Amhrán agus tost domhain Nollag

 

NÍL DABHT faoi, beidh sé difriúil i mbliana. Ní fios cad tá romhainn, cad a thiocfaidh inár dtreo le teacht na bliana nua. Tá eagla orainn. Ní bheadh sé oiriúnach alt Nollag le fócas bog a scríobh.

Táim ag ceapadh go ndéanfaidh cuid againn ceiliúradh a bheidh anamúil go maith gan é bheith ina Saturnalia amach is amach. Beidh flosc chun spraoi is súgartha orainn mar arís ní fios cén riocht a bheidh orainn bliain is an lá inniu.

Nach méanar do dhaoine óga atá gan chúram, beidh an dóchas le feiscint ina n-aghaidheanna siúd. Féach an loinnir i súile lucht na gcarúl Nollag agus an dúthracht a chaitheann siad leis an gceol. Féach an áilleacht ar ghnúis na bpáistí beaga faoi na soilse ildaite. Agus is cuma cad deireann tú faoi dhéagóirí bíonn siad spórtúil, tarraingteach. Táim in éad leo, slán beo leis an óige.

Ceoltóirí sráide, slua cruinnithe timpeall orthu. Agus na daoine a tháinig i gcomharbacht ar an Dice Man, conas a fhanann siad chomh socair sin? Greim láimhe ag tuismitheoirí ar na páistí óga agus iad ag déanamh a mbealach chun bualadh le Daidí na Nollag. “Agus an dtiocfaidh sé arís Oíche Nollag, a Mhaim?” Cinnte, a thaisce.

Beidh lucht déirce ina suí ar thaobh sráide gan focal astu, feitheamh foighneach. Ní dócha go bhfuilid ag tnúth leis an séasúr beannaithe. Mar an gcéanna, déarfainn, le daoine imeallacha eile. San ardchathair Lá Nollag, chífidh tú daoine lena málaí plaisteacha ina nduine is ina nduine ag déanamh ar an mbaile.

Bronntanais bia sna málaí ó Chumann Naomh Uinseann de Pól a dháileann dinnéir ar na boicht Lá Nollag. Ina measc i mbliana beidh Gaeil is eachtrannaigh, aithreacha is máithreacha is páistí. Táid gan locht ach beidh náire orthu.

Seo an séasúr beannaithe ina smaoiníonn Gaeil go speisialta orthu san atá bocht is dearóil i gcéin agus sa bhaile agus déanaimid iarracht ar leith teacht i gcabhair orthu. Seans go ndéanaimid amhlaidh mar le fada an lá tá dáimh againn le scéal Bheithil.

Ach le tamall anuas samhlaítear dom go mbaineann compord is maoithneachas áirithe leis na híomhánna atá againn den stábla suarach sin. Ní dóigh liom go bhfuil goimh na gaoithe ná fuacht na hoíche le mothú sna radharcanna traidisiúnta ar an stábla. Ó mo thaoibhse de, níl dúshlán ann a thuilleadh i radharc Bheithil

Ach tá radharcanna traidisiúnta eile ann. Pictiúir ó ré a bhí caite, cheapamar. Léaráidí líneacha dubh is bán as na leabhair staire, pictiúir a chuireann fearg orainn fós. Gaeil á ndíshealbhú as na botháin ina raibh cónaí orthu. Tiarnaí talún is polaiteoirí crúálacha. Póilíní is báillí. An reithe tuargana. Long na n-eisimirceach.

An bhfuil an scéal athraithe mórán? Agus seo á scríobh tá suas le 30,000 duine i dtrioblóid lena gcuid morgáistí agus iad i mbaol a ndíshealbhaithe. Is ar na bancanna éadrócaireacha a thóg áit na dtiarnaí talún an locht. Soláthraíonn na cúirteanna na reithí batair. Tá eitleáin na n-eisimirceach éifeachtach is tapa.

Dar liom tá na polaiteoirí fós gan trua gan taise. Dá dtuigfeadh siad pian na ndaoine, conas a d’fhéadfadh siad airgead abhalmhór a thabhairt do na bancanna agus ligint do lánúineacha óga titim go héadóchasach ag taobh an bhóthair?

Daingníonn na léaráidí gránna líneacha cuimhne na héagóra ionainn. Ach faraor níl taifeadadh ar bith againn fós ar dhíshealbhú ón aois seo ina mairimid. Dá dtiocfadh na daoine atá i mbaol ó bhagairtí na mbancanna le chéile agus dá ndéarfaidís “má tá mo theach-sa ag teastáil uaibh, caithfidh sibh teacht agus mé a chaitheamh amach as”. Ansin ní bheadh dul as ag na bancanna ach fios a chur ar an sirriam agus ar na báillí. Thiocfaidís san ag an gnátham, go luath ar maidin. Tacaíocht acu ón Gharda Síochána, ar ndóigh. Bheadh pictiúir ghránna le feiscint ar an teilifís ar fud an domhain. Náireofaí na polaiteoirí, thuigfeadh siad cuid den bhfearg atá ar dhaoine. Bheadh orthu a gcéad dualgas a chomhlíonadh, sé sin, cúram ceart a dhéanamh de ghnáthmhuintir na tíre.

Tagann cuimhní chugainn go léir um Nollaig. Tá cuimhne speisialta agamsa ar Oíche Nollag a chaitheas i dteach fothana de chuid Chlann Shíomóin. Bhí an áit plódaithe. Daoine gan teach, gan bhaile. Daoine uaigneach, sin thar rud ar bith eile. Thit tost domhain ar gach éinne nuair a thosnaigh Donncha ó Chiarraí ag canadh, seanamhrán álainn agus ansin amhrán eile. Nuair bhí deireadh ráite aige, níor tugadh bualadh bos dó. Tost níos doimhne fós.

Tá rudaí ann nach leor bualadh bos chun iad a mholadh.