Ag cothu fonn laitheoireachta i ndaoine oga

Tá an comhlacht foilsitheoireachta, Cois Life, Coláiste Chamuis agus Bord na Leabhar Gaeilge ag obair as lámh a chéile ar scéim…

Tá an comhlacht foilsitheoireachta, Cois Life, Coláiste Chamuis agus Bord na Leabhar Gaeilge ag obair as lámh a chéile ar scéim phíolótach chun an léitheoireacht a chothú i measc daoine óga a fhreastalaíonn ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht.

Beidh Cois Life ag bronnadh leabhar amháin saor in aisce ar gach dalta a bheidh ag freastal ar chúrsa de chuid Choláiste Chamuis i mí an Mheithimh. Beidh rogha ag na scoláirí samhraidh ar dhá leabhar de chuid Áine Ní Ghlinn, Cuairteoir nó Fuadach, nó leabhar le hÉilís Ní Dhuibhne, Hurlamaboc.

Dúirt stiúrthóir Cois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín: "Tá géarghá le nós na léitheoireachta a spreagadh sa Ghaeilge mar ghníomhaíocht thaitneamhach. Níl scríbhneoirí ann gan léitheoirí agus is léir dúinn le tamall nach bhfuil an léitheoireacht Ghaeilge á cothú i measc daoine óga.

"Tá an tionscadal seo á thriail againn féachaint an oibreoidh spreagadh den sórt seo. Dúshlán ollmhór é léitheoireacht siamsaíochta i nGaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga."

READ MORE

Tabharfar deis do scoláirí léirmheasanna a scríobh agus bronnfar duaiseanna de sheinnteoirí MP3 (iPodanna srl) ar na daltaí a scríobhfaidh na léirmheasanna is fearr.

Lena chois sin, cuirfear ábhar tacaíochta ar fáil do na múinteoirí le cuidiú leo sa rang. Beidh fáil acu ar chrosfhocal bunaithe ar na leabhair, ar cheisteanna samplacha agus ar chreatlach oibre don léirmheas.

Chomh maith leis sin, beidh gluais leis na focail nach mbeadh ar eolas ag na daltaí a mhíniú.

Dúirt Nic Pháidín: "Ní bheidh brú ar aon dalta na leabhair a léamh ach bíonn am saor áirithe acu le linn an chúrsa agus tá súil againn go dtabharfaidh siad faoi - agus spreagadh deas ann dóibh is ea na duaiseanna. Má oibríonn sé seans go mbeidh deis againn an scéim a leathnú amach do choláistí eile an bhliain seo chugainn."

Beidh Éilís Ní Dhuibhne agus Áine Ní Ghlinn féin i mbun ceardlanna sa choláiste ag deireadh an chúrsa le himeachtaí litríochta a phlé leis na daltaí, rud a thabharfaidh deis dóibh bualadh le húdair chomhaimseartha.

Beidh muintir Choláiste Chamuis ag crochadh póstaeir le daltaí a chur ar an eolas faoin scéim. Dúirt bainisteoir an choláiste, Máire Denvir:

"Táimid breá sásta comhoibriú le Cois Life agus is dóigh linn gur scéim den scoth í seo. Níl aon amhras ach gur scil an-tábhachtach í scil na léitheoireachta i sealbhú na Gaeilge agus beimid ag comhtháthú na scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta ar ár gcúrsaí chomh mór agus is féidir. Mar sin fáiltímid roimh an scéim úrnua seo."

Tá Cois Life (www.coislife.ie) 10 bliain ar an saol; ceann d'imeachtaí a gclár comórtha é an scéim.