‘Ábhar ceiliúrtha’

BHÍ “CÚIS an-mhór ceiliúrtha” ag an chóras oideachais lán-Ghaeilge, a dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo, Bláthnaid…

BHÍ “CÚIS an-mhór ceiliúrtha” ag an chóras oideachais lán-Ghaeilge, a dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo, Bláthnaid Ní Ghréacháin, agus í ag trácht ar chinneadh an Roinn Oideachais ciorclán “conspóideach” 0044/2007 a tharraingt siar. Chreid lucht gaelscoileanna go ndearna an meamram dochar don luath-thumoideachas as tabhairt ar scoileanna Béarla a theagasc róluath.

Dúirt Ní Ghréacháin, gur “scéal an-dearfach” a bhí ann; d’fháiltigh sí roimh an socrú le “bonn ceart a chur faoin gcóras agus deis a thabhairt do na scoileanna an córas is éifeachtaí sealbhaithe teanga a chur i bhfeidhm”.