‘Stailc teanga’ beartaithe ag Feisire Eorpach, Liadh Ní Riada

Cúrsaí teanga in Éirinn agus thar lear faoi chaibidil


Tá an Feisire Eorpach do Pharlaimint na hEorpa, Liadh Ní Riada, le tabhairt faoi “stalic teanga” mar agóid in éadan stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Agus í ag caint i mBaile Átha Cliath inné, dúirt sí gur ghoill sí uirthi nárbh fhéidir léi “a teanga dhúchais a úsáid gach lá”.

Bhí “náire” uirthi go raibh maolú le stádas na teanga san aontas agus bhí rún aici “seasamh níos láidre a thógáil agus dul ar stailc teanga” le linn Sheachtain na Gaeilge sa Bhruiséil. Gaeilge amháin a labhródh sí sa pharlaimint agus d’iarr sí tacaíocht ar ghrúpaí Gaeilge agus ar lucht na Gaeilge dá hagóid.

Bhí Ní Riada ag caint le linn comhdhála ar chearta teanga in Éirinn agus san Eoraip a d’eagraigh Conradh na Gaeilge.

Mhol an conradh go gcuirfí deireadh le maolú ar stádas na Gaeilge. Bíodh is go raibh aitheantas ag an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an aontais ó Eanáir 2007, chuir an Rialtas maolú ar an stádas sin ar feadh cúig bliana go 2012 agus arís eile go 2017.

READ MORE

Dá bharr sin, deir siad, ní aistrítear ach roinnt bheag cáipéisí de chuid an aontais go Gaeilge agus níl an deis chéanna ag polaiteoirí Éireannacha an teanga a labhairt de bharr easpa ateangairí.

Dúirt Ní Riada gur chóir go mbeadh deireadh leis an mhaolú. Chreid sí go raibh tacaíocht le fáil ag an teanga i measc daoine san aontas féin ach gur “anseo a bhí an fhadhb”.

“Cúis aifeála” a bhí ann di mar ionadaí poiblí agus mar bhean de bhunadh na Gaeltachta nach raibh deis aici a “teanga féin” a úsáid agus í i mbun oibre. Chuir sé “déistin” uirthi í a bheith sa pharlaimint agus daoine á rá léi ag cruinniú go raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga ach amháin an Ghaeilge.

Chreid sí dá gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge go gcruthófaí 188 post “ar chostas na hEorpa ar fad, is é sin, cúpla eurocent in aghaidh an duine gach bliain. Chun na poist seo a chruthú níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadadh, atá i bhfeidhm le deich mbliana”.

Duirt an saineolaí teanga, an Dochtúir Pádraig Breandán Ó Laighin, gur ghá “an fáinne fí” a bhriseadh agus deireadh a chur leis an mhaolú. Bhí go leor daoine oilte anois ar fáil le seribhísí teanga a sholáthar sa pharlaimint.

Mar sin féin, chreid sé go raibh cinneadh déanta “i bprionsabal ag an Rialtas” nach gcuirfí deireadh leis an mhaolú ag deireadh 2016. D’iarrfadh an Rialtas maolú eile, a dúirt sé, agus “cead ag an Rialtas mé a shéanadh”.

“Seasamh docht dúnta” a thug sé ar mheon an Rialtais i leith na ceiste seo.

Dúirt Lucinda Creighton TD, gur “derogation, not a permanent opt-out” a bhí sa mhaolú. Bhí sí féin ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas “a clear road map” ar fáil. Bhí argóint shimplí ann go raibh ceart ag daoine an teanga a úsáid “at European level” agus gur cheart don Rialtas tacú leis sin.

Mar sin féin, dúirt sí go raibh ciorruithe buiséid san aontas ann; gur chóir sin a chur san áireamh, bíodh is nár leithscéal é sa chás seo.

Ag caint faoi leasuithe a bhí molta d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, má bhí leasú le déanamh gur chóir leasú a dhéanamh “chun Acht oiriúnach, feidhmeannach a thabhairt dúinn a chuireann le cearta teanga an tsaoránaigh”.

“Go macánta,” a dúirt sé, ní raibh an oiread sin le moladh faoi na ceannteidil a bhí foilsithe. Chuir sé fáilte roimh an cheart a bhain leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid agus an cur chuige a chinnteodh go dtabharfaí comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch: “Ach seachas iad sin agus mionathruithe teicniúla eile níl aon rud sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.”

Bhí uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, den tuairim go raibh trí dheis ann le lucht na teanga, thuaidh agus theas, a shásamh: Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus seirbhísí ón Stát a chur ar fáil don phobal ar an chaighdeán céanna i nGaeilge agus i mBéarla; acht Gaeilge “láidir” a achtú agus a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart agus deireadh a chur leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.

Ba é a mhian go ndéanfadh polaiteoirí beart de réir briathair.