Éad Ceilteach

TUARASCÁIL:  IS MINIC go gcaitheann lucht teanga na tíre seo súil éadmhar ar a gcol ceathracha Ceilteacha sa Bhreatain Bheag…

TUARASCÁIL: IS MINIC go gcaitheann lucht teanga na tíre seo súil éadmhar ar a gcol ceathracha Ceilteacha sa Bhreatain Bheag agus a bhfuil bainte amach acu ar mhaithe lena dteanga dhúchais, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

B’fhéidir go bhfuil cuid den “is glas iad na cnoic i bhfad uainn” ag baint leis an dearcadh sin.

Ach is léir go mbíonn géire agus gearradh sa dioscúrsa poiblí faoin mBreatnais nach mbíonn le sonrú i gcónaí sa phlé poiblí a dhéantar ar an nGaeilge.

Tóg, mar shampla, cás Meri Huws, an chéad Choimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag. Ní túisce an dúch triomaithe ar an bpreasráiteas ag fógairt cheapachán stairiúil Huws nuair a bhí na sceana amuigh di.

READ MORE

£95,000 an tuarastal atá ag dul leis an bpost nua ach, mar a dúirt tráchtaire amháin thall, “i bhfianiase cuid dá bhfuil ráite faoina ceapachán, tuillfidh sí gach aon phingin de”.

Dúirt Bethan Jenkins ó Plaid Cymru gur chúis dhíomá ab ea é nár tugadh an post do “fresh face” nó duine “le smaointe nua nach raibh baint acu le seanréimeas Bhord na Breatnaise”.

Bhí Meri Huws, bean a bhfuil na blianta de thaithí aici ag plé le ceist na Breatnaise, mar chathaoirleach ar Bhord na Breatnaise, bord atá anois faoina stiúir mar choimisinéir.

Chuir Bethan Williams ó Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, an brúghrúpa Breatnaise is mó, fáilte roimh an scéal go raibh an “ceapachán” déanta.

Ach bhí faobhar le ráiteas Cymdeithas chomh maith:

“Beimid ag súil go mbeidh an coimisinéir mar ghlór neamhspleách ag an teanga agus gur ar leas mhuintir na Breataine Bige a bheidh sé seachas a bheith ag cloí le nósmhaireacht an tseanbhoird teanga, gníomhaireacht rialtais a dhírigh ar theacht ar chomhréiteach le boic mhóra an ghnó agus eagraíochtaí móra.”

Bíodh Bethan Jenkins nó Bethan Williams ceart nó mícheart, cathain go deireanach a chualamar a leithéid de chaint neamhbhalbh ó pholaiteoir nó feachtasóir anseo faoi cheapachán mór i saol na Gaeilge nó faoi eagraíocht teanga?

B’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil na polaiteoirí agus lucht cúise níos paiseanta thall ná mar atá siad abhus.

Ar cheann de na chéad litreacha a fuair Coimisinéir Teanga nua na Breataine Bige, bhí gearán ó chomhairleoirí chomhairle áitiúil Porthmadog.

Sa litir sin chuir na comhairleoirí in iúl don choimisinéir gur vótáil siad ar son baghcat a dhéanamh ar oscailt oifigiúil seachbhóthar nua sa cheantar mar gur i mBéarla amháin a bhí an cuireadh a fuarthas ón rialtas.

Cé gur ghabh an rialtas leithscéal as a ndualgas teanga a shárú, dúirt na comhairleoirí go rabhadar ag seasamh an fhóid “ar bhonn prionsabail”.

In ainneoin na mblianta a bheith tugtha ag cuid de na comhairleoirí ag feachtasaíocht ar son an tseachbhóthair, ní raibh aon aiféala orthu faoin gcinneadh gan a bheith i láthair ag an oscailt oifigiúil Dé Luain seo caite.

Dúirt cathaoirleach na comhairle: “Cinnte, tá an seachbhóthar tábhachtach, tá an oscailt tábhachtach ach tá an teanga chomh tábhachtach céanna nó níos tábhachtaí fós.”