Éigse filíochta

IS É “Filí agus Filíocht” téama Éigse Cholm Cille a bheidh ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, an deireadh seachtaine seo…

IS É “Filí agus Filíocht” téama Éigse Cholm Cille a bheidh ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, an deireadh seachtaine seo.

Tabharfaidh an file Nuala Ní Dhomhnaill Léacht na hÉigse, “Barking up the wrong tree? Trying to write poetry in Irish” oíche Aoine ag 7.45pm.

Dé Sathairn, labhróidh an léachtóir Fionntán de Brún ar “Filíocht Aodha Mhic Dhomhnaill”; tabharfaidh an scoláire Ciarán Mac Murchaidh caint ar “An Grá i bhFilíocht Uí Dhúill” agus labhróidh an file Gréagóir Ó Dúill féin ar “Spléachadh ar Fhilíocht Uladh”.

Ar imeachtaí eile an tSathairn, léifidh an file Cathal Ó Searcaigh; seolfar Aistí Critice agus Cultúir III (Coiscéim)le Breandán Ó Doibhlin agus bronnfar Gradam na hÉigse ar Anraí Mac Giolla Chomhaill, sagart, scoláire, scríbhneoir agus aistritheoir.

READ MORE

Eolas:048-71375219 nó mf.oneill@ulster.ac.uk