‘Áis iontach’

IS “ÁIS iontach é an leabhar seo,” a dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill agus é ag seoladh Mar a déarfá: cnuasach clíséanna (Coiscéim…

IS “ÁIS iontach é an leabhar seo,” a dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill agus é ag seoladh Mar a déarfá: cnuasach clíséanna (Coiscéim, €15) le Seán Mac Cionnaith oíche Aoine i nDoire.

Agus é ag caint le slua mór de chuid lucht Gaeilge na cathrach, dúirt sé go raibh an t-údar le moladh as a chuid oibre agus gur cheart do lucht na Gaeilge “an soiscéal” a scaipeadh faoin leabhar.

Dúirt Seán Mac Cionnaith féin – múinteoir ar bhunscoil Ghaeilge sa chathair le fada – go raibh sé ag iarraidh “frásanna agus clíseánna a chur ar fáil go gasta” do lucht labhartha na teanga.

Bhí “saibhreas i bhfolach agus bhí mé ag iarraidh sin a oscailt amach”. Bhí sé “deacair teacht ar fhrásanna gan cuid mhór ama a chaitheamh agus níl an t-am ag foghlaimeoirí sin a dhéanamh”.

READ MORE

Rinne sé iarracht “cuid mhór rudaí simplí” a chur sa leabhar agus “cuid mhór dóigheanna leis an rud céanna a rá”.

Agus ní raibh sé falsa chomh fada agus a bhain sé le taighde de. Tá caibidil ar chuimhneacháin leaca reilige ann – ábhar a bhailigh sé féin i reiligí Thír Chonaill agus Chonamara.

Tá an leabhar féin simplí le húsáid. Abair go bhfuil tú ag amharc ar an fhocal “grasp”.

Faigheann tú: he grasped the meaning of his words: ghreamaigh sé ciall a bhriathra. He grasped the nettle: thug sé aghaidh ar an chontúirt. Grasp the opportunity: breith ar an uain ar an urla; tapaigh an deis.