Ag fóirithint ar fhórsaí na banríona

BEOCHEIST: IS DÓCHA gur cúis áthais dár gcuairteoir uasal, an Bhanríon Eilís II – má chloiseann sí an scéal – go bhfuil daoine…

BEOCHEIST:IS DÓCHA gur cúis áthais dár gcuairteoir uasal, an Bhanríon Eilís II – má chloiseann sí an scéal – go bhfuil daoine sa Stát seo atá sásta féachaint i ndiaidh leas a saighdiúirí atá i bpianpháis agus faoi strus iarthrámach de bharr gach ar fhulaing siad ar pháirc an chatha.

Tá sé dian go leor ar chuid againn glacadh leis gur cheart cabhrú le saighdiúirí na ríochta a dhein iarracht sinn a cheansú. Ach sa deireadh thiar is ceist daonnachta é, níl teora leis an trócaire.

Ar aon nós is Éireannaigh breis is 4,000 de na daoine atá liostáilte i bhfórsaí armtha na Breataine – uimhir atá ag dul in airde i gcónaí toisc go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíochta fós ár bhfáisceadh.

Bhunaigh Charlotte Cole agus Eva Hamilton, Éireannach, an Warrior Programme (WP) sa Bhreatain ceithre bliana ó shin. Meastar gur chabhraigh an clár le breis is 400 iarshaighdiúir go dtí seo agus tá fúthu fóirithint ar 2,000 eile faoin mbliain 2014.

READ MORE

Bunaíodh WP ar bhonn phíolóta in Éirinn i bhfómhar na bliana seo caite.

Leagadh an bhunchloch in Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí nuair a dhein 16 iarshaighdiúir as arm na hÉireann agus as arm na Breataine freastal ar chúrsa trí lá.

Ba léir go raibh mothúcháin diúltacha ag cur isteach orthu.

Níor tugadh leigheas simplí dóibh ach níos tábhachtaí go mór tugadh roinnt de na huirlisí dóibh a chabhróidh leo aghaidh a thabhairt ar na cruacheisteanna atá ag déanamh tinnis dóibh. Tionóladh cruinnithe eile ó shin a thug tacaíocht phraiticiúil do na hiarshaighdiúirí agus a dhaingnigh iontu conas na huirlisí a úsáid go héifeachtach.

Cad iad go díreach na rudaí a chuireann isteach ar iarshaighdiúirí?

Is liosta le ríomh iad.

An anacair is dúlagar, féinmheas íseal, dearcadh is mothúcháin diúltacha, deacrachtaí maidir le nasc a athcheangal leis an tsochaí. Meastar go mbíonn idir 10-25 faoin gcéad d’iarshaighdiúirí gan dídean ó am go ham.

An rud is measa a ghoilleann ar shaighdiúirí tar éis catha nó tráma thromchúisigh eile ná an neamhord struis iarthrámaigh (post-traumatic stress disorder, PTSD).

Tar éis tráma is gnáthach do dhuine bheith eaglach is brónach. Ach munar féidir le duine na mothúcháin sin a chaitheamh uaidh, má bhíonn sé scartha ón ngnáthshaol, má cheapann sé go bhfuil sé fós i mbaol, munar féidir leis na droch-chuimhní a dhíbirt, munar féidir leis bogadh ar aghaidh lena shaol, ansin seans maith go bhfuil an duine sin faoi smacht an PTSD, gan dóchas go bhfillfidh sé riamh ar an saol mar a bhí.

Creideann lucht an Warrior Programme go bhfuil faoiseamh i ndán don té a bhíonn faoi chuing an PTSD. Baintear úsáid as Yoga agus Tai Chi ach dírítear ach go háirithe ar thrí mhodh oibre.

Is ionann “neuro-linguistic programming” (NLP) agus na gnáthphatrúin iompraíochta a úsáideann an duine i réimse leathan ócáidí éagsúla.

Tá an intinn mar a bheadh ríomhaire ann a mbíonn ríomhchláir á rith aici de shíor, tugtar treoir don duine cad is gá a dhéanamh leis an eolas atá á chur isteach agus as sin leanann patrúin iompair atá inmhianaithe.

I “timeline therapy” cabhraítear leis an duine na drochrudaí go léir a chur taobh thiar de, taobh thiar den líne, agus ansin féachaint amach roimhe ar na rudaí maithe atá fós ag fanacht leis ina shaol.

Fadó dar le sagairt is lucht cneasaithe i Haváí dob é mothú na ciontachta ba mhó ba chúis le gach saghas tinnis, idir anam is corp.

Inniu tá seanteicníc Haváí ag teacht chun cinn i saol an iarthair; tugtar Huna nó “Na Rúin” ar na scileanna seo.

Tugtar clabhsúr don té atá brónach, feargach, faoi dhúlagar agus fonn díoltais air. Cabhraítear leis maithiúnas a thabhairt, leorghníomh a dhéanamh is sonas a ghuí ar an té a d’fhág gonta é.

Tá sé dodhéanta cuntas ceart a thabhairt ar mhodhanna oibre WP in alt gearr.

Tá sé fuirist róshimpliú a dhéanamh orthu. Is straitéisí conspóideacha iad.

Is straitéisí iad, dar le WP, a thugann an dínit is féinmheas ar ais don duine leonta agus a thugann na huirlisí dó le saol níos saibhre is iomláine a chaitheamh. Cruthaíonn na torthaí an fiúntas, dar le lucht WP.

Faoi láthair tá maoiniú príobháideach á fháil ag WP. Ach dar le gníomhaí leis an chlár i mBaile Átha Cliath: “Go réalaíoch ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar sin. Caithfear cúrsaí airgid a chur ar bhonn atá buan is socair.”

Eolas: warriorprogramme.org.uk