Úna, uachtarán

IS Í Úna Uí Lachtnáin uachtarán úr Oireachtas na Gaeilge

IS Í Úna Uí Lachtnáin uachtarán úr Oireachtas na Gaeilge. Ainmníodh Ní Lachtnáin le linn searmanais i mBaile Átha Cliath aréir.

Dúirt sí gur mhór an onóir di an gradam nó bhain an-tábhacht leis an Oireachtas “i gcur chun cinn agus i gcaomhnú chultúr na tíre”. Tá Uí Lachtnáin ag freastal ar an Oireachtas le 50 bliain.

Is ó Mhuincille, Co an Chabháin, a thagann sí ó dhúchas ach tá sí ina cónaí san ardchathair agus í ag obair mar mhúinteoir tís.