Ag cur eolais ar an ipod

Beocheist/Alan Desmond: I réimse na teicneolaíochta bhí mé chun deiridh ar mo chomhghleacaithe is mo chomhaoiseanna riamh. Níor…

Beocheist/Alan Desmond:I réimse na teicneolaíochta bhí mé chun deiridh ar mo chomhghleacaithe is mo chomhaoiseanna riamh. Níor oscail mé cuntas ríomhphoist go dtí go raibh mé sa tríú bliain ar ollscoil, mar shampla.

Is cuimhin liom go glinn an chéad cheann a scríobh mé. "Seo mo chéad ríomhphost. Tá súil agam go bhfuil tú go maith," a bhreac mé síos ar an scáileán ríomhaire os mo chomhair amach (le mo dhá ordóg, ar ndóigh) sular bhrúigh mé ar an gcnaipe chun é a sheoladh.

Ansin d'fhan mé le freagra ar feadh cúig nóiméad. Ach freagra ní bhfuarthas. Déan foighne, a dúirt mé liom féin. Ach níor fhéad mé. Bhí iarracht den fhearg ag teacht orm. Ba chuig an aon chara amháin liom a bhí an chéad ríomhphost sin curtha agus níor thóg sé ach dhá nóiméad orm é a chumadh.

Bhí a fhios agam go raibh seanchleachtadh aige féin ar na cúrsaí seo - bhí ríomhphoist á gcur is á bhfáil aige thiar sna laethanta roimh an Ardteist.

READ MORE

Ní foláir nó go bhféadfadh sé freagra a chur chugam laistigh de dhá scór soicind, a shúile iata is lámh amháin taobh thiar dá dhroim.

Seo chugam mar sin ag tuargaint go fiúranta ar chlár an ríomhaire is an teachtaireacht ghonta chantalach seo a leanas á scríobh agam: "cén fáth nach bhfuil tú ag tabhairt freagra ar mo ríomhphost?"

B'fhéidir go raibh dallamullóg á cur agam orm féin agus mé gan aon chairde in aon chor dáiríre.

Nó seans go raibh meancóg amaideach éigin á déanamh agam agus mé chomh glas sin ar na cúrsaí sofaisticiúla seo.

D'éirigh mé ón ríomhaire is lig osna. Bhí díomá orm ach ní fhéadfainn bheith cinnte arbh é mo neamhacmhainn ar theicneolaíocht ba chúis leis nó cúl bheith tugtha ag mo chara dom.

Ach ní raibh aon bhunús ag ceachtar den dá mhíniú seo. Agus mo chuntas ríomhphoist á sheiceáil agam cúpla lá níos déanaí bhí teachtaireacht sa bhosca isteach ón aon chara amháin liom is gan aon chúl tugtha aige dom, mar a tharla.

"Comhghairdeas go bhfuil tú ag dul i ngleic le cúrsaí ríomhphoist, is cuma gur ceithre bliana chun deiridh ar an gcuid eile den saol sibhialta atá tú, ach ná smaoinigh go mbíonn gach duine a bhfuil ríomhaire aige ina shuí os a chomhair ó mhaidin go faoithin, ag feitheamh le ríomhphoist ó do leithéid."

Ba chun deiridh a bhí mé maidir le feiniméan na n-ipodanna is seinnteoirí mp3 chomh maith (deirtear liom gurb é an rud céanna atá ann dáiríre ach sin caolchúis theicneolaíoch a shíneann thar chumas mo thuisceana).

Chonacthas dom ar dtús gur táirge é seo atá dírithe ar dhéagóirí dúnárasacha a mbíonn pus orthu an lá ar fad is fiamh orthu leis an saol i gcoitinne is a dtuismitheoirí go háirithe.

D'fhéadfaidís cluasáin an ipod a shá isteach i bpoill a gcluas a luaithe agus iad éirithe as an leaba is satailt go duairc timpeall an tí gan focal a mhalartú lena dtuismitheoirí uafásacha.

Ach nuair a cheannaigh an t-aon chara amháin liom ceann de na haireagáin seo mhol sé go barr bata é, rud a chuir ag smaoineamh mé. Cinnte, bhí buntáistí ag baint le hipodanna.

Fara a bheith i mo shuí ar an mbus ar feadh uaire i dtranglam tráchta agus faic le déanamh seachas féachaint amach an fhuinneog, d'fhéadfainn bheith ag éisteacht leis na hamhráin ab fhearr liom de chuid An Gaelic Hit Factory is Neil Young.

Ach níor leor sin chun mé a chur thar thairseach na siopaí sofaisticiúla ina mbíonn a leithéid d'earraí spiagaí le fáil. Nár leor an éisteacht a thug mé do dhlúthdhioscaí Spillane is Young agus mé sa bhaile?

D'athraigh gach rud, áfach, nuair a fuair mé amach faoin bpodchraoladh.

Is é atá i gceist leis seo ná go gcuireann stáisiún raidió, abair, cláir ar fáil ar an suíomh idirlín ar féidir iad a íoslódáil go dtí an ríomhaire is ón ríomhaire go dtí an t-ipod.

Gan paidir chapaill a dhéanamh de, tá ipod agam le roinnt seachtainí anuas (nó b'fhéidir gur seinnteoir mp3 é) agus na cluasáin sáite isteach i mo chluasa amhail is dá mbeinn i mo dhéagóir duairc ar fuath leis an domhan ina thimpeall.

Anois seachas féachaint amach fuinneog an bhus gan aidhm bím ag éisteacht go haireach le cláir éagsúla RTÉ Raidió 1. Is trua nach bhfuil le fáil ó Raidió na Gaeltachta ach Spórt an Domhnaigh ach nuair a bheidh stór clár Raidió 1 ídithe agam iompóidh mé ar Neil Young is An Gaelic Hit Factory.