Agallamh na heigse

 

An Peann Coitianta: Cnuasach sultmhar lán de ghreann é Agallamh na hÉigse (An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta), imleabhar d'agallaimh bheirte, lúibíní, ceapóga agus amhráin saothair atá bailithe agus curtha in eagar go grámhar ag Seán Ó Morónaigh.

Tá ócáid ar leith déanta d'aithriseoireacht agus de chur i láthair na n-agallamh ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta le tamall maith de bhlianta, agus aitheantas dá réir tugtha don fhoirm cheardaíochta agus ealaíne seo atá fáiscthe glan amach as cliabhán clasaiceach na litearthachta pobail.

Ní ar theilifís ná ar raidió, ar nuachtán ná in iris liteartha atá an chuid is deisbhéalaí agus is géire de thráchtaireacht phobal na Gaeltachta ar a gcúrsaí saolta féin le fáil le fada an lá, ach san agallamh beirte, go háirithe, agus sna foirmeacha eile aithriseoireachta ina dhiaidh sin.

Tá trácht sna hagallaimh ar ectasy agus poitín, ar an gauger agus an dole, an Teilifís, an seanduine dúr agus an bhean óg aerach, ar slurry muc agus imirce, ar an sliabh, an garraí, an portach agus an cladach, agus ar an nGaeltacht féin.

Is beag ochónachas atá iontu - ní amach as cistin na Mainistreach a fáisceadh iad - ach iad ina saghas sitcoms beirte chomh deisbhéalach le Porridge gan aon phrapa ná taca físiúil.

Sa chaint, mar is dual, atá an fhísiúlacht. Ceann de na tréithe a bhaineann leis an gcnuasach seo ná guth sainiúil úd an phobail chomh beo bíogúil le faithní ar dhraighean. Scoitheadh iad as real life.

Ní haon ardfhilíocht é - agus ní mhaífeadh éinne gurb ea - ach tá nithe le foghlaim as ag ardfhilí muna bhfuil casadh nó cor crothóige na hardfhilíochta.

Tá an bhuncheardaíocht a bhaineann le drámaíocht sna hagallaimh: focail a chur i mbéal daoine agus daoine a chur ag freagairt a chéile agus ag áiteamh ar a chéile. Níl aon tost sna hagallaimh:

I made the Iliad from such


A local row.

Tá múnlaí meoin iontu, rian an ocrais siar amach, cruatan agus éagruas, an tól agus an staonadh, saoltacht agus greann in áit féintrua. Tá siad lán de dhaonnacht. Is dócha gur taifead de shaghas éigin iad.

Tugaim féin taitneamh dóibh agus bainim taitneamh astu. Is saghas peaca in aghaidh na léirmheastóireachta liteartha taitneamh ar bith.

Is dócha go dtéann préamhacha na n-agallamh agus na bhfoirmeacha eile siar amach. Is cinnte go bhfuil gaol acu leis an Sotach is a Mháthair a bhfuil leagan an tSeabhaic againn de sa chnuasach seo:

Mara bhfuil ins na Flaithis ach gradam is ceolta


Conas a gheobhadh bolg bocht folamh aon spórt ann?


Ná a bhfuil de Naoimh ina na Flaithis ag spreagadh a gcuid ceolta,


Ba bhinne liom torann an phota a mbeadh feoil ann


Nó dorn de bhocanna gorma 'róstadh.

Tá leagan taifeadtha agam féin den Sotach a sheol cara chugam ar CD MP3 - is mar sin a mhairfidh an cineál seo cumadóireachta a dtugann an teicneolaíocht léas nua di.

Is gearr go mbeidh agallaimh againn ar an nGréasán Domhanda agus ar an Idirlíon, muna bhfuil cheana, agus níl cúis ar bith ann nach mbeidís á gcur ar fáil ar shuíomh idirlín.

Tá tagairt ag Seán uasal Ó Morónaigh ina chnuasach do Thadhg ó Conchubhair áirithe ó Lios Póil i gCiarraí a fuair bás i 1925.

Tá roinnt agallamh a bailíodh uaidh anseo, cuid acu atá fíorspéisiúil - mar shampla Tréalach agus Mairéad.

Más fíor gur ó uncail dó a fuair an Conchubharach féin é, i lár an naoú haois déag ar a dhéanaí a cumadh é. Baineann an t-agallamh le dul ar scoil an uair úd, le heagla agus le greadadh, agus le hathrú teanga:

Nár chualaís an sagart lá an station


Ag gabháil dom 'athair gan traochadh


Nuair ná féadfaimis Béarla 'thabhairt do?"


Féach an máistir a Thréalaigh


Anuas an bóithrín caol chugainn,


ísligh do phlaosc agus rith.


B'fhé' go gcuirfeadh sé Béarla


Le míorúilt inár bplaosc chugainn.


Ragham i bhfolach uaidh sa bhfraoch ar an gcnoc.


An bhliain a cailleadh an Conchubarach a bailíodh fianaise agus ráitis ón bpobal don Chéad Choimisiún Gaeltachta agus bheadh sé spéisiúil an meon san agallamh agus cuid de na ráitis a tugadh don choimisiún a chur i gcomparáid le chéile.

Ach is ceardaíocht chomhaimseartha thar aon ní an t-agallamh beirte, agus taithí againn air ó gach ceantar Gaeltachta.

Tá cumadóirí rábacha i Múscraí ai Ráth Cairn, i gConamara agus i gCorca Dhuibhne i gcónaí - n'fheadar faoi Thír Chonaill - ach tá sáragallaimh anseo nach bhfaca-sa cheana ó Cholm Ó Cualáin Charna, agus de thoradh Scoileanna éigse agus Seanchais na Gaillimhe.

Tá an "scríobh isteach" iontu agus "an cárta beairice", síolta chré úd na cille scaipthe ar fud na ngarraithe agus na mbuailí.