Éire v an Fhrainc - L'Attaque

BEOCHEIST: IS BEAG clúdach a dhéantar ar Éirinn sna meáin sa Fhrainc, rud atá intuigthe go maith ó thaobh an daonra de sa chéad…

BEOCHEIST:IS BEAG clúdach a dhéantar ar Éirinn sna meáin sa Fhrainc, rud atá intuigthe go maith ó thaobh an daonra de sa chéad dul síos.

Má ghlactar leis go bhfuil thart ar chúig mhilliún duine ina gcónaí ar oileán iomlán na hÉireann agus dhá oiread an mhéid sin i mórcheantar Pháras amháin, ní hionadh ar bith é an laghad tráchtaireachta ar Éirinn sna meáin chlóite agus chraolta anseo.

Sa dara háit, anois go dtuigtear don domhan mór go bhfuil síocháin i dTuaisceart Éireann agus gur vótáil muintir na Poblachta, sa deireadh thiar thall, i bhfabhar Chonradh Liospóin, is beag scéal eile faoi Éirinn nó faoina muintir a gcuirfeadh na Francaigh spéis ann.

Ar ábhar an mhéid chainte a rinneadh agus an mhéid a scríobhadh sna meáin ar feadh coicíse le deireanas toisc go raibh na cluichí cáilíochta sacair idir an dá thír ar siúl, ba dheacair dom mar Éireannach atá ag cur faoi sa Fhrainc suí siar agus gan taitneamh a bhaint as mo thír dhúchais a bheith, go heisceachtúil, i lár an aonaigh.

READ MORE

Ba spéisiúil, cur i gcás, an t-agallamh a cuireadh ar Raphaël Ibañez, iarchaptaen fhoireann rugbaí na Fraince, agus a foilsíodh i L' Équipeina ndúirt sé gurbh é an cluiche idir an dá thír i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 2007, cluiche a bhuaigh an Fhrainc, ceann de bhuaicphointí a shaoil mar imreoir rugbaí.

"Thaispeáin an slua," a dúirt Ibañez, "go raibh meas acu ar an beau jeu; an bealach a raibh ciúnas iomlán ann agus imreoir, ba chuma cén fhoireann lenar bhain sé, ag déanamh réidh chun cic éirice a thógáil; an chaoi a raibh tuiscint acu do nóisean an fair play."

Ba dheas é sin a léamh, cinnte. Agus má léiríodh arís agus arís eile nach dual do na hÉireannaigh a bheith chomh sciliúil céanna leis na Francaigh ó thaobh na himeartha de, dúradh freisin go raibh misneach agus spiorad acu a bhí in easnamh go pointe ar imreoirí Domenech.

“Angleterre bis,” a dúirt Domenech agus é ag caint ar fhoireann na hÉireann agus taicticí an chluiche á bplé aige.

Agus cé go ndearnadh iarracht a mhíniú nach masla a bhí i gceist aige – ciallaíonn an focal bis “mar an gcéanna le” agus ní “foireann B (Shasana)” – ba léir gur beag tuiscint a bhí ag Domenech do stair na hÉireann.

Ba spéisiúil é freisin tar éis an chéad chluiche i mBaile Átha Cliath, a bhuaigh an Fhrainc 0-1, go raibh alt san Équipefaoi cén t-óstán a mbeidh foireann na Fraince ag fanacht ann le linn Chorn an Domhain.

Ba fait accompli é an cháilíocht fiú má bhí cluiche eile fós le himirt. Nach raibh an bua sa chéad chluiche agus an cúl as baile aimsithe acu?

Nach acu a bhí an sotal. Bhuel, tá a fhios ag an saol céard a tharla ina dhiaidh sinagus b’fhiú súil a chaitheamh ar chuid dar thit amach.

“Tá an cháilíocht bainte amach againn. Is ceart é seo a cheiliúradh,” a dúirt Domenech chomh luath agus a bhí an dara cluiche críochnaithe.

“Ní féidir agus níor chóir an bua seo a cheiliúradh,” a d’fhreagair Bixente Lizarazu, duine a d’imir ar fhoireann na Fraince a bhuaigh Corn an Domhain in 1998. “Is ceart fanacht inár dtost, filleadh ar an seomra feistis agus dearmad a dhéanamh ar an gcluiche seo. Seachas Hugo Lloris (cúl báire na Fraince), níor imríomar go maith.”

An lá dár gcionn agus é faoi agallamh ar an stáisiún raidió RTL, dúirt Jean-Pierre Escalettes, uachtarán an Fédération Française de Football, gur thuig sé go hiomlán an frustrachas a bheadh ar a chomhghleacaithe in Éirinn ach gur botún réiteora a bhí ann agus go mb’fhearr dóibh glacadh leis an gcinneadh a rinneadh seachas a mhalairt.

Céard faoin chic pionóis nár tugadh nuair a baineadh na cosa de Nicolas Anelka agus gan idir é féin agus an cúl ach Shay Given, a dúirt sé?

(Agus i ndeireadh na dála, is dócha go bhfuil an ceart aige cé gur deacair é sin a admháil.)

Ach is tábhachtaí go mór an cluiche a imirt taobh istigh de na rialacha, dar leis an bhfealsamh Alain Finkielkraut, seachas cáilíocht a bhaint amach do Chorn an Domhain.

Tá malaise ann, dar leis, i measc an phobail i dtaca leis an gcluiche seo, é féin san áireamh. Is bua truamhéalach é, bua taobh amuigh de rialacha an chluiche. Ní féidir a bheith bródúil as a leithéid.

Meas tú an ngoillfeadh bua dá shórt chomh mór céanna ar an gcoinsias náisiúnta in Éirinn?

Ní dóigh liom é. Cosúil le foireann na Fraince, bheadh cúrsaí óstáin san Afraic Theas socraithe againn i bhfad roimh Lá Nollag.