Abair le bláthanna é

BEOCHEIST : IS MAITH liom bláthanna! Chomh fada siar agus is cuimhin liom thaitnigh bláthanna liom.

BEOCHEIST: IS MAITH liom bláthanna! Chomh fada siar agus is cuimhin liom thaitnigh bláthanna liom.

Mar sin, cuireadh iontas orm go fíorluath i mo shaol nuair a dúradh liom nár bhláth é an caisearbhán, an aghaidh ór-bhuí a bhí dealraitheach leis an ngrian sa spéir in airde, an ceann finn luascánach a mhaolaíonn le puth anála agus a sheolann a fholt síolta le fán na gaoithe agus le seachrán an tsaoil.

Ba leisc liom an uair sin a chreidiúint nár bhláth é an caisearbhán, agus is leisc liom inniu é. Cén cead, seachas an sotal, atá ag an duine chun an dúlra a roinnt ina fhiaile agus ina fhónta, ina allta agus ina eallach, ina shabháiste agus ina shibhialta. Dents de lion, dandelion, piss-in-the-bed, pissenlit, an caisearbhán – is cuma an t-ainm – más fiaile sa bhfaiche é is glasra fónta sa gharraí é.

Bíodh do rogha agat. Abair le bláthanna é, a deir an manadh. Síltear, de ghnáth, gur dea-scéal, nó ar a laghad, gur dea-mhéin, a chuirtear in iúl le bronntanas bláthanna. Ní gá gurb ea. Tá leabhar beag Victeoireach láimh liom, The Language of Flowers, ar chuir athair mo mháthar a ainm ann sa bhliain 1884, trí bliana sular pósadh é. Níos déanaí chuir a bhean a hainm ann. Foclóir bláthanna atá sa leabhar beag seo. Cé na teachtaireachtaí a chuir siad chun a chéile i bhfriotal na mbláth? Ní heol dom. Tá timpeall 300 planda liostaithe ann agus an teachtaireacht a ghabhann le gach ceann díobh, mar shampla primrose (sabhaircín) “early youth and sadness”, polyanthus “pride of riches”, nó an bláth ab ansa le mo sheanathair an pansy a chiallaíonn “thoughts”. “Old mens’ faces” a bhí ag m’athair féin ar an pansy. Ciallaíonn an tseamróg “light-heartedness” (meidhir), an feochadán (Albanach) “retaliation” (frithbheartíocht), agus ar ndóigh ciallaíonn an rós “love” agus freisin “war” – bíodh do rogha díobhsean agat, nó an dá rud, faoi mar a bhí ag an mBanríon Victoria féin.

READ MORE

Nuair a thráchtaimid ar an rós agus an lile a bheith ag iomaíocht ar ghrua ainnire, is féidir glacadh leis mar mholadh ar sciamh an chailín. Ach mar le stair de, b’fhéidir gurb é grua na hEorpa atá i gceist – rós dearg Shasana ag spairn le lile gheal na Fraince, an fleur-de-lys, ar leiceann caoin na hEorpa.

I saolré Victoria is é a chiallaigh an póipín dearg “consolation”. Inniu ag sliocht Victoria is é a chiallaíonn sé “ómós don saighdiúir a maraíodh” agus “dílseacht don arm”. Tá daoine ann a chuirfeadh “móradh na cogaíochta” leis sin.

Nach aisteach? I dtús an 19ú haois, bhí Sasana ag iarraidh óipiam déanta as póipín na hAfganastáine a dhíol sa tSín. Chuir an tSín ina choinne sin. Cuireadh cogadh ar an tSín in 1839 agus gabhadh Hong Kong in ainm Victoria.

Agus níl sliocht Victoria réidh le póipín na hAfganastáine fós. Is deas mar chomhartha ceana dos bláthanna a bhronnadh ar dhuine, go háirithe bláthanna a bhailigh an bronntóir féin lena lámh féin, ina ghairdín beag féin má tá aige, nó fiú amháin sna fálta agus sna páirceanna. Ach, ar ndóigh, níl an deis sin ag mórán de phobal na mbailte agus dá bhrí sin bíonn orthu triall ar an siopa.

An lá atá inniu ann is millteanach an méid a cheannaítear de bhláthanna siopa – bláthanna do bhainisí, sochraidí, féilte aitheanta agus féilte aduaine. Bláthanna a lán díobh nach bhfuil a n-ainmneacha sa leabhar beag agamsa.

Agus bláthanna a lán lán díobh, tagann ón taobh eile den domhan. Is é atá á rá agam, tagann siad in eitleán an lá sula gcuirtear ar díol iad. Ar an ábhar sin is trom a lorg carbóin. Is gnó mór in iarchóilíneachtaí easportáil bláthanna agus is deacair locht a fháil air mar ghnó.

Gan amhras is sláintiúil mar smaoineamh é bláthanna a dhíol leis na tíortha atá ar a ndícheall ag díol gunnaí agus trealamh marfach, ach tá taobh díobhálach ar an scéal. Chun bláthanna a sholáthar ar an scála ollmhór seo is gá mórán uisce. In áiteanna d’fhéadfaí an t-uisce sin a chur chun gnó níos tairbhí ná freastal ar phoimpéis aeistéiticiúil na sochaí sibhialta seo againne.

An bhfuil ró-úsáid na mbláthanna allmhuirithe seo ag éirí mar a deirtear “vulgar”? An bhfuil sé cosúil le húsáid na bpósae bláthanna ag an mbreitheamh i gcúirteanna dlí na hAlban tráth? Iad ann chun boladh éigin bréan a cheilt ar an mbreitheamh, rud éigin lofa nach maith linn a bholadh?