Ábhar ceiliúrtha

OIREAD CHÉANNA le mórán fear de m’aicme, tá mo shúile sáite i gCorn an Domhain

OIREAD CHÉANNA le mórán fear de m’aicme, tá mo shúile sáite i gCorn an Domhain. Is beag duine nár chuala an chonspóid faoi liathróid oifigiúil an chomórtais, an Jabulani, focal a chiallaíonn “le ceiliúradh” i Súlúis.

Níl mórán peileadóirí sásta léi – gan a bheith ag caint ar chúl báirí. Bíodh sin mar atá, tá rud suntasach faoin liathróid chéanna: tá 11 dath ann; 11 dath le haitheantas a thabhairt don 11 teanga oifigiúil a labhraítear san Afraic Theas. 11 teanga oifigiúil!

Anois, cuireann sé sin an dá theanga oifigiúla sa Stát in áit an leatheuro! Súlúis éigeantach; Afracáinis éigeantach; Béarla éigeantach...