Éin abú!

TÁ MÓRÁN cainte ann le tamall faoin iolar agus an cúr rua agus na hiarrachtaí atá ar siúl na speicis sin a bhuanú arís…

TÁ MÓRÁN cainte ann le tamall faoin iolar agus an cúr rua agus na hiarrachtaí atá ar siúl na speicis sin a bhuanú arís.

Féadaim a rá nach bhfuil na fadhbanna céanna ag éin eile seilge más fíor d’fhianaise mo shúl féin. Agus mé ag taisteal idir Ard Mhacha agus Dún na nGall an tseachtain seo caite, chonaic mé trí chlamhán agus pocaire gaoithe amháin ar eitilt i gceithre chontae éagsúla: Ard Mhacha; Tír Eoghain; Fear Manach agus Dún na nGall. Agus sin taobh istigh de thuras trí uair an chloig.

Más iontach sin, b’iontaí an mhaidin dár gcionn agus mé ag ól cupán caifé am bricfeasta in iardheisceart Dhún na nGall. D’eitil cromán móna tríd an pháirc os mo chomhair agus ar aghaidh leis go réidh síos an fhána. Speiceas neamhghnách atá sa chromán móna de réir eolaí póca an Ghúim,

Éin

READ MORE

. Bhí an t-ádh orm is léir.