Ag snamh in Eadan na haoise

Beocheist:   Bhí Seachtain in aghaidh Aoiseachais, nó Seachtain na Seanóirí mar ba chruinne a thabhairt uirthi, ar siúl ón 15ú…

Beocheist:  Bhí Seachtain in aghaidh Aoiseachais, nó Seachtain na Seanóirí mar ba chruinne a thabhairt uirthi, ar siúl ón 15ú go 19ú Bealtaine.

Ba iad a d'eagraigh an tionscnamh seo ná an tÚdarás Comhionannais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Náisiúnta um Aosú agus Daoine Aosta.

Ba é aidhm na seachtaine ná eolas agus tuiscint a chur chun cinn i measc an phobail ar an tslí a mbíonn seandaoine á scoitheadh amach ón tsochaí ag an aoiseachas.

Ar ndóigh, tá seans maith go ndéantar leatrom ar dhuine toisc an óige bheith aige gach pioc chomh minic is a dhéantar éagóir ar dhuine toisc é bheith anonn in aois ach ba mhó an aird a díríodh ar mhíbhuntáistí na haostachta i rith Sheachtain in aghaidh Aoiseachais.

READ MORE

Ba é an t-iar-Thaoiseach Gearóid Mac Gearailt, fear a bhfuil a chúlfhiacla curtha go maith aige féin, a chuir tús le himeachtaí na seachtaine seo. Cháin Mac Gearailt na rialacha dochta maorlathacha a chuireann ar dhaoine éirí as a bpoist agus trí scór is cúig bliana bainte amach acu.

Tá iarracht den íoróin ina ndúirt Mac Gearailt sa mhéid is go raibh air féin éirí as a phost mar Theachta Dála agus é claon beag níos sine ná 65. Níorbh aon riail maorlathais ba chúis leis sin, áfach, ach riail daonlathais - níor aththoghadh chun na Dála é.

Pé scéal é, bhí an láncheart ag iar-cheannaire Fhine Gael. Níl ciall dá laghad ag baint le hiallach bheith ar dhuine droim láimhe a thabhairt lena chuid fostaíochta toisc aois áirithe éigin bheith slánaithe aige.

An lú an cumas atá ag múinteoir a bhfuil 66 bliain aige, mar shampla, ná an cumas a bhí aige rang a mhúineadh agus 65 bliain aige? An dtéann de mhúinteoir smacht a choimeád ar rang daltaí agus aois áirithe curtha de aige?

Má bhí bua ag múinteoir matamaitice cothromóidí cearnacha a mhíniú go simplí agus go soiléir le 40 bliain anuas, an éalódh an bua seo uaidh dá dtabharfadh sé aon bhliain agus 40 leis an múinteoireacht? Níl ach freagra amháin aonbhríoch ar na ceisteanna seo go léir agus is freagra diúltach é.

Is cinnte go bhfuil poist áirithe nach bhfuil oiriúnach don té atá ag dul in aois. Ní chuirfeá fear sna 80í ag obair ar láithreán tógála, mar shampla, ach ar an gcuid is mó de is beag tionchar a bhíonn ag aois duine ar a acmhainn ar obair. Is tábhachtaí i bhfad an spéis a chuireann sé inti agus an sult a bhaineann sé aisti.

Más múinteoir maith é duine agus dhá scór de bhlianta aige, is múinteoir maith a bheidh ann agus é sna 60í agus cén fáth nach mbeadh sé ina mhúinteoir maith nuair a bheidh sé sna 70í?

Dá bhféachfaí ar shlíte beatha nach bhfuil rialacha dochta i gceist acu maidir le haois na ndaoine a bhíonn á gcleachtadh, d'fheicfí gur beag an laincis a chuireann aostacht ar dhéanamh oibre.

Rugadh an stiúrthóir scannán Meiriceánach Robert Altman i 1925 agus cúpla ceann de na scannáin ab fhearr atá déanta aige, tháinig siad amach nuair a bhí breis is 65 aige, mar a bhí The Player (1992) agus Short Cuts (1993).

Anois agus aon bhliain is ceithre scór aige tá an chéad scannán eile dá chuid le teacht amach. A Prairie Home Companion is teideal dó agus deirtear go bhfuil sé ar aon chaighdeán leis na saothair is fearr atá cruthaithe aige.

Is léir gur beag an chiotaí ar Altman í an aostacht.

Ar ndóigh, níl easpa daoine in Éirinn ach oiread a bhíonn gníomhach saothrach in ainneoin aois mhór bheith acu.

Ba dhuine den saghas seo é John de Courcy Ireland a cailleadh mí Aibreáin agus 94 bliain aige. Ba staraí mara fíor-thábhachtach é de Courcy Ireland a raibh tuairim is ocht dteanga ar a thoil aige. Bhí obair iontach ar siúl ag de Courcy Ireland nuair a bhí a chomhaoiseanna ar phinsean nó ar shlí na fírinne.

Bhuail mé leis an bhfear féin cúpla seachtain sular bhain sé 92 amach. Bhí sé ag gabháil do pháipéar faoi ghné áirithe de stair na mara a bheadh á léamh aige ag comhdháil sa Spáinn.

Bhí sé díreach tar éis glaoch gutháin a fháil go mba chóir nach mbeadh a pháipéar níos faide ná 10 leathanach.

"Táim beagnach lánchinnte de nach glaoch meabhrúcháin a fuair mé in aon chor. Measaim gurb é seo an chéad trácht atá déanta acu ar fhad mo pháipéir," ar seisean, "agus tá fiche leathanach de scríofa agam cheana!"

Ní haon mheáchan iad na blianta.