Útóipí

CROBHINGNE: IS Í an tslí is gaiste le gearánaí a chur ina thost ná a fhiafraí de, “Cad a dhéanfá féin?” Agus is é an bealach…

CROBHINGNE:IS Í an tslí is gaiste le gearánaí a chur ina thost ná a fhiafraí de, "Cad a dhéanfá féin?" Agus is é an bealach is mire le balbhán a dhéanamh de chnáimhseálaí ná post na freagrachta a bhronnadh air. Is iad an dream is túisce is cóir a chur i mbun an chúraim ná iad siúd is aird glam. Is é an tiománaí glórach is dealraithí a rachaidh sa díog, gan an t-iománaí cam a bhac beag ná mór.

Baineann seo chomh hálainn le polaitíocht is lena hathrach, pé é féin. Feiceann an tAire Ospidéal is Tralaíos nach bhfuil sé chomh fuiriste brochán an chórais sláinte a réiteach is a bhí nuair nach raibh an pota faoina stiúir féin. Bhí slaitín draíochta ag an Aire Sumanna is Scileanna go dtí gur dhein sé í a luascadh agus gur dhein ceach-i-mála de chóras lofa na bpointí.

Is é an réiteach i bhfad uait an réiteach is fusa amuigh, agus leigheas do lámha féin an ceann is méiseáilte. Cuirtear an príosúnach i mbun an chillín thall agus beidh sé gach pioc chomh dian leis an ngiolla ónar ghoid sé na heochracha.

Ní fhágann sin nár cheart féachaint romhat i bhfad na haimsire. Ceann de laigí móra an chórais dhaonlathaigh i dtír ar bith ná go bhféachtar ar gach fadhb trí ghairid-dearcán. Mura bhfuil buntáiste le baint as gníomh na gcúig mbliana ní fiú a bheith leis. Dá réir sin, má tá an domhan á théamh ag broimneach bó, agus má chaitheann an béar bán seithe dhonn a chur uime agus dul ó dheas, agus má tá gach crann san Amazóin á leagadh ar mhaithe le Forty Shades of Grey ní fhágann sin gur gá dúinn aon phioc a dhéanamh ina thaobh, mar fadhbanna na nglúinte atá romhainn, is ea fadhbanna na nglúinte atá romhainn. Ní féidir leis an aimsir fháistineach díoltas a bhaint amach ar an aimsir chaite, só tufluc!

READ MORE

Bhíothas ann, áfach, a dhein machnamh níos fadbhreathnaithí ná sin. Daoine a cheap go bhféadfaí pobal nó sochaí (ar focal fíorurghránna é! Uch, och, m’urlacan beag ó) a bhunú, is a eagrú, is a stiúradh a thabharfadh sásamh do chách is a chuirfeadh ceart agus cothroime agus cóir i réim. Is é Utopia (1516) Sur Tomás Ó Mórdha an ceann is túisce agus is cáiliúla díobh sin, bíodh nárbh fhada cinn eile á leanúint.

Gheibheann tú a leithéid i scríbhinní ficsin eolaíochta minic go maith, agus níorbh annamh buíonta naofa á gcur i gcrích ar fud an tsaoil, ina measc na Crathadóirí, na Siocadóirí, na Gungadóirí, na Placadóirí, na Cimilideoirí, na Misetusadóirí, na Huncaídeoraí, na Gabblaígúcadóirí, na Gurraghramadóirí, na Cumáfadúdadóirí, agus pé dream eile is áin leat, mar b’ann dóibh. Go háirithe i Meiriceá.

Ina choinne sin, tá gá leis an síneadh fada, leis an silleadh romhat amach. Cé nárbh útóipithe siar síos iad smaointeoirí pobail an 19ú haois d’fhág siad a lorg ar thuairimí ár gcuid páirtithe polaitíochta, páirtithe ar deacair a gcloigeann a pholladh an uair is boige iad. B’fhiú athléamh a dhéanamh orthu, mura mbeadh ann ach d’fhonn smaointe a mhúscailt i rith míonna fliucha an tsamhraidh.

Bíodh is go raibh tuairimí aite ag Rousseau gach lá dar éirigh, mar sin féin, bhí binb aige in aghaidh na ndaoine sin a raibh “breis mhór is a ndóthain acu fad is a bhí daoine eile ag fáil bháis den ocras”. Cé go bhfuil an ainnise agus an bhochtaineacht éagórach agus éigeart, tá siad amaideach chomh maith céanna.

Mhol Charles Fourier gur chóir airgead níos mó a thabhairt ar obair a bhí úsáideach agus fóinteach seachas ar obair a sholáthródh earraí síodraimín só nach raibh aon ghá leo. Is é sin, gheobhadh an múinteoir is an bhanaltra is an t-oibrí sóisialta i bhfad níos mó ná an baincéir, nó an popamhránaí nó an ceiliúrán teilifíse nó an té a chumfadh baitín beola de shaghas nua.

B’í tuairim Robert Owen uair an chloig oibre a bheith mar aonad malartaithe tráchtála, seachas airgead geal na banríona, nó pé gamal a bhí ina shuí ar an gcathaoir thuas san am.

Is é sin arís, go dtuillfeadh an sclábhaí sa mhianach copair oiread is a gheobhadh a thiarna nár ardaigh piocóid is nár scríob le sluasaid murar chuir sé lá oibre isteach chomh maith leis.

Fág nach bhfuil aon útóipe ann, agus dá mbeadh féin gurbh é ba dhóichíde go mbeadh chomh leamh le gairdín Éidin féin, mar sin féin is maith is fiú na spriocsmaointe seo a leagadh os ár gcomhair.

Cén saghas pobail atá uainn? An cuimhin le duine ar bith an t-earra úd “fís”? An fiú le páirtí polaitíochta ar bith stracléaráid gharbh den saghas tíre ba mhian leo a tharraingt seachas a bheith ag tincléireacht agus ag dioscaireacht ar na himill?

An gcloiseann tú an ciúnas?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar