Aifric Mac Aodha ag dul thar thairseach na filíochta

TUARASCÁIL: BA MHÓR agam a bheith i láthair ag ócáid san ardchathair an tseachtain seo caite nuair a sheol an tOllamh Máire …

TUARASCÁIL:BA MHÓR agam a bheith i láthair ag ócáid san ardchathair an tseachtain seo caite nuair a sheol an tOllamh Máire Ní Annracháin an leabhar nua Gabháil Syrinx (An Sagart) san Eaglais Uintéireach le slua mór i láthair ó shaol na Gaeilge agus ó shaol na scríbhneoireachta. Is é an chéad chnuasach filíochta ó pheann Aifric Mhic Aodha é.

Tá dúshlán curtha roimh nua-fhilí na Gaeilge aici dáiríre leis an mbailiúchán seo ina léirítear tráchtaireacht ar ionrabháil thrioblóidí an tsaoil chomhaimseartha ach nósmhaireacht a thugann an tseanaimsir le fios go smior. Ní éasca é a leithéid a chur fút.

Rugadh Mac Aodha i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1979 agus tá cuid mhór filíochta foilsithe aici in irisí le breis agus 15 bliain anuas. Teagascóir sa tSibhialtacht Cheilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í faoi láthair agus í ceaptha le déanaí ina heagarthóir Gaeilge san iris filíochta, The Stinging Fly.

Fear ildánach a bhí ina hathair, an tOllamh Breandán S. Mac Aodha, duine a d’fhoilsigh saothair fhilíochta i nGaeilge sna 1960í. Duine de bheagán sa chéad seo caite a mhúnlaigh scéal na téarmaíochta sa teanga leis an iliomad iarrachtaí éagsúla a raibh páirt aige iontu soláthar de théarmaí teicniúla a chur ar fáil sa teanga, agus ina speisialacht féin sa tíreolaíocht agus sa ghéolaíocht.

READ MORE

Tá cuid mhaith bainte amach ag clann a d’fhág Breandán agus a bhean chéile Íde (nach maireann beirt) tré chéile, cuid acu ag saothrú i saol na Gaeilge, agus cuid eile ag saothrú i saol poiblí na tíre i slite difriúla. Scríobhtar dán an duine acu sa chnuasach seo, a thugann an tábhacht a bhaineann leo don fhile le fios. Léirítear an easpa cinnteachta a bhraith Mac Aodha nuair a bhásaigh a bheirt tuistí in imeacht tamall beag de bhlianta dá chéile deich mbliana nó mar sin ó shin.

Is féidir a thuiscint ó chruth agus mhachnamh na ndánta, go míníonn an t-ábhar gach cuid d'aigneolaíocht an fhile. Is cnuasach é seo a thugann grásta an duine daonna chun cuimhne. Is féidir a áiteamh go bpléitear le téamaí an ghrá go ginearálta ( Focail Dúshláin, Athair agus Iníon, Bheith Istigh), téamaí an bhróin (vii, Labhraíonn Conlae) agus trioblóidí an tsaoil chomhaimseartha ( Briseadh an bholcáin). Ní sheachnaíonn sí mothú an ghrá, nó mothú fisiciúil an ghrá go fiú. Sna línte, "Go dtuiginnse cad is múscailt" ón dán Focail Dúshláin agus "Chuireas mo long trí thine ar chéadtheacht dom i dtír" ón dan Bheith istigh feictear na meafair láidre a chuireann leis an íomhá atá cheana féin cruthaithe i gcéadlínte na ndánta sin faoi seach.

Bunaíonn Mac Aodha an cnuasach ar shraitheanna dánta, agus braithim gur codanna beaga de thuras atá sna sraitheanna; turas a rianaíonn aistear an fhile sa saol go dtí seo – saol gur ghá di an grá, an sonas, an brón ar fad a thuiscint; saol ina mbíonn sí an-bhuíoch dóibh siúd a ghlac páirt ann go dearfach. Cuimsíonn an cnuasach seo a saol – cuid dá luathfhilíocht; cuid dá filíocht dhéanach; dánta dá cuid oidí agus dá muintir is siblíní; dánta grá dóibh siúd atá ionúin. Is léir gur chuidigh daoine áirithe leis an bhfile agus is fearr di a buíochas a léiriú trí fhílocht a thiolacadh dóibh.

Níor tháinig an file seo ar an saol foilsitheoireachta thar oíche. Sular tháinig filí nua na haoise seo ar an bhfód, sular cruthaíodh grúpa agus Scríbhneoirí Úra na Gaeilge atá luaite go minic agus go moltach ar leathanaigh an nuachtáin seo, bhí scríbhneoir úr ag saothrú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Cailín a d’fhreastail ar Choláiste Íosagáin, a fuair múnlaí na Gaeilge ó Mhairín Feirtéar, leas-phríomhoide na scoile an uair sin agus príomh-mhúinteoir Gaeilge na hardteiste; iníon léinn a ceapadh ina captaen scoile bíodh agus í ciúin-cainteach agus discréideach.

Bhí an Léann Clasaiceach ina ábhar scoile aici, múinte ag an mBráthair G. D. de Barra, rud atá le sonrú go mór tríd is tríd an gcnuasach seo sa tslí agus go leanann an file téamaí na Sean-Ghréige agus Sean-Róimhe tríd an leabhar.

Nuair a shroich sí UCD áit ar thug sí faoin nGaeilge agus Béarla i dtosach, (agus Gaeilge agus Sean-Ghaeilge ar deireadh) bhí an Dr Caoimhín Mac Giolla Leith agus Dónall Ó Braonáin i measc na léachtóirí luatha a spreag í.

Duine de na léirmheastóirí is géarchúisí dá bhfuil againn san fhilíocht chomhaimseartha le breis agus 25 bliain anuas é Mac Giolla Léith, agus is mór an moladh é don fhile, creidim, an tslí a théann sé i ngleic leis an gcnuasach ina réamhrá, á rá go bhfuil “idir íogaire agus chrógacht ag roinnt leis an gcéad chnuasach dánta seo”.

Ní raibh gach bliain sa choláiste chomh taitneamhach sin, ach is ann fós is mó, le sealanna caite aici in Ollscoil Luimnigh, Coláiste Phádraig, Coláiste Oideachais Froebel agus Ollscoil Chathair Naomh Peadar.

Sna blianta sin, ní lúide an chabhair a fuair sí ón Ollamh Nicholas Williams agus ón Ollamh Pádraigín Ní Cheallaigh agus aitheantas tugtha sna dánta atá tiomnaithe dóibh.

Ealaín focal atá sa chnuasach seo. Tá an Ghaeilge féin á scríobh le hardchaighdeán nach bhfacthas le tamall de bhlianta sa chéad fhoilseachán filíochta le file. Is fiú tionchar Phádraig Mhic Fhiannachta ar an mbailiúchán seo a aithint. Tá cóiriú na ndánta foirfe, agus is féidir leis an léitheoir agus leis an údar araon a bheith buíoch de.

Tá am caite ag an bhfile, go háirithe sna sraitheanna, Scéal Syrinx, Dánta do Dhaibhí, Echtrae Conlaeagus Turas na mBolcánvéarsaíocht chórasach a úsáid le cur leis an insint atá le fáil san fhilíocht. Feictear samplaí chomh maith céanna den tsaorvéarsaíocht i gcodanna eile den chnuasach a thugann réimse scríbhneoireachta an fhile le fios. Ní heol dom an samhlaíonn Mac Aodha cnuasach eile uaithi féin sa ghearrthéarma, ach ba mhór an trua muna mbeadh comharba ag Gabháil Syrinx. I léacht a thug Mac Aodha do ghrúpa scoláirí aibí an bhliain seo caite sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, rinne sí spléachadh fairsing ar fhilíocht na Nua-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath féin, agus is léir ón gcnuasach seo go mbeidh tuilleadh le rá faoi fhilíocht uirbeach na cathrach, trí mheán na cumadóireachta amach anseo.

Taobh amuigh de seo ar fad, cruthaíonn an cnuasach seo go seasann Aifric Mac Aodha amach faoi láthair i measc nua-fhilí na Gaeilge. Ní mar chuid de ghluaiseacht scríbhneoirí úra na Gaeilge a shamhlaím í sa chás seo, ach duine de na scríbhneoirí aitheanta cruthaithe, tar éis an bailiúchán seo a chur di agus a cuid dintiúirí sa cheird bainte amach aici.

Scríbhneoir le “s” mór atá in Mac Aodha agus is duine í ata ag forbairt fós i gceird na scríbhneoireachta. Tá téagar an léinn le sonrú sa chnuasach seo. Tairseach atá ann don fhilíocht sa Nua-Ghaeilge sa mhéid agus gur féidir léann agus téagar na filíochta a aithint athuair. Is beag filíocht atá foilsithe ó údair sa chéad bhailiúchán dá gcuid le breis agus 20 bliain sa Nua-Ghaeilge gur féidir é sin a mhaíomh.

  • Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel i mBaile Átha Cliath é an Dr Liam Mac Amhlaigh

aibímature – aitheantasrecognition – comhaimsearthacontemporary – crógachtcourage – dúshlánchallenge – gabháilseizure – géarchúiseachastute – ildánachversatile – íogairesensitivity – íomháimage – réamhráintroduction – tábhachtimportance – uirbeachurban