Éigse intleachtúil

TOSÓIDH sraith léachtaí ar shaothar an fhile, Seamus Heaney, ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, Dé Luain…

TOSÓIDH sraith léachtaí ar shaothar an fhile, Seamus Heaney, ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, Dé Luain, 31ú Eanáir. Tabharfaidh an t-iriseoir Olivia O’Leary caint ar “Seamus Heaney: part of what we are” ag 8pm.

Leanfaidh na cainteanna ar aghaidh go dtí an seachtú lá Márta agus labharfaidh scríbhneoirí agus lucht acadúil Vona Groarke, Michael Cronin, Pauric Travers, J.J. Lee agus Harry Clifton ar ghnéithe éagsúla de shaothar Heaney.

Eolas:heaneylectures@spd.dcu.ie

IS É “Athghabháil” téama Éigse na Brídeoige a bheidh ar siúl idir an Aoine 4ú Feabhra agus an Domhnach 6ú Feabhra in Uíbh Ráthach, Co Chiarraí i mbliana. Tabharfaidh Aontonio-Raul de Toro, Ollscoil a Coruna, an Spáinn, caint le léaráidí ar “A visit by Galician Intellectuals to the Blasket Islands” ar chéad oíche na féile. Beidh cainteanna eile ann agus seimineár ar “An Chaint sa tSráidbhaile – minority cultures in the global village” le linn an deireadh seachtaine.

READ MORE

Eolas:066-9474123 nó fdebuis@eircom.net

BEIDH IMBOLC 2011ar siúl san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co Chorcaí, Dé Sathairn 12ú Feabhra. Comhdháil aon lae atá ann a bhfuil sé mar chuspóir aici deis a thabhairt don phobal bualadh le daoine inspioráideacha.

Ar na cainteoirí a bheidh ann i mbliana, beidh an ceoltóir Dónal Lunny, an dearthóir Naoise Ó Conchubhair, an léachtóir mata Ciarán Mac an Bhaird agus an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh.

Eolas:026-61165 nó tomas@imbolc.ie