Amhranai ollscoile

Beidh searmanas oifigiúil ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, inniu le fáilte a chur roimh Phádraigín Ní Uallacháin, ina cúram…

Beidh searmanas oifigiúil ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, inniu le fáilte a chur roimh Phádraigín Ní Uallacháin, ina cúram nua.

Is í an chéad Amhránaí Traidisiúnta Cónaitheach ar an ollscoil í agus tá an post á mhaoiniú ag an ollscoil agus ag Foras na Gaeilge.

Beidh Ní Uallacháin lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney go dtí Meán Fómhair, 2006. Is é an ceapachán seo an dara hábhar ceiliúrtha aici nó ní fada ó d'eisigh sí a seachtú halbam, Áilleacht (Gael-Linn), cnuasach amhrán nuachumtha.

Dúirt Ní Uallacháin gur "onóir mhór" a bhí ann bheith ceangailte ar bhealach chomh "cruthaitheach nuálach" leis an ionad agus go dtabharfadh an post deis di leanstan dá cuid taighde ar amhránaíocht thraidisiúnta Chúige Uladh.