Ag craoladh beo ar fud na cathrach

Samhlaíonn muid an óige le cúrsaí teilifíse go minic ach tá daoine óga ag fágáil a rian ar chúrsaí raidió fosta; bean acu sin…

Samhlaíonn muid an óige le cúrsaí teilifíse go minic ach tá daoine óga ag fágáil a rian ar chúrsaí raidió fosta; bean acu sin Maebh Ní Fhallúin atá ag feidhmiú mar bhainisteoir Raidió na Life san ardchathair ó thús Mheán Fómhair.

Anois agus ráithe caite i mbun an stáisiúin, deir an céimí óg seo de chuid DCU go bhfuil sí ag teacht chuici féin diaidh ar ndiaidh.

Níl ach triúr fostaithe go lánaimseartha sa stáisiún, í féin ina measc. Is mór an t-athrú é sin ó laethanta luatha an stáisiúin, tráth a mbíodh 15 duine ar fostú go lánaimseartha ar scéimeanna FÁS.

Bunaíodh Raidió na Life sa bhliain 1993 agus é mar phríomhchuspóir aige stáisiún pobail i nGaeilge a chur ar fáil do lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Mar a tharla, thréig Ní Fhallúin post seascair i saol na cuntasaíochta leis an bhanc AIB le dul ag obair do Raidió na Life. Is cuma léi, a deir sí: "Ní raibh airgead mar sprioc agam riamh, caithfidh mé a rá. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeinn sásta leis an bpost atá idir lámha agam."

READ MORE

Agus cad é go díreach na cúráimí a bhíonn uirthi? "Chuile rud beo," a deir sí, "ach is taithí den scoth é."

D'ainneoin nach bhfuil ach triúr ag obair sa stáisiún go lánaimseartha, caithfidh Ní Fhallúin comhordú a dhéanamh ar 60 éigin craoltóir deonach; iad a chur sa stiúideo ag an am ceart; iad a mheas agus áit chuí a aimsiú sa sceideal dóibh agus cláir ar chaighdeán chomh hard agus is féidir a chur ar an aer.