Éireannaigh is eachtrannaigh ar an bpáirc

 

BEOCHEIST:IS DOILIGH a chreidbheáil go bhfuil foireann Phoblacht na hÉireann san 18ú háit ar an liosta feabhais a choinníonn FIFA, an t-údarás domhanda sacair, ag déanamh comparáide idir a gcumas imeartha i measc an 208 balleagras atá cláraithe leis.

Níl aon loighic leis: féach go luíonn an Stát seo timpeall ar an 120ú háit ó thaobh leithid de, méid na tíre, agus ait go leor mórán mar an gcéanna maidir le daonra.

Chomh fada siar is atá fianaise ar fáil, bhí cluichí liathróide á n-imirt: sa tSín, sa tSeapáin, san Ind, sa Róimh, sa Ghréig, san Éigipt agus in áiteanna eile.

Tá fianaise ar chluichí bheith á n-imirt i Sasana an 9ú haois, ach is sna Meánaoiseanna is treise na tuairiscí – b’fhéidir de bharr go raibh caid á chur faoi chois ag an dlí go minic! Ainneoin sin, b’iad na Sasanaigh a chuir tús le riaradh na gcluichí, agus is uathu a thagann pátrúin rialacha an dá mhór-chineál cluiche caide: an cluiche iompair agus an cluiche reatha.

Bunaíodh an Football Association in 1863, agus sa bhliain chéanna aontaíodh ar rialacha imeartha. Agus ní rófhada ina dhiaidh sin a tosaíodh ar chluichí “idirnáisiúnta” a imirt.

D’imir foireann Éireannach, agus a ceanncheathrú i mBéal Feirste, cluiche in aghaidh Shasana in 1882.

Go dtí an pointe sin, bhí lucht sacair teanntásach faoin chluiche bheith amaitéarach, ach bhí íocaíochtaí á ndéanamh, agus brú ag teacht ó chlubanna thuaisceart Shasana agus na hAlban go háirithe go gceadófaí imreoirí gairmiúla. Ceadaíodh sin in 1885, faoi choinníollacha dochta a sáraíodh ón tús.

Thosaigh na clubanna ag lorg imreoirí maithe (agus imreoirí maithe ag lorg clubanna) lasmuigh dá ndúthaigh féin, agus chruthaigh sin teannas nuair a chuaigh cluichí idirnáisiúnta i líonmhaireacht.

Roimhe sin féin, mar shampla, na foirne Albanacha a d’imir in aghaidh Shasana sna 1870í luatha, ní raibh fear ina measc a bhí ina chónaí in Albain – faoi mar atá i gcás na hÉireann anois. Bhí siad bailithe ó dheas, ag lorg an seans peil a imirt mar shlí bheatha. Agus ó tharla sluaite ag tarraingt ar chluichí, b’acmhainn do na clubanna iad a íoc.

Bhí na hAlbanaigh ag tarraingt ar na himreoirí a bhí bunaithe “thar lear” ón tús, ach chuaigh Cumann Peile na hÉireann, an IFA, malairt bealaigh. Bhí sé crosta acu peileadóir nach raibh ina chónaí ar an oileán bheith ag imirt ar fhoireann na hÉireann.

D’athraigh siad a n-intinn in 1899, agus as sin ar aghaidh, is annamh foireann náisiúnta gan imreoirí a bhí ag cleachtadh a gceirde i Sasana.

Tar éis na scoilte in 1921 (scéal fada achrannach), ba ghairid an mhoill a bhí ar an údarás nua, Cumann Peile Shaorstát Éireann (an FAISF, a d’athraigh a ainm ar ball go dtí an FAI), peileadóirí a bhí ag imirt go gairmiúil i Sasana a roghnú don fhoireann náisiúnta.

Bhí ceathrar acu ar an bhfoireann a d’imir in aghaidh na hIodáile in 1927, agus ainneoin gur dhóigh leis an bpobal sna 1930í nár chuidiú don chaighdeán imeartha é imreoirí bheith ag taisteal go Baile Átha Cliath tar éis chluichí cluib oíche Shathairn le cluiche idirnáisiúnta a imirt ar an Domhnach, lean an cleachtas sin.

Agus i ré na mbuanbhainisteoirí, chuaigh sé i dtreise, go dtí nach bhfuil slí ar an bhfoireann anois do na himreoirí is fearr is is mó tallann sna clubanna abhus.

Tá stádas chomh hard sin ag foireann na hÉireann mar gur foireann imreoirí ó Shasana é. Éireannaigh iad ar fad de réir rialacha FIFA, níl aon rud as bealach faoi sin.

Ach tar éis an fheabhsuithe atá tagtha ar chaighdeán na peile sa tSraith Náisiúnta, ceapann a lán gur cóir go mbeadh bheith istigh ag duine nó beirt acu sa scuad.

Ar ndóigh, ní hé foireann na hÉireann an t-aon cheann a bhfuil fadhb mar é aici: tá samplaí eile san Afraic agus san Áis gur tearc imreoir ina measc atá bunaithe ina thír dhúchais.

A mhalairt d’fhadhb atá ag Sasana, agus ag roinnt eile de na tíortha is fearr sraith iontu. Agus oiread tóir ag imreoirí maithe thar tír isteach orthu, agus móramh go minic ag strainséirí sna foirne cluib, deirtear nach bhfuil dóthain bealaigh ann ag imreoirí dúchais le taithí a fháil ag an leibhéal is airde.

Má tá foireann Shasana in ísle brí beagán le tamall, maítear gur cuid dá chúis an tóir atá ag bainisteoirí na príomhroinne ar imreoirí eachtrannacha. Tá teannas áirithe idir na bainisteoirí cluib agus riarthóirí na foirne náisiúnta dá bharr – agus ní i Sasana amháin é.

Ach ar ndóigh, is buntáiste, den chuid is mó, a bhaineann foireann na hÉireann as an gcleachtas céanna.

Go n-éirí leo sa Pholainn!