Ag meilt ama agus ag léirsiú

Bhíos ag siúl síos Sráid Uí Chonaill ag labhairt Gaeilge le Joe

Bhíos ag siúl síos Sráid Uí Chonaill ag labhairt Gaeilge le Joe. Chuireamar beirt agus thart ar leathmhíle duine eile bac leis an trácht ar feadh tamaill agus sinn ag léirsiú ar son "Cúigear Rossport" agus i gcoinnibh fiontar Shell/Statoil i gContae Mhaigh Eo.

"Nach gcuirfeadh an saol lagmhisneach agus easpa dóchais ar dhuine?"

"Á, n'fheadar," ar seisean.

Déarfainn go dtugann Joe aghaidh chróga ar an saol i gcónaí.

READ MORE

"Bhfuil fhios agat," ar seisean, "Is oth liom a rá nach maith liom Bob ná Bono ar chor ar bith, beag ná mór, ach féach mar a spreagann siad daoine óga chun gnímh. Ábhar dóchais, nach dóigh leat?"

"Ach ní cháineann ceachtar den mbeirt an t-ionradh ar an Iaráic. Ní thuigim san."

"Ná mise."

Ábhar dóchais cinnte an méid Gaeilge a bhí le clos ag an léirsiú. Stopamar ag Ardoifig an Phoist le haghaidh na n-óráidí, Joe Higgins, TD, ar dhuine de na cainteoirí. Seo fear a bhfuil meas na ndaoine air ag dul i méid in aghaidh an lae.

Thug Joe rabhadh do na Gaeltachtaí eile go bhféadfadh an rud céanna tarlú dóibhsean agus atá ag titim amach i nGaeltacht Cheathrú Thaidhg, Co Mhaigh Eo. Mhol sé dóibh bheith ar an airdeall agus d'iarr orthu tacaíocht a thabhairt do mhuintir an chontae.

An oíche sin chuas a luí go luath mar rud amhain faoin mbóthar seo againne - bímid go léir inár ndúiseacht le moch na maidine na laethanta seo. Bodhraítear sinn nuair a thosnaíonn an sáiteoir pílí i bpáirc 50 slat ón tigh.

Greim faighte ag foirgneoir ar phíosa eile talún fós. I gcionn bliana nó mar sin beidh radharc againn ar cúig nó sé cinn de bhlocanna arda árasán a cheilfidh cuid de sholas na spéire orainn. Nach méanar dúinn.

Is uafásach an torann a bhíonn á dhéanamh ó mhaidin go hoíche. Tá sé chomh holc sin gur smaoiníos ar éalú go hOileán Chléire, ball ciúin síochánta. Chuireas glaoch ó dheas ar sheanchara. Gháir sé.

"Ní chreidfeá é ach tá an rud ceannann céanna le tosnú anseo! Druileáil! Faoi dheireadh thiar táthar tar éis tosnú ar an gcaladh a dheisiú. Géarghá leis.

"Caithfear cur suas leis an torann agus ar a laghad níl baol ar bith ann go mbeidh blocanna árasán againne!"

Samhradh sa bhaile, más ea. Ní haon chúis ghearáin é sin, nach bhfuil na mílte is na mílte i bhfad níos measa as ná mise. Cé is moite den druileáil beidh samhradh ciúin agam, déarfainn.

Tá leath de phobal na hardchathrach imithe ar saoire, más fíor. Go deimhin is beag duine a ghlaoigh orm le tamall seachas na daoine a bhíonn i mbun "cold calling" agus iad ag iarraidh labhairt leis an té a íocann an bille.

D'iarras ar Eircom cosc a chur ar na glaonna sin - is féidir é sin a dhéanamh, bhfuil fhios agat? - ach anois ní bhíonn gíog as an bhfón. Ní binn fón ina thost.

Réamhtheachtaire na seanaoise - bhí orm dul chuig dochtúir na gcos! Fear deas ciúin, ógfhear cumasach a bhí ag fulaingt pianpháis é féin ón uair gur ghortaigh sé a dhroim.

D'inis sé dom faoi dhochtúir an droma, fear cumasach eile a bhfuil ceithre chlinic aige agus ingearán dá chuid féin aige le dul ó áit go háit. A leithéid! Amach liom go beo ar mo chosa leigheasta agus isteach liom sa Nissan Sunny 92 D, an dath bán tréigthe caillte ag an tseanaois.

Bhuaileas le beirt ógfhear den chéad uair an samhradh seo. Duine acu mo gharmhac nua, Conal James.

Deirdre, bean Chonallach mar chomharsa aige agus nuair a bhuaileadar beirt lena chéile den chéad uair ní raibh faic le rá aige féin, na focail áilne a tháinig óna béal siúd ná "Ó, a thaisce".

Níor thuigeas brí an fhocail i gceart go dtí sin. An chéad chamán ceannaithe dó cheana féin ó Chumann Chill Mhochuda na Crócaigh, club a bhain an chraobh ag Féile iománaíochta na nGael i lár an tsamhraidh - aiséirí i ndán don iomáint i mBleá Cliath?

David an dara duine, seacht mbliana d'aois, scéalach faoin scoil agus faoina mhúinteoir, Miss Ryan. Bhí méar a choise tinn - tuigim dó - mar thit sé den rothar.

Bhí sé ag cur fola agus sea, bhí sé ag gol ach dhein mamaí é a leigheas agus tá sé ar ais ar an rothar arís.

Buachaill Afracach é David, bhuaileas leis ag an Dún Laoghaire Refugee Project.

"Where are you from, David?" a d'fhiafraíos de.

"Here," ar seisean.

An bhfuilir ag éisteacht, a Aire Dlí is Cirt?