Airgead udair

Má dhéanann tú cuardach ar Google le haghaidh "lonely writers" gheobhaidh tú os cionn 600 sampla in imeacht 1.3 soicind

Má dhéanann tú cuardach ar Google le haghaidh "lonely writers" gheobhaidh tú os cionn 600 sampla in imeacht 1.3 soicind. Má lorgaíonn tú "frustrated writers" gheobhaidh tú os cionn 7,000.

Is é an scríbhneoir is mó aitheantas ar an Idirlíon, mar sin, ná an "frustrated writer". Mar a tharlaíonn, má lorgaíonn tú as Gaeilge iad, ní bhfaighidh tú faic. Ní frustrachas nó uaigneas go dtí sin, dealraíonn sé."

Sin cuid é sin de chaint a thug cathaoirleach Bhord na Leabhar Gaeilge, Vivian Uíbh Eachach, ag ócáid a bhí ar siúl san Ark i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tionóladh an ócáid chun na scríbhneoirí ar éirigh lena n-iarratas faoi scéimeanna an bhoird a fhógairt. Níor léir, ámh, frustrachas ná uaigneas bheith ar na scríbhneoirí Gaeilge a bhí i láthair.

READ MORE

Fógraíodh go raibh coimisiúin le bronnadh ar 17 scríbhneoir chun saothar a chur ar fáil, scoláireachtaí taighde ar cheathrar agus go raibh beirt scríbhnéoirí óga roghnaithe chun comhairle a fháil ó scríbhneoir aitheanta a chuideodh leo barr feabhais a chur ar a saothar.

Dúirt Uíbh Eachach go raibh scéimeanna litríochta an bhoird ann chun "cur ar chumas na scríbhneoirí is fearr inár measc saothair ardchaighdeáin a sholáthar" agus chun "misneach" a thabhairt do scríbhneoirí "aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an saghas pobail léitheoirí atá acu".

Tá na scéimeanna seo ar siúl ag Bord na Leabhar Gaeilge le cúig bliana anuas. Tá an bord tar éis tacú le breis agus 200 tionscadal ag scríbhneoirí san achar ama sin.

Nuair a bhí iarratais ar choimisiúin á lorg i mbliana dúradh go dtabharfaí tús áite do scríbhneoirí a chuirfeadh próslitríocht ar fáil do na haoisghrúpaí 9-12 agus 12-15 bliain d'aois.

Bronnadh coimisiúin, ar fiú idir €2,000 agus €8,000 an ceann, ar roinnt scríbhneoirí a raibh iomrá cheana orthu as ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do na haoisghrúpaí seo: Áine Ní Ghlinn atá chun tabhairt faoi dhá leabhar nua do dhaoine óga a scríobh; Gabriel Rosenstock; Michéal Ó Ruairc; Ré Ó Laighléis; Éilís Ní Dhuibhne; Siobhán Ní Shúilleabháin; Maidhc Dainín Ó Sé agus Clíodhna Cussen.

Bíodh gur fearr an aithne atá uirthi mar fhile tá coimisiún faighte fosta ag Biddy Jenkinson chun scéal do dhaoine óga a scríobh. D'fhoilsigh Coiscéim leabhar léi do dhaoine óga le déanaí - Mo Scéal Féin: Púca. Is iad Niamh Ní Lochlainn agus Caitríona Ní Chonaola an bheirt a roghnaíodh chun bheith páirteach i Scéim na nOidí.