'Aibheil na mean'

Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh na meáin chumarsáide ag déanamh "áibhéile" den chostas a bhainfeadh le hAcht…

Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh na meáin chumarsáide ag déanamh "áibhéile" den chostas a bhainfeadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Ba bhreá leis é dá mbíodh sé ábalta cuid de na seirbhísí a chur ar fáil a bhí á lua ar na meáin. Ach d'aithin sé gur rud "céimiúil" a bhí san Acht agus bhí rún aige "bogadh ar aghaidh go deas stuama".

Bhí Ó Cuív ag caint agus é ag seoladh leaganacha Gaeilge de na pacáistí ríomhaireachta Windows XP agus Microsoft Office 2003 i mBaile Átha Cliath inné.

Dúirt sé: "Thugamar geallúint, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, go gcuirfí níos mó seirbhísí poiblí d'ardchaighdeán ar fáil i nGaeilge. Cuirfidh an tionscadal seo go mór lenár gcumas é sin a dhéanamh agus cabhróidh sé go mór leis an tseirbhís phoiblí feidhmiú trí mheán na Gaeilge."

READ MORE

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha: "Is sampla maith an tionscadal seo den chineál oibre ceannródaíoch sa teanga a áiríonn muid mar ról lárnach dár n-eagraíocht. Is í ár bhfís ná an t-éileamh ar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs nua-aoiseach a spreagadh do mhuintir na hÉireann ina saol laethúil."

Thabharadh na bogearraí seo deis do lucht na Gaeilge oibriú trí mheán na teanga agus foghlaim agus gnó a dhéanamh inti, a dúirt sé.