Ag tabhairt aghaidh ar Facebook

BEOCHEIST: Ag féachaint ar alt faoin ngréasán Facebook atáim ina gcáineann an t-iriseoir an gréasán teagmhála Idirlín…

BEOCHEIST:Ag féachaint ar alt faoin ngréasán Facebook atáim ina gcáineann an t-iriseoir an gréasán teagmhála Idirlín.

Caitheann sé níos mó ná dhá uair an chloig gach lá ag stánadh ar an scáileán. Cuardaíonn sé próifíl a gcairde, cumann sé teachtaireachtaí agus freagraíonn sé ceisteanna ann.

Is seirbhís saor in aisce í, le heolas atá uait agus nach bhfuil uait, ach b'fhéidir, suimiúil ag an am gcéanna. Comhraítear do chairde ann agus má bhrúnn tú ar chnaipe áirithe, d'fhéadfá na daoine sin a dhiúltú.

Is féidir stádas gach duine a fhiosrú, go laethúil, nuacht atá níos fearr ná aon nuachtán an lae. Is andúileach é an t-iriseoir anois mar is dúil leis an chúlchaint fhíorúil.

READ MORE

Suím sa seomra feithimh, fós ag feitheamh don bhfiaclóir. Tá an t-alt beagnach críochnaithe agam. Séideann na dallóga donna a chlúdaíonn an fhuinneog. Osclaíonn an doras amach agus siúlann A isteach.

Ní bheadh aithne ag A ormsa fós. Faraor, níl an ceart agam mar beannaíonn sí dom. Deireann sí nach n-aithneodh sí mé. Ach, d'aithin.

Cuireann sí ceist orm faoin gcúrsa a dheineas sa choláiste. Gan anáil a tharraingt fiafraíonn sí díom faoi mo dheartháir agus mo dheirfiúr.

An méid sin ar eolas, suíonn sí síos ar an tolg bog in aice na n-irisí, ag féachaint ar íomhá fiacaile, ar chlár na bhfógraí. Cuireann sí iachall orm níos mó eolais a thabhairt di faoin gcúrsa sin.

Osclaíonn fear an doras go cúthaileach agus tagann T inár dtreo. Beannaímid a chéile agus aontaímid nár fhacamar a chéile le fada. Tar éis súil a chaitheamh timpeall an tseomra, línte lúbtha ar a éadan, cuimhníonn sé ar cheist.

Freagraím cén cúrsa a dheineas agus míním cad tá á dhéanamh ag mo dheirfiúr agus ag mo dheirfiúr. Fiafraíonn sé díom mar gheall ar an bplean atá agam anois. Cuardaím freagra fiúntach, ach seans go mbeadh tuilleadh tuairimí aige domsa, b'fhéidir?

Tosaíonn T ag caint le hA. Faigheann T amach uaithi go bhfuil cara leo tar éis éirí as a post agus go mbeidh sí ag bogadh abhaile sara fada.

Níl aithne agam uirthi, cé go bhfuil A deimhnithe go bhfuil agus míníonn sí an bhean seo níos cruinne, fós ní fios cé hí. Ligim orm go bhfuil cur amach agam uirthi chun í a shásamh agus ansan leanann sí uirthi, go gealgháireach, le cén cúrsa atá déanta aici.

Bogann an bhanaltra na bréagáin as an tslí, í gléasta in éadaí bána agus treoraíonn sí mé isteach chuig an bhfiaclóir. Luím siar ar an gcathaoir fhada agus socraítear gloiní speisialta thar mo shúile.

Freagraím ceisteanna maidir le mo chúrsa agus cén plean atá agam anois. Deirim cá bhfuil mo dheartháir agus mo dheirfiúr. Osclaím mo bhéal dó, sásta nach féidir liom tuilleadh a rá, cé go leanann na ceisteanna. Mo cheann sínte siar ag stánadh ar an tsíleáil bhán, mo bhéal oscailte aontaím le gach rud le "ah haa" mar fhreagra.

Sa chúlra, molann Gerry Ryan Facebook toisc gur féidir leis tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar chairde, cumarsáid gan chaint, fiú, foirfe. Tosaíonn an fiaclóir ag gearán faoi Bhebo, agus an tslí go gcaitheann a iníon uair gach lá ag cuardach eolais faoina cairde.

Geallaim nach n-ólfaidh mé caifé le dhá spúnóg siúcra go deo arís tar éis fiacha an fhiaclóra a íoc.

Téim go dtí an caifé béal dorais. Tá m'athair ag fanacht liom agus ordaím caifé le siúcra. Léann sé an Kerryman go díograiseach. Tagann A isteach, le gáire mór bán, sínte ar a haghaidh. "Buailímid le chéile arís!"

Ní chreideann sí é.

Deireann sí in ard a gutha liomsa agus lena fear chéile atá suite ag feitheamh léi, cén cúrsa atá déanta agam. Tá nuachtán an lae ag clúdach aghaidh an fhir ach, táim cinnte go bhfuil an-spéis aige sa scéal atá aici.

Sa chaifé le WIFI fógartha go soiléir ar an bhfuinneog, tá fear ar an Idirlíon. Ní as an Daingean dó, strainséir óg ag ól caifé, ag bogadh a aghaidh sall 'is anall le rithim an cheoil.

Ní bheadh an mianach air labhairt linn faoi scéal mar seo. Ní bhacann sé le héinne. Is dócha go bhfuil sé ar Facebook ag cuardach stádas a gcairde, cén cúrsa atá á dhéanamh acu, cá bhfuil a deartháireacha agus a deirfiúracha.

I mbaile beag, ní féidir cairde a bhaint le cnaipe ar an ríomhaire, bíonn daoine i gcónaí ann, cumarsáid le caint ann, gan cháineadh.

Is léir nach bhfuil gá le gréasán fíorúil i mbaile beag réadúil.