Ón gcathaoir

 

CROBHINGNE:DE DHEASCA na scannal éagsúla san Eaglais Chaitliceach Rómhánda Aspalda Fhírinneach Aonair abhus is beag aird a thugtar anois ar rud ar bith adeir an Pontifex Maximus.

Is trua sin, mar in ainneoin go mb’fhéidir nár shroich a reacht, ná reacht na ndaoine a chuaigh roimhe, chomh fada le Leitir Fraic nó le suanliosanna na mbuachaillí dána, ní fhágann sin nach bhfuil nithe le dealramh agus nithe fódúla le rá aige.

Ní hé gur roghnaigh mé Caritas in Veritate, an tréadlitir is déanaí ón Vatacáin mar ábhar léitheoireachta saoire.

Is mó sin úrscéal bleachtaireachta is suimiúla ná é, ach fuaireas oiliúint fhada tráthnóntaí geala earraigh agus fómhair ar na heanaí ba dhiamhaire de Rerum Novarum agus Quadragessimo Anno. B’fhéidir nach raibh ann ach taom maoithneachais, mar sin, nó dúil an leathair a sheachaint, leathar coiteann na láimhe.

Ní foláir don Athair Naofa siúl go cúramach idir neamh agus talamh. Má ghabhann róghar don chré caillfidh sé na sciatháin, agus má eiteallaíonn róchóngarach do na spéartha lasnairde rachaidh sé ó radharc na ndaoine. Áit chontúirteach an téad chaol sin idir dhá shaol.

Is é an rud is measa faoi ná go raibh an ceart ag Stailin nuair a d’fhiafraigh sé an mó fear faoi arm a bhí ag an bPápa. Nuair a chraobhscaoil Pól VI a chuid teagaisc maidir le coiscíní agus le frithghiniúint in Humanae Vitae sa bhliain 1968, bhí an saol neamh-Fhódlach le ceangal agus tuairiscíodh go bhfuair liobrálaigh de gach dath bás le taom croí agus de strócanna nach bhfuair siad ariamh ar shlí ar bith eile. Ach nuair a labhair an Pápa céanna amach in aghaidh an chinemhillte in Vítneam bhí na caoirigh a bhí ag méileach chomh hard roimhe sin ina mbalbháin arís.

B’é a dhála céanna ag Eoin Pól II é agus é ag cur go tréan in aghaidh ollmharú na sibhialach san Iaráic de dheasca ionsaí na gCríostaithe ar an tír sin. Ní féidir gur éist ceannairí na bhfórsaí Críostúla leis, mar táid fós ann ag creachadh leo. Ní móide, mar sin, go bhfuil aon duine de bhaincéirí is de shlua gadaithe na críche seo chun éisteacht le cabaireacht fhliuch bhog mhaoithneach mar gheall ar chearta daonna agus an bhearna idir saibhir agus daibhir.

Ach sin é atá ann sa tréadlitir: béic ar son na heitice i gcúrsaí gnó; éileamh go dtabharfaimis aird ar an timpeallacht atá á scrios againn; agus achainí ar son rialtais dhomhanda de shaghas éigin nach mbeadh faoi réir ag na cumhachtaí atá dár stiúradh faoi láthair.

Is cuma nó glam réabhlóide an méid sin don té a bhfuil cluasa aige agus sás chun éisteachta. Tá an Pápa Mór Caitliceach Rómhánach in aghaidh an chaipitleachais gan srian, gan smacht. Tá an Púpa Dúr Rómhánach Caitliceach ar son cothromaíochta sóisialta.

Tá an Poppa Dum é féin ar son rialtais dhomhanda agus in aghaidh bhloc na mboc mór. B’fhéidir a adú as sin go bhfuil sé in aghaidh Chonradh Liz Póin, ach is contúirteach é an iomad den fhírinne in aon anáil amháin.

Ar mhí-ámharaí an scéil is í an laige chrua atá sa chúrsa ar fad ná nach léitear tréadlitreacha an Phápa níos mó. Is amhlaidh sin, mar go nochtann siad fírinní agus bréaga araon a bhfuil a dtuisme i ngaineamhlaigh an mheánoirthir 2,000 bliain ó shin; ach níos measa ná sin go scríobhtar iad i dteanga nár labhair aon duine riamh sna gaineamhlaigh sin, agus nár labhair aon daonnaí riamh le daonnaí eile lasmuigh de dhorchlaí dorcha pháláis phléisiúrtha na Vatacáine.

Is é sin le rá: b’fhéidir go bhfuil fírinní níos fírinní ná fírinne le fionnachtan i dtréadlitreacha an Phápa, ach ní féidir le féinní ná le feimineach ná le flaith aon bhrí a bhaint astu mar tá siad chomh leamh, chomh liosta, chomh lodarbhriathra sin. Faoi bhun Henry James féin, agus teanga na dlí, agus prós diaga Aodha Mhic Aingil, is beag scríbhneoireacht is liopaistí agus is tromspágaí agus is anam-mharfaí ná prós na bPápaí.

Daoine éirimiúla iad na Pápaí, gach duine fireann díobh, agus Siobhán leo. Ach cad a tharlaíonn dóibh? Cuirtear isteach san inneall iad, agus pé pearsantacht aonair a fhágtar acu, tá sin sniugtha astu nuair a ghlacann siad cleite ina láimh. Is cuma an prós a scríobhann siad agus filiméala coillte gharraí na n-ainmhithe, leite na hoíche aréir, púdar na taoibhe eile den ghealach, tráthnóna fliuch fada i mBuiríosa Léith, an chéad leath de chluiche iomána sóisir i gCo Liatroma, clár ama bus...

Is é seo an trua Mhuire, agus mhuise. Mar laistiar den leamhas tá gile is seoid. An té a mbeadh buama adamhach aige lena oscailt.