An beatha teanga nó bascadh teanga atá i ndán dúinn?

TUARASCÁIL: AR AN Aoine, 6ú Deireadh Fómhair 1972 bhíos ag taisteal ar an traein ó Londain go hAbertawe (Swansea)

TUARASCÁIL:AR AN Aoine, 6ú Deireadh Fómhair 1972 bhíos ag taisteal ar an traein ó Londain go hAbertawe (Swansea). Ceithre mhí caite agam ag baint leanlusanna i nGairdín Shasana (Kent) agus mé ag filleadh ar Ollscoil Chorcaí.

Gan cloiste agam le ceithre mhí ach Béarla na Banríona i gcanúintí éagsúla. Cad é mar stangadh a baineadh asam ag pointe áirithe ar an turas nuair a folmhaíodh an carráiste im thimpeall de Bhéarlóirí agus líonadh é le Breatnóirí.

Ag an am sin bhí dianfheachtas faoi lán seoil sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a athbheochan agus bhí ag éirí leis. I mBreac-Ghaeltacht an Leitriúigh (mo cheantar dúchais) in iarthar Chiarraí bhí miocracasm den dianfheachtas céanna ar siúl ag séiplíneach óg, fuinniúil, díograiseach darbh ainm Donncha Ó Laocha.

Comharthaí bóthair agus siopaí á n-aistriú; tionscail tinteáin á mbunú; seanscoil thréigthe á stracadh as a chéile le bheith ina ionad pobail; ranganna agus cúrsaí samhraidh á n-eagrú; an óige á spreagadh agus aitheantas agus deontaisí stáit á n-éileamh; neamhaird agus lagmhisneach an phobail á gcloí. Dúshlán dodhéanta, déarfadh mórán.

READ MORE

D’éirigh leis an dá dhianfheachtas, go gearrthréimhseach ar aon nós, ach ní gan dua agus gan allas na gcnámh. Tá siombail na traenach suimiúil, dar liom. Foghlaimíonn tú an t-uafás i dtaobh teangacha ón gcóras iompair phoiblí i dtír ar bith. Tá comhráite Gaeilge cloiste agamsa ar thraenacha agus ar bhusanna ó shin i leith in Éirinn ach ní go rómhinic. Comhráite teoranta freisin.

Níor chuala riamh lucht charráiste ina iomláine ag spalpadh as Gaeilge gan trácht ar chuile phaisinéir ar an traein nó ar an mbus. Cinnte, ní bheadh taistealaí traochta as tír iasachta den tuairim gurbh í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus é ag imeacht roimhe lena mhála droma ó stáisiún traenach amháin go stáisiún bus eile.

Séard atá ar siúl againn anseo in Éirinn (agus sna tíortha Ceilteacha ar fad) ná go bhfuilimid ag iarraidh teanga a choinneáil beo. Gan ligint di bás a fháil. Í a chothú agus a neartú ó ghlúin go glúin. Suim a spreagadh inti i measc na n-óg. Na Gaeltachtaí a chaomhnú agus a leathnú. Na teaghlaigh Ghaeilge a mhisniú. Lucht labhartha na Gaeilge a fhorbairt agus dóchas a thabhairt dóibh i dtaobh na teanga a labhrann siad.

Tá sláinte na teanga níos fearr anois ná mar a bhí ag aon am le céad bliain anuas. Tá stádas aici mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá ag éirí leis na meáin chumarsáide – TG4 agus RnaG ach go háirithe – an teanga a thabhairt isteach i ngach teaghlach in Éirinn.

Tá dearcadh níos folláine ina leith le brath sa tsochaí i gcoitinne agus tá tacaíocht ann di. Tuigimid mar chine agus mar náisiún nach ndéanfar an Ghaeilge a athshealbhú mar phríomhtheanga labhartha na tíre ach ag an am céanna tuigimid gur cuid lárnach dár gcoinsias agus dár meon Gaelach í.

Tá an Straitéis 20 Bliain don nGaeilge 2010-2030 seolta, straitéis a bhfuil sé mar sprioc aici líon na ndaoine a labhrann Gaeilge go laethúil a mhéadú ó 83,000 go 250,000, lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú de 25 faoin gcéad agus líon na ndaoine a mbeadh eolas acu ar an nGaeilge a mhéadú ó 1.66 milliún go dhá mhilliún sa tréimhse chéanna.

Tá maoiniú curtha ar fáil don chéad bhliain den straitéis cheana. Neosfaidh an aimsir an aisling bhréige atá anseo nó aisling a dhéanfar a fhíorú. Más rud é gur imithe ar gcúl a bheidh an teanga i mbliain a fíoraithe (ie. 2030), beidh a port seinnte mar theanga.

Ceist chonspóideach í ceist na Gaeilge éigeantaí, ar ndóigh. Is ionann éigeantas agus riail agus bíonn fadhb ag an-chuid daoine óga le rialacha. Ar an dtaobh eile de is léim chandaim atá ann ó ábhar scoile éigeantach go hábhar roghnach.

Bíonn ísliú stádais i gceist le hábhar roghnach i gcónaí. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil an Stáit de réir Bhunreacht na hÉireann. Ar an ábhar sin is “teanga chosanta” í agus caithfear í a chaomhnú nó an gcaithfear? Deir saineolaithe áirithe agus páirtí polaitíochta nó dhó go mba chóir bogadh ar aghaidh agus an t-éigeantas a bhaint agus an roghnachas a chur ina áit.

Sa bhliain 1974, nuair a bhí comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, cuireadh deireadh le riachtanas le haghaidh pas sa Ghaeilge chun Scrúdú na hArdteistiméireachta a bhaint agus chun post a fháil sa státseirbhís.

B’é toradh na reachtaíochta sin ná gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa státseirbhís ó shin le státseirbhísigh áirithe gan aon Ghaeilge acu nó níos measa fós, namhdach ina leith.

Anois tá Fine Gael ag bagairt go mba chóir deireadh a chur leis an éigeantas tar éis an Teastais Shóisearaigh. Céim mhór ar gcúl a bheadh ansin.

Bheadh “éifeacht dúradáin” aige a dhéanfadh tasc dodhéanta, geall leis, as múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní bheadh stádas ag an nGaeilge mar ábhar scrúdaithe a thuilleadh.

Is beag tábhacht a bhaineann leis an Teastas Sóisearach mar scrúdú sa mhéid is nach scrúdú deiridh é. Rachadh an “éifeacht dúradáin” seo siar go dtí rang na naíonán beag sa bhunscoil.

Dhéanfaí stádas agus íomhá na teanga sa chóras oideachais a chreimeadh go dtí an chnámh ionas nach mbeadh fágtha ach conablach lofa feasta. Is cinnte go n-athródh dearcadh na n-óg i leith na Gaeilge diúltach agus namhdach thar tréimhse ama.

Bheadh an lá ag an Seoinín agus is cinnte go mbeadh líon na ndaoine a lorgódh díolúine dá bpáistí gan an Ghaeilge a dhéanamh méadaithe go mór. Thitfeadh an t-éileamh don nGaelscolaíocht agus ar thinreamh sna Gaelscoileanna dá réir.

Bheadh sé íorónta dá mbeadh an rialtas nua ag tacú leis an straitéis 20 bliain don nGaeilge ar lámh amháin agus ag tacú le creimeadh na teanga sa chóras oideachais ar an lámh eile. Níos íorónta fós mar go bhfuil príomhról tugtha don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i bhfeidhmiú na straitéise i gcúrsaí oideachais.

Bheadh an rud ar fad éigiallda. Go háirithe de bharr an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge de le roinnt blianta anuas. Beidh 40 faoin gcéad dos na marcanna ag dul don mBéaltriail i Scrúdú na hArdteistiméireacht ón mbliain 2012 ar aghaidh. Tá pleananna ann chun béaltriail a thabhairt isteach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh.

Tá dóchas ag múinteoirí Gaeilge go bhfuil tús curtha le ré nua i múineadh na teanga feasta. Má chuirtear deireadh leis an éigeantas tar éis an Teastais Shóisearaigh cuirfear deireadh go deo leis an dóchas sin agus cuirfear tús le meathlú marfach na teanga.

Impím ar Enda Kenny (cainteoir líofa Gaeilge mar a tharlaíonn) gan an chéim chinniúnach sin a thógaint agus tír gan anam agus gan teanga a fhágáil mar oidhreacht againn.

Is scríbhneoir é Mícheál Ó Ruairc. D’fhoilsigh Coiscéim nóibhille stairiúil dá chuid, Caisleán Ghriaire, le gairid