Abhar leinn

Beidh comhdháil lae ar Léann na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Áras John Henry Newman, Belfield, Dé Sathairn…

Beidh comhdháil lae ar Léann na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Áras John Henry Newman, Belfield, Dé Sathairn ag 9.15 a.m.

Is in ómós don Ollamh Tomás Ó Con Cheanainn atá an lá á reáchtáil. Tá clú ar an Ollamh Ó Con Cheanainn as a chuid obair scolártha i stair lámhscríbhinní na Gaeilge, mar bhéaloideasóir agus mar eolaí ar sheachadaíocht téacsaí liteartha.

Beidh cainteanna i nGaeilge agus i mBéarla ann. Labhróidh an tOllamh Pádraig Breatnach ar "Scríbhinní i láimh Eoghain Ruaidh Mhic an Bhaird"; Regina Uí Chollatáin ar "An chonspóid idir Conradh na Gaeilge agus an Rialtas faoi pholasaí Gaeilge an Stáit 1929-32" agus Tadhg Ó hAnnracháin ar "The poet and the mutinities in Munster: Pádraigín Haicéad and the Munster army, 1647".

Tá irisleabhar nua, Léann, le foilsiú ag Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, i mí Lúnasa ar an bhliain seo chugainn.

READ MORE

Is iad príomhchuspóirí an fhoilseacháin: saothar taighde a chur i gcló a bhaineann le gnéithe éagsúla de léann is de shaíocht na nGael; béim a chur ar stair, ar chúlra agus ar chritic na litríochta; gnéithe comparáideacha litríochta idir Éirinn, Albain, Oileán Mhanann, srl, a chothú agus plé a spreagadh ar na gnéithe seo trí Ghaeilge agus Ghàidhlig.

Cuireann eagarthóir na hirise, Micheál Ó Mainnín, fáilte roimh ábhar. Eolas: 048-90273717 nó m.omainnin@qub.ac.uk