid de thionól eagraithe ag an dá dhream le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr, oidhreacht agus Ghaeilge Phort Láirge. Is é a ndóchas an ócáid a reáchtáil ar bhonn bliantúil ar théama difriúil as seo amach.

Ar na cainteanna, tá "Filíocht Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin: an Cúlra Sóisialta & Creidimh" agus "Dánta Spioradálta Thaidhg Ghaelaigh: A Translator's Perspective". I nGaeilge a bheidh na léachtaí ach beidh córas aistriúcháin ar fáil do dhaoine ar bheagán Gaeilge.

Eolas: 058-20884