Éamonn ag imeacht

Tá eagarthóir an iris Idirlín, Beo! (www.beo

Tá eagarthóir an iris Idirlín, Beo! (www.beo.ie), Éamonn Ó Dónaill (44) ag éirí as a phost i ndiaidh cúram a dhéanamh de 76 eagrán. Shocraigh sé féin agus a chomh-Chonallach, Liam Ó Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, an iris a bhunú ar Lá Fhéile Pádraig, 2001, agus foilsíodh an chéad eagrán ar an chéad lá de mhí na Bealtaine, 2001. Tá Beo! á foilsiú uair amháin sa mhí ó shin.

Dúirt Ó Dónaill gur bhunaigh siad í ar bhonn píolótach, feiceáil an mbeadh aischothú ar bith ann. "Fuair muid aischothú láithreach," a dúirt sé. Tháinig teachtaireacht dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla as Iosrael ó léitheoir a rinne gearán faoi dhán le Cathal Ó Searcaigh a bhí báúil le cúis na bPalaistíneach.

Níor stad an t-aischothú ó shin, a dúirt sé. Faigheann sé teachtaireachtaí as gach cearn den domhan - ó mhúinteoirí agus foghlaimeoirí san Astráil agus sna Stáit Aontaithe a bhaineann úsáid as an ábhar ina gcuid ranganna.

Foilsíonn Beo! gné-ailt, ailt ar chúrsaí ealaíon, píosaí tuairmíochta, agus agallaimh. (Scríobhann an t-iriseoir seo na léirmheasanna leabhair don iris.)

READ MORE

Dúirt an Dálach go raibh "féidearthachtaí móra" leis an iris. Ba cheart go bhfoilseofaí í ar bhonn seachtainiúil; ba cheart go mbeadh fuaim, fís agus blaganna mar chuid den togra fosta. Níorbh fhéidir leis sin a dhéanamh ar an bhuiséad a bhí aige. Faigheann an iris €65,000 sa bhliain ach ba ghá cúig nó sé oiread sin leis na forbairtí cuí a dhéanamh.

Is í Caoimhe Ní Laighin (28) a bheidh ag feidhmiú mar eagarthóir in áit an Dálaigh ó Dheireadh Fómhair ar aghaidh. Is eagarthóir cúnta leis an iris í; tá céim san iriseoireacht aici ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Máistreacht sa Ghnó agus Teicneolaíocht an Eolais ó Fhiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.

Dúirt sí go raibh rún aici leanúint leis an "dea-obair" a bhí déanta ag an iris. Ba mhian léi díriú ar mhargadh na n-óg, ar léirmheasanna scannáin, mar shampla, agus ba mhaith léi níos mó áiseanna a chur leis an iris. Bheadh maoiniú sa bhreis de dhíth uirthi leis sin a dhéanamh, a dúirt sí, ach ba mhian léi spriocmhargadh na hirise a leathnú.