Amhranai Oirr

Clar traidisiunta go maith a bhi in 'Se Seo m'Oilean (Leargas, RTE)

Clar traidisiunta go maith a bhi in 'Se Seo m'Oilean (Leargas, RTE). Rinne an clar cur sios ar Lasairfhiona Ni Chonaola, amhranai og sean-nois as Inis Oirr.

Chonaic muid ar an oileán agus i gcathair na Gaillimhe í. (Fógraíonn an colún seo cosc ar radharcanna fiáine farraige agus cuibhrinn loma cloch feasta. Anois, a lucht déanta na gclár, déanadh sibh scannán gan iad!)

Chuala muid Ní Chonaola ag ceol agus rinneadh cur síos uirthi féin agus ar shaol an oileáin. Ní hiontas ceol Ní Chonaola bheith i mbéal an phobail - tá bua na hamhránaíochta aici. Agus, más slat tomhais ar bith í comórtais shean-nós an Oireachtais, tá go leor daoine óga Gaeltachta ag leanstan den traidisiún agus ag cur leis.

Gach aon rud i gceart mar sin? Ní dócha é. Bhí ceisteanna ann nár cuireadh. Níor dhoiligh macallaí chaint Uí Chadhain a chluinstin san aigne inmheánach agus é ag tromaíocht ar ranna neamhurchóideacha a linne. An buan don traidisiún agus don teanga lena mbaineann sí i ndáiríre?

READ MORE

Bhí dóchas ag daoine a labhair ar an chlár go mairfeadh an cultúr go ceann 50 nó 100 bliain eile. Is annamh a leithéid. An ag léamh Beo! a bhíonn siad?