Ag dul sa seans i gcineama Lublin

Beocheist: Don té a chuireann suim i gcúrsaí pictiúrlainne is áit spéisiúil í Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne…

Beocheist: Don té a chuireann suim i gcúrsaí pictiúrlainne is áit spéisiúil í Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne.

Tá tuairim is 400,000 duine ina gcónaí i Lublin agus breis is cúig institiúid tríú leibhéal sa chathair.

Agus líon chomh mór sin daoine óga bheifí ag súil le roinnt saibhris ó thaobh na scannán de agus déarfá ar dtús go bhfuil teacht ar an saibhreas sin.

Is leor sracfhéachaint ar na leathanaigh chultúir sna nuachtáin le tú féin a chur ar an eolas go bhfuil seacht bpictiúrlann i Lublin, nó seacht bhfoirgneamh a dtugtar pictiúrlanna orthu.

READ MORE

Ach ba ghearr go bhfuair mé féin amach nach bhfuil ach aon scáileán amháin i ngach ceann de na foirgnimh seo. Ní drochrud ann féin é cineama nach bhfuil an dúrud scáileán ann ach níorbh fhéidir a shéanadh ach go gcuireann sé teorainn nach beag le líon na scannán is féidir a thaispeáint agus gan ach an scáileán aonair le cur chun feidhme.

Ní ionadh, ina fhianaise sin, nach mbaineann scannáin áirithe Lublin amach.

Anuraidh, mar shampla, bhí an scannán fada mórthaibhseach Ray, faoin amhránaí Ray Charles le feiceáil ar scáileáin na bpictiúrlann i Vársá, príomhchathair na Polainne, ach ní dhearna Ray an turas 300 ciliméadar ó Vársá go Lublin.

Muna mbíonn scannáin mhóra chostasacha den saghas seo le fáil i bpictiúrlanna Lublin is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an-chuid scannán neamhspleách a dhéantar ar bheagán costais nach dtaispeánfar riamh ar scáileán pictiúrlainne i Lublin. Is iontaí fós é seo nuair a smaoinítear go bhfuil breis is 50,000 mac léinn sa chathair seo, an lucht féachana is oiriúnaí don saothar beag neamhspleách.

Ach seachas na scannáin a thaispeántar, nó nach dtaispeántar, is cuid suntais iad roinnt de na pictiúrlanna féin. Tá an cineama Medyk suite ar an gcúigiú hurlár in ospidéal.

Ba mhaith liom a rá gur geall le halla léachta do mhic léinn leighis é Medyk ach is é sin go díreach atá i gceist - binsí míchompordacha adhmaid agus deasc os do chomhair amach. Óna bhfuil déanta amach agam is é a dhéanann scáileán ná braillíní bána leapa curtha le chéile agus iad ar crochadh ar shail iarainn gar don tsíleáil.

Ach bíonn ticéid anseo beagáinín níos saoire ná mar a bhíonn sna pictiúrlanna eile, ní nach ionadh, agus bíonn milseán nó dhó le fáil saor in aisce ón díoltóir ticéad, rud a mhaolaíonn píosa beag ar mhíchompord na suíochán.

Tá Wyzwolenie, ceann de na pictiúrlanna is mó i Lublin, suite go seascair ag bun sráide is ní bheadh a fhios ag an strainséir cén saghas foirgnimh a bhí ann go dtí le déanaí nuair a ardaíodh an comhartha "Kino" os cionn an dorais. Tá Polannaigh áirithe nach bhfuil tagtha isteach go fóill ar chúrsaí fógraíochta ó thitim an chumannachais i 1989.

Má thugtar milseáin saor in aisce i Medyk ní bhíonn oiread is meangadh gáire le fáil i Wyzwolenie. Lá amháin bhí mé roinnt mall is d'fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an scannán tar éis tosú. D'fhéach sí idir an dá shúil orm is dúirt "gnáth-thicéad nó ticéad ar lacáiste?".

Is é is brí le Wyzwolenie ná "fuascailt" ach is léir nach bhfuil foireann na pictiúrlainne seo fuascailte go fóill ó na nósanna iompair a bhí faoi réim le linn ré an chumannachais.

I bpictiúrlanna Lublin i gcoitinne is annaimhe ná a mhalairt go mbíonn slua mór i láthair. B'fhéidir gurb é seo is cúis le grán rósta is a leithéid de bhia gan bheith le fáil ach in dhá cheann de chineamaí Lublin.

Is iad na praghsanna ticéid ná €3.50 don mhac léinn is €4 gan lacáiste agus déarfaidh daoine leat, go háirithe an t-aos óg, gur suim airgid rómhór dóibh í seo.

Ach ní chiallaíonn sé seo nach mbíonn muintir Lublin ag féachaint ar na scannáin is déanaí. Is amhlaidh go bhfeiceann siad na scannáin is nuaí go minic sula mbíonn siad á dtaispeáint sna pictiúrlanna féin. Féachann siad orthu, ar ndóigh, saor in aisce is go mídhleathach ar a ríomhairí.

Ach dá bhuntáistí é seo don lucht sábhála airgid, cothaíonn sé fadhbanna don té ar maith leis bualadh isteach chun na pictiúrlainne ó am go chéile. Tá riail i bhfeidhm i gcineamaí Lublin gur gá cúigear nó seisear bheith i láthair sula gcuirfear scannán ar siúl.

Fágann sé seo go dtéim uaireanta go dtí an phictiúrlann is tagaim abhaile gan aon scannán bheith feicthe agam. Is míchaoithiúlacht é seo nach ndéanann milseáin saor in aisce a chúiteamh.